11 bliain is an lá inniu a seoladh Tuairisc…

Dúirt Eagarthóir Tuairisc go raibh dóchas aige go n-aithneodh an tuarascáil faoi na meáin Ghaeilge atá á hullmhú ag Coimisiún na Meán faoi láthair an tábhacht a bhaineann le Tuairisc

11 bliain is an lá inniu a seoladh Tuairisc…

Cothrom an lae seo 11 bliain ó shin, ar an 9 Deireadh Fómhair 2014, a seoladh Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta ar líne do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.

Ó shin i leith thug 2.95 milliún úsáideoir 9.5 milliún cuairt ar an suíomh agus d’amharc na daoine sin ar 19.9 milliún leathanach.

Os cionn 30,000 mír, idir ailt, fhíseáin agus, le tamall anuas, podchraoltaí a foilsíodh ar an suíomh le 11 bliain. Foilsíodh ábhar le os cionn 400 údar éagsúil ar Tuairisc le linn na tréimhse.

Dúirt eagarthóir Tuairisc, Seán Tadhg Ó Gairbhí, go raibh an tseirbhís athraithe ó bhonn ó tháinig ann di.

“‘Focal, fís agus fuaim’ an mana a bhí againn in 2014 agus táimid i bhfad níos giorra de sin inniu. Chuireamar an ‘fuaim’ anuraidh leis an bhfocal scríofa agus na físeáin, nuair a chuireamar tús lenár gcuid podchraoltaí.

“Ach tuilleadh acmhainní a bheith againn chun tógáil ar an obair atá déanta le 11 bliain againn bheadh an t-ardán ilmheáin agus an tseirbhís dhigiteach nuachta atá tuillte ag pobal na Gaeilge go buan acu.”

Dúirt Ó Gairbhí go raibh dóchas aige go n-aithneodh an tuarascáil faoi na meáin Ghaeilge atá á hullmhú ag Coimisiún na Meán faoi láthair an tábhacht a bhaineann le Tuairisc.

“Bheinn ag súil go n-aithneofar caighdeán ár saothair ó 2014 i leith agus an gá le forbairt a dhéanamh ar ardán nuachta ilmheáin na Gaeilge agus le cosaint mar is ceart a thabhairt do sheirbhís neamhspleách nuachta phobal na Gaeilge.”

“Tá seirbhís nuachta níos rialta agus níos rathúla agus níos cuimsithí againn ná mar a taibhsíodh d’aon duine nuair a socraíodh an maoiniú don nuachtán ar líne 11 bliain ó shin ach táimid fós i dtaobh le níos lú ná 0.5% den mhaoiniú bliantúil a bhíonn ag craoltóirí na Gaeilge.

“Tá feabhas áirithe tagtha ar chúrsaí mar gheall ar an reachtaíocht i dtaobh na fógraíochta Gaeilge ach má tá Tuairisc chun leanúint air ag fás agus forbairt caithfear é a chur ar bhonn níos seasmhaí, go háirithe ó thaobh maoinithe de.”

Fág freagra ar '11 bliain is an lá inniu a seoladh Tuairisc…'

  • Pádhraic

    Go maire sibh bhur stádas nua déagóra.
    Súil agam nach mbeidh sibh tarraingt clampair.
    Pádhraic

  • Concubhar

    Molaim Tuairisc as na déaga a bhaint amach – is beag foilseachán nuachtán clóite Gaeilge a éiríonn leo bheith beo chomh fada. Tá caighdeán Tuairisc le moladh, gan amhras, agus tá tábhacht leis mar ardán. Tá tábhacht freisin le héagsúlacht sna meáin chlóite Gaeilge. Táimíd ag druidim isteach i ré nua, creidim, agus tá súil agam go dtiocfaimíd faoi bhlath arís. Má táimíd clóite (ar phaipéar nó ar líne), nílimíd cloíte!

  • Kevin Hickey

    Comhghairdeachas ó chroí libh – ag dul ó neart go neart atá sibh. Is iontach ann na podchraoltaí.

  • Pól Ó Braoin

    Bíonn na podchraoltaí thar cionn uilig. Níl a fhios ag meáin mhóra béarla na tíre seo go bhfuil muid ann anseo ar chor ar bith, ná níl a fhios acu nó is cuma leo faoi rud ar bith a scríobhtar anseo ach an oiread, ach mar sin féin tá muid ann mar phobal in Éirinn agus thar farraige. Go maire sibh na blianta