984 cás nua fógartha, 31 duine básaithe de dheasca an víris le seachtain anuas

7,855 duine ar fad atá básaithe in Éirinn de dheasca an víris, 5,280 ó dheas agus 2,575 ó thuaidh

984 cás nua fógartha, 31 duine básaithe de dheasca an víris le seachtain anuas

Tá 984 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh freisin go bhfuil 31 duine eile básaithe de dheasca an Covid-19 le seachtain anuas. 5,280 duine ar fad atá básaithe leis an víreas sa stát ó thús na paindéime.

343 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, seisear níos lú ná inné, agus bhí 70 acusan in aonad dianchúraim, ardú ó 65 inné.

7,855 duine ar fad atá básaithe in Éirinn de dheasca an víris. 2,575 atá básaithe ó thuaidh den teorainn agus é fógartha ag an Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an víreas tolgtha acu imithe ar shlí na fírinne.

1,339 cás nua a deimhníodh ansin tráthnóna.

362 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, ardú ó 346 inné, agus tá 31 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná Dé Máirt.

Fág freagra ar '984 cás nua fógartha, 31 duine básaithe de dheasca an víris le seachtain anuas'