95 cás den choróinvíreas fógartha agus cásanna nua i sé cinn de na seacht gcontae Gaeltachta

D’fhógair an Roinn Sláinte inniu go bhfuil sé chás nua den choróinvíreas deimhnithe i gcontae na Mí agus ar a laghad cás nua amháin i nDún na nGall, i gCiarraí, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i Maigh Eo

95 cás den choróinvíreas fógartha agus cásanna nua i sé cinn de na seacht gcontae Gaeltachta

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá 95 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca Covid-19 le fógairt inniu.

Bhain 51 cás nua le Baile Átha Cliath, sé chás a bhí i gCill Dara agus sé chás eile a bhí i gcontae na Mí.

Bhain an 32 cás eile le 16 contae eile, Corcaigh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo agus Port Láirge ina measc.

Fágann sé sin gurb é Gaillimh an t-aon chontae Gaeltachta nach raibh cás nua den Covid-19 le fógairt ann inniu.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 47% de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu. Bhain 16 cás nua inniu le scaipeadh sa phobal.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, Dr Ronan Glynn, gurb  iad na beartais bhunúsacha chéanna is tábhachtaí i gcónaí chun an COVID-19 a choimeád faoi chois – beartais amhail an níochán lámh agus an scoitheadh sóisialta.

“Bíonn an víreas seo ag brath ar theagmháil a bheith ag daoine lena chéile. Níl aon athrú tagtha ar an víreas ná níl aon athrú tagtha ar na beartais bhunúsacha a thugann cosaint dúinn go léir,” arsa an Dr Glynn.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh inniu bás amháin eile de dheasca Covid-19 agus dheimhnigh go rabhthas tagtha ar 77 cás eile le lá anuas.

2,340 duine a fuair bás de dheasca an ghalair in Éirinn ó thosach na paindéime, 1,777 duine ó dheas den teorainn agus 563 duine ó thuaidh di.

36,648 cás den ghalar atá deimhnithe ag na húdaráis sláinte, 29,206 cás ó dheas agus 7,442 ó thuaidh.

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios níos luaithe inniu go mbíonn suas le 1,000 duine sa lá nach ndéanann freastal ar thástáil Covid-19 a bhíonn in áirithe dóibh. Agus é ag caint ag preasócáid, dúirt an Príomhfheidhmeannach Paul Reid go gcliseann ar thart ar 25% de na daoine a mbíonn tástáil socraithe dóibh teacht i láthair.

Ní thagann duine as cúigear de ghartheagmhálaithe na ndaoine a tholg an Covid-19 chuig an gcéad tástáil a shocraítear dóibh agus ní thagann ach a leath chuig an dara tástáil, seacht lá ina dhiaidh sin.

Dúirt an tUasal Reid go ndearnadh thart ar 12,000 tástáil sa lá an tseachtain seo caite agus gur 2.2 lá ar an meán a thógann sé an toradh a fháil.

Mhol sé do dhaoine cur isteach ar na poist nua a bheidh á bhfógairt ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sna seachtainí beaga seo romhainn. Beidh folúntais ann do dhaoine chun samplaí a bhailiú agus a thástáil agus chun gartheagmhálaithe a chuardach ionas go mbeidh foireann chliniciúil an HSE ábalta filleadh ar a gcuid oibre féin.

Sheol an Rialtas scéim nua inniu le daoine a mhealladh le hairgead a chaitheamh in earnáil an fháilteachais sna míonna seo chugainn.

Cuireadh as go mór do thithe ósta, óstáin agus bialanna i rith shéasúr an tsamhraidh de bharr na paindéime agus tá an rialtas ag súil go gcuirfidh an scéim seo borradh beag faoina ngnóthaí i rith an gheimhridh.

Beidh an scéim seo á reáchtáil as seo go hearrach. Faoin scéim is féidir le cáiníocóirí creidmheas cánach a fháil ar aon chaiteachas a dhéantar i mbialanna, tithe tábhairne, óstáin, tithe leaba agus bricfeasta agus gnóthaí eile dá leithéid. Creidmheas cánach €125 an uasmhéid is féidir le duine a fháil ach €625 a chaitheamh ar bhia agus lóistín idir seo agus an t-earrach.

Ní bheidh aon chreidmheas cánach le fáil ar aon chaiteachas ar alcól.

Fág freagra ar '95 cás den choróinvíreas fógartha agus cásanna nua i sé cinn de na seacht gcontae Gaeltachta'