Tá sé fógartha gur ar Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana.
Aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge atá sa bhuaicghradam a bhronnfar ag searmanas bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais.
Tá Esslemont, atá ina cheannasaí ar an stáisiún lán-Ghaeilge ó 2016, ag plé leis na meáin Ghaeilge ó dheireadh na n-ochtóidí, tráth a raibh sé ar dhuine d’fhoireann bhunaidh na cuideachta léiriúcháin, Telegael, i nGaeltacht Chonamara. I 1995 a ceapadh é ar fhoireann ardbhainistíochta Theilifís na Gaeilge, an stáisiún a seoladh an bhliain dár gcionn.
“Is cinnte go bhfuil áit bhuan bainte amach ag Alan Esslemont in annála na craoltóireachta, ní hamháin anseo in Éirinn ach thar sáile freisin,” a dúirt Máirín Nic Donnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.
“Thug sé a ndúshlán siúd a chreid gur éileamh teoranta, cúng, a bhí ann d’ábhar craolta i nGaeilge, d’éirigh leis an meon forleathan sin a athrú, céim ar chéim chuig tuiscint úrnua ar an bpobal féachana, ar na slite ar fad ab fhóintí le freastal ar an bpobal sin, na hardáin dhigiteacha san áireamh. Rinne sé cúram fós féin d’fhorbairt na cumadóireachta, d’éascaigh sé próiseas na cruthaitheachta agus chothaigh sé glúin óg san earnáil. Tá an Buaic-Ghradam seo tuillte go maith aige.”
Ghabh Alan Esslemont buíochas le hOireachtas na Gaeilge as é a roghnú don ghradam.
“Is eagraíocht é an tOireachtas atá an-ghar do mo chroí agus creidim go bhfuil an fhís uaillmhianach chéanna ag an Oireachtas agus ag TG4 do phobal labhartha na Gaeilge,” a dúirt sé.
Albanach ó dhúchas é Esslemont, a chaith seal mar Cheannasaí Ábhar le BBC ALBA sular tháinig sé ar ais go hÉirinn le dul i mbun TG4.
Tá bunú na scéime scannán Cine4, comhfhiontar idir TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, agus seoladh an chainéil nua do pháistí, Cúla4, i measc na rudaí is mó atá bainte amach aige le linn a ré mar Ard-Stiúrthóir TG4.
Bronnfar an buaicghradam mar aon le ceithre ghradam déag eile ag searmanas bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo chugainn.
Colmcille Ó Monacháin
“Tá Esslemont, atá ina cheannasaí ar an stáisiún lán-Ghaeilge ó 2016,…”.
Léigh mé sin cupla uair ar eagla gur spreabhraidí a bhí ar mo shúile. Stáisiún lán-Ghaeilge! Á, cén stáisiún lán-Ghaeilge é sin anois? TG4? Ar ndóigh, ní stáisiún lán-Ghaeilge é TG4. Agus ní hé RTÉ é, go cinnte. Cad é seo?