Dhá aisling – Éirí amach 2016

Dhá aisling (1) A fheicfear (2) cá bhfios? Neosfaidh an aimsir....

17/11/2014. Anti Water Charges Campaigns

Seo a leanas cur síos ar athrú mór ar an saol polaitiúil a shílim a chuirfear i gcrích sa tír faoi cheann 16 mhí, ar a dhéanaí. Ina dhiaidh, tá samhail d’athrú ar ár ngnáthchur chuige polaitiúil nach ndéanfadh aon dochar, sílim, dá gcuirfí i bhfeidhm é ina dhiaidh sin.

(1) Éirí Amach 2016

Ní sna sráideanna ach ionaid vótála a bhain Éireannaigh díoltas amach tar éis mhórthubaistí 2008-2010. Ar ndóigh chuaigh Enda Kenny thar fóir nuair a thug sé ‘”réabhlóid dhaonlathach” ar thoradh an olltoghcháin i 2011.

Ach ba léir dúinn uilig ina dhiaidh toradh na feirge: gan ach 20 Teachta Dála fágtha ag Fianna Fáil in áit 78; gan suíochán Dála ar bith ag an gComhaontas Glas a raibh sé cinn; agus níos mó Teachtaí ná riamh ag Fine Gael (76) agus ag an Lucht Oibre (37).

D’imigh sin agus tháinig seo, mar a léirigh gach pobalbhreith le sé mhí.

I suirbhé Ipsos/MRBI san Irish Times ar 4 Nollaig, leiríodh roghanna na vótóirí (leis na roghana is coitianta chun tosaigh) mar seo. Neamhspleáigh/Eile: 32 faoin gcéad. Sinn Féin: 22. Fianna Fáil: 21. Fine Gael: 19. An Lucht Oibre: 6.

Cén toradh a bheadh ar olltoghchán dá vótálfaí de réir na roghanna sin? Seo a leanas tairngreacht an tíreolaí Adrian Kavanagh, fear a bhfuil sárthuiscint aige ar an bpolaitíocht agus ar fhigiúirí:

AN DÁIL NUA?

Neamhspleáigh/Eile… 52

Fianna Fáil…………….. 36

Sinn Féin……………….. 36

Fine Gael……………….. 32

Lucht Oibre……………… 0

(Foinse: https://adriankavanaghelections.org)

 

Má thagann Dáil dá leithéid le cheile tar éis an olltoghcháin, ní bheidh sé ar chumas dhá pháirtí ar bith rialtas a mbeidh móramh aige a chur ar bun.

Cuir rialtas a mbeadh trí pháirtí ann as an áireamh (1) toisc nach léir aon chúis go mbeadh Sinn Féin toilteanach dul i gcomhrialtas le Fine Gael agus Fianna Fáil in éineacht, agus (2) toisc nach mbeidh líon na dTeachtaí Dála ón Lucht Oibre sa Dáil nua, má bhíonn ionadaí ar bith acu, sách mór le móramh Dála a bhaint amach.

Is dóichí ná a mhalairt nach mbeidh ionadaíocht pháirtithe an chomhrialtais reatha baileach chomh lag agus a thugtar le fios san anailís seo. Mar sin féin, tá an taoide ag casadh agus muinín an phobail ag meath le tamall.

Tá athrú mór ar an léargas polaitiúil ag teannadh linn mar sin, nach léir a thoradh fós, taobh amuigh de dhá olltoghchán, b’fheidir, in aon bhliain amháin, mar a tharla cheana i 1927 agus i 1982.

Cén dochar? Is léir ó gach pobalbhreith nach bhfuil meas níos mó ag an móramh ar na páirtithe (FG, FF agus an Lucht Oibre) a bhí i mbun rialtais ó bunaíodh an stát. Ní gan dua ná éiginnteacht a thiocfar ar chomhthuiscint nua (a) chun rialtais seasta a bhunú, agus (c) chun déileáil leis an mbearna €6bn idir caiteachas agus ioncam an rialtais. Ach nuair a thiocfar, cad a déarfar? ‘Tá an tseanpholaitíocht in éag. Go maire an pholaitíocht nua!’

 

(2) Samhail stairiúil, 2018

Tar éis an olltoghcháin i 2016, cuireadh deireadh le hUisce Éireann. Bunaíodh coiste éigeandála Oireachtais chun teacht ar chomhréiteach faoi fheabhsú an chórais uisce, faoina riaradh agus faoina mhaoiniú.

Socraíodh nach n-úsáidfí na méadair uisce nua mura mbeadh seachtó faoin gcéad den Dáil i bhfabhar an chórais nua.

Foilsíodh moltaí an choiste i 2017. Bhain na príomhathruithe le Seirbhís Uisce na hÉireann, agus le faoiseamh breise do dhaoine bochta/breoite/aosta.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbeadh na méadair uisce á n-úsáid ó 2018 ar aghaidh. Cháin ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald na moltaí arís, ach dúirt sí nach reáchtálfaidís feachtas ina gcoinne, mar a gheall siad roimh ré.

 

Is laithreoir é Cathal Mac Coille ar Morning ireland ar RTE.

Fág freagra ar 'Dhá aisling – Éirí amach 2016'