93 cás nua den choróinvíreas fógartha agus líon na gcásanna fós ag ardú i gcónaí

Tá an ráta cásanna in aghaidh gach 100,000 duine in Éirinn, thuaidh agus theas, i bhfad níos airde ná an ráta i roinnt tíortha eile san Eoraip

93 cás nua den choróinvíreas fógartha agus líon na gcásanna fós ag ardú i gcónaí

Tá 93 cás nua eile den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte.

Níor fógraíodh aon bhás eile de dheasca an ghalair tráthnóna.

Bhain 34 den 93 cás nua le Baile Átha Cliath, bhain seacht gcinn acu le Cill Dara, sé cinn a deimhníodh i dTiobraid Árann, sé cinn a bhí i Laois, cúig cinn a bhí i Luimneach agus bhí cúig cinn eile i Loch Garman.

Bhain an 30 cás eile le 11 contae éagsúla, Corcaigh agus contae na Mí ina measc.

Idir 1 agus 1.2 atá ráta scaipthe an ghalair, nó an ráta ‘R’.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 73 de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu. Bhain 12 de na cásanna inniu le scaipeadh sa phobal.

Bhí 70% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Bás amháin agus 69 cás nua a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu.

Bhí nach mór 37 cás den choróinvíreas in aghaidh gach 100,000 duine i dTuaisceart Éireann le coicís anuas, níos mó ná aon áit eile sa Ríocht Aontaithe.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis gníomhach, go raibh 32  cás den choróinvíreas in aghaidh gach 100,000 duine ó dheas den teorainn le coicís anuas.

Bhí 1,525 cás nua ar fad ó dheas le coicís anuas agus bhí 37% díobh i mBaile Átha Cliath, 21% i gCill Dara agus 9% i dTiobraid Árann.

“”Tá líon na gcásanna Covid-19 in Éirinn ag ardú go mall i gcónaí,” a dúirt an Dr. Glynn tráthnóna.

“An bealach is éifeachtaí againn le ráta scaipthe an víris a laghdú bheith i ngartheagmháil le níos lú daoine. Má dhéanaimid ar fad é sin agus cloí leis na treoracha sláinte eile – an scaradh sóisialta, sluaite a sheachaint, ár lámha a níochán go maith agus go minic, casacht agus sraothartach a dhéanamh mar is ceart, masc a chaitheamh nuair is cuí agus aip COVID Tracker a íoslódáil – tá seans maith againn scaipeadh an víris a cheansú mar is mian linn.”

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go raibh laghdú tagtha ar ráta scaipthe an ghalair, nó an uimhir ‘R’.

“Tá an uimhir ‘R’ anois idir 1 agus 1.2. Cé gur feabhas é seo ar an ráta a bhí againn le tamall, níl sé chomh maith agus ba mhaith linn é a bheith. Tá méadú ar scaipeadh an ghalair fós á thabhairt faoi ndeara againn agus caithfimid an uimhir R a thabhairt faoi bhun 1 arís má fúinn moill a chur le scaipeadh an ghalair agus a scaipeadh a chur faoi chois,” arsa an tOllamh Nolan.

 

Dr. John Cuddihy. Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

Dúirt an Dr. John Cuddihy, Stiúrthóir Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh sé tábhachtach nach mbailíonn daoine i gceann a chéile má tá siad chun ráigeanna a sheachaint.

“Tá ráigeanna aimsithe againn in áiteanna éagsúla – tithe príobháideacha, ionaid oibre agus ionaid shóisialta. Scaipeann an galar seo ó dhuine go duine go rábach in áiteanna ina mbailíonn plód daoine le chéile. Caithfimid ar fad plóid a sheachaint más linn slabhra scaipthe an víris a bhriseadh.”

Tá an ráta cásanna in aghaidh gach 100,000 duine in Éirinn, thuaidh agus theas, i bhfad níos airde ná an ráta i roinnt tíortha eile san Eoraip.

Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú gur 22.6 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí sa Ríocht Aontaithe sa tréimhse chéanna,17.9 san Iodáil, 20.7 sa nGearmáin.

An Spáinn is measa atá buailte, 191.9 in aghaidh gach 100,000 duine an ráta a bhí sa tír sin agus sa bhFrainc bhí an ráta ag 70.0.

2,337 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,777 duine ó dheas den teorainn agus 560 ó thuaidh di.

35,417 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 28,453 cás ó dheas agus 6,964 cás ó thuaidh.

De réir torthaí suirbhé ón bPríomhoifig Staidrimh a eisíodh inniu, fiú dá mbeadh vacsaín in aghaidh an choróinvíris ann, ní thabharfadh ach beirt as gach triúr tuismitheoirí an vacsaín sin dá bpáistí.

Dúirt 66.2% de na daoine a d’fhreagair an suirbhé go raibh “an-seans nó roinnt seans” ann go dtabharfaidís an vacsaín dá bpáistí atá in aois scoile.

An tionchar sóisialta a bheadh ag athoscailt na scoileanna ábhar an tsuirbhé agus dúirt 6.5% de na tuismitheoirí nach mbeadh a bpáistí ag freastal ar scoil de bharr imní a bheith orthu féin faoi Covid-19.

Tuismitheoirí a mbeidh a gclann ag déanamh na hArdteiste in 2021, dúirt beirt as gach triúr díobh go raibh “tionchar mór nó measartha” ag dúnadh na scoileanna ar na daltaí agus dúirt 41.3% de thuismitheoirí daltaí dara leibhéal gur dhá uair an chloig nó níos lú a chaith a gclann ar obair scoile ó dúnadh na scoileanna.

Ó thaobh an chórais iompair scoile de, dúirt  7.0% díobh go raibh socruithe eile déanta acu féin leis na paistí a thabhairt ar scoil de bharr imní faoi Covid-19.   

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte inniu nach raibh aon amhras air ach go mbeadh ráigeanna agus cásanna breise i scoileanna ar fud na tíre ach go raibh foirne sláinte phoiblí breá ábalta déileáil leo.

Agus í ag caint ag preasócáid an HSE inniu, dúirt an Dr Abigail Collins go raibh súil aici nach mbeadh ar scoileanna dúnadh sa gcás go mbeadh ráig den víreas iontu ach dúirt sí go ndéileálfaí le gach cás de réir mar a tharlódh sé.

Fág freagra ar '93 cás nua den choróinvíreas fógartha agus líon na gcásanna fós ag ardú i gcónaí'