94 duine eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe, 1,013 cás nua deimhnithe

Tá sé ráite ag an HSE gurbh fhearr vacsaín Pfizer-BioNTech agus Moderna a thabhairt do dhaoine atá os cionn 70 seachas vacsaín AstraZeneca

94 duine eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe, 1,013 cás nua deimhnithe

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 94 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, rud a fhágann go bhfuil breis is 3,500 a raibh Covid-19 orthu básaithe sa stát ó thús na paindéime. 

Bhain 47 de na básanna a fógraíodh inniu le mí Feabhra agus bhain 44 acu le mí Eanáir.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte 1,013 cás nua den choróinvíreas chomh maith inniu. 1,334 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna agus bhí 203 acusan in aonad dianchúraim. 

Bhain 96 de chásanna nua an Covid-19 le Gaillimh agus bhain 65 acu le Corcaigh. Bhí 46 cás i gcontae na Mí, 44 cás a bhí i bPort Láirge agus 27 cás a bhí i nDún na nGall. 20 cás a bhí i Maigh Eo agus 18 cás a bhí i gCiarraí.

Bhain 337 den 1,013 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 424 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát

I gCiarraí atá an dara ráta coicíse is ísle den ghalar sa stát – 188 in aghaidh gach 100,000 duine. I bPort Láirge atá an tríú ráta is airde sa Stát – 642.

Ráta 457 a bhí i Maigh Eo, 436 a bhí i gcontae na Mí agus 396 a bhí i nDún na nGall. Ráta 390 a bhí i nGaillimh agus 339 a bhí i gCorcaigh

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt, 504 cás nua a deimhníodh inniu. Fógraíodh go bhfuil 11 duine eile básaithe sa Tuaisceart de dheasca an ghalair.

Tá 701 othar in ospidéil an Tuaiscirt a bhfuil Covid-19 orthu agus tá 65 acusan in aonad dianchúraim.

304,685 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 199,430 cás ó dheas den teorainn agus 105,255 cás ó thuaidh di.

5,401 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,512 duine ó dheas den teorainn agus 1,889 duine ó thuaidh di.

Tá sé ráite ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gurbh fhearr vacsaín Pfizer-BioNTech agus Moderna a thabhairt do dhaoine atá os cionn 70 seachas vacsaín AstraZeneca.

Táthar ag súil go dtiocfaidh 400,000 dáileog de vacsaín AstraZeneca chun na tíre seo i gceann cúpla seachtaine agus rún ag dochtúirí teaghlaigh tosú á dtabhairt dá gcuid othar atá amach sna blianta ó lár na míosa seo. 

Na daoine atá os cionn 85 bliain a bhí ar bharr an liosta agus na daoine óga a gheobhaidh vacsaín AstraZeneca anois.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr Colm Henry le Nuacht RTÉ inniu gurb iad vacsaíní Pfizer-BioNTech agus Moderna is éifeachtaí do dhaoine aosta.

Dúirt Colm Henry go raibh an-ghlacadh go deo leis an vacsaín ag gach dream ar tairgeadh dóibh í. 

As 580 ionad altranais, níl an vacsaíniú críochnaithe fós i 117 díobh mar go bhfuil idir 10-40% den fhoireann nó na cónaitheoirí nach bhfuair an tsnáthaid toisc iad a bheith tinn le Covid-19, ag téarnamh ón víreas nó nach raibh siad ag obair an tráth sin.

Ceithre ionad altranais nar fhéad an fhoireann vacsaínithe dul isteach iontu ar chomhailre lucht leighis mar go raibh ráig dhona iontu ag an am. 

Ní mór fanacht ceithre seachtaine tar éis ráig den víreas leis an tsnáthaid a fháil agus táthar tosaithe anois ag tabhairt an vacsaín do dhaoine aosta a bhíonn ag úsáid ionaid chúraim eile nach ionaid chónaithe iad.

Fág freagra ar '94 duine eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe, 1,013 cás nua deimhnithe'

  • Antóin

    “Bhain 47 de na básanna a fógraíodh inniu le mí Feabhra agus bhain 44 acu le mí Eanáir”.
    An eol dúinn cé mhéad duine acu sin a fuair an tsnáthaid?