Aire an Diaspóra ar son vóta a thabhairt d’imircigh i dtoghcháin uachtaránachta

Cinneadh faoi reifreann maidir le vótá a thabhairt d’Éireannaigh thar lear le déanamh an tseachtain seo

Jimmy Deenihan TD. Pictúir: Sasko Lazarov/Photocall Ireland.
Jimmy Deenihan TD. Pictúir: Sasko Lazarov/Photocall Ireland.

Tá sé tugtha le fios ag Aire an Diaspóra, Jimmy Deenihan, le Tuairisc.ie go bhfuil sé ar son vótá a thabhairt d’Éireannaigh thar lear i dtoghcháin uachtaránachta.

Dúirt an tAire Deenihan an tseachtain seo caite go ndéanfaí cinneadh Rialtais roimh an Déardaoin seo maidir le reifreann a ghairm faoi vóta i dtoghcháin anseo a thabhairt d’Éireannaigh thar lear.

Dúirt an tAire Deenihan gur cheart féachaint amach anseo ar vóta a thabhairt d’Éireannaigh thar lear i dtoghcháin don Seanad agus in olltoghcháin.

I mí Mheán Fómhair 2013, vótáil an Coinbhinsean ar an mBunreacht go tréan – 78% ina iomláine – ar son ceart vótála a thabhairt d’eisimircigh na hÉireann i dtoghcháin uachtaránachta.

“Rinne an Coinbhinsean moladh láidir mar gheall air agus tá sé á chíoradh ag an gComh-Aireacht. Táim ag moladh go gcuirfear chun reifrinn an bhliain seo chugainn é,” arsa an tAire Deenihan.

Tá an tAire den tuairim go bhféadfadh go mbeadh reifrinn eile ag teastáil sna blianta atá amach romhainn i ngeall ar vótaí a thabhairt do dhiaspóra na hÉireann sna toghcháin don Seanad i dtosach báire, agus sna holltoghcháin ina dhiaidh sin.

“Sílim gurbh iontach an ní é dá bhféadfaimis teacht ar mheicníocht a chuirfeadh ar chumas dhiaspóra na hÉireann vóta a chaitheamh [sna toghcháin don Seanad agus sna holltoghcháin].”

Ní hé sin an t-aon cheist amháin atá ag dó na geirbe ag na hÉireannaigh atá ag cur fúthu thar sáile, dar ndóigh.

Ar na ceisteanna eile a chaithfear aghaidh a thabhairt orthu, dar leis an Aire, tá easpa líonra gnó mar aon le heaspa lárionad eisimirceach.

Chaithfí aghaidh a thabhairt chomh maith, a dúirt sé, ar cheisteanna sláinte intinne agus ar cheisteanna a bhaineann le hárachas pearsanta.

Bhí gá leis a dúirt sé, teacht ar bhealach chun daoine a ullmhú i gceart don eisimirce agus na fadhbanna go léir a bhaineann leis an saol sin.

Dúirt an tAire le Tuairisc.ie go bhféadfaí an t-ábhar scoile OSSP (CSPE) atá ar an gclár scoile don Teastas Sóisearach a leathnú amach chun plé leis an eisimirce.

“Tá Éire chun tosaigh ar thíortha eile ó thaobh seirbhísí don diaspóra de Ó 2004 ar aghaidh chaith an cáiníocóir Éireannach €130 milliún ar sheirbhísí eisimirceach,” a dúirt sé.

Straitéis nua le haghaidh an diaspóra is ea an chloch is mó ar phaidrín an Aire Deenihan i láthair na huaire.

Tá an tAire ag obair ar an straitéis fós, ach thug sé le fios do Tuairisc.ie go bhfoilseofar i mí Eanáir í. Is é an phríomhaidhm atá léi ná feabhas a chur ar an gcumarsáid idir muintir na hÉireann sa bhaile agus an diaspóra sna ceithre hairde.

Fág freagra ar 'Aire an Diaspóra ar son vóta a thabhairt d’imircigh i dtoghcháin uachtaránachta'