921 cás eile den choróinvíreas fógartha, an ráta scaipthe is ísle sa stát i gCiarraí

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 23 duine eile a raibh an galar orthu básaithe

921 cás eile den choróinvíreas fógartha, an ráta scaipthe is ísle sa stát i gCiarraí

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 23 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. I mí Feabhra a bhásaigh 21 de na daoine sin agus bhásaigh beirt eile an mhí seo caite.

Deimhníodh 921 cás nua den ghalar.

959 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 173 acusan in aonad dianchúraim.

Dé Máirt seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 158,904 duine agus an dara dáileog faighte ag 89,380 duine.

87 de chásanna nua an lae inniu a bhain leis Corcaigh, 47 cás a bhí i gcontae na Mí agus 32 cás a bhí i nGaillimh.

15 cás a bhain le Port Láirge, deich gcás a bhí i Maigh Eo, naoi gcás a bhí i nDún na nGall agus deimhníodh níos lú ná cúig chás nua i gCiarraí.

Is i gCiarraí atá an ráta coicíse den ghalar is ísle sa tír faoi láthair – 129 cás in aghaidh gach 100,000 duine an ráta sa chontae.

Tá an ráta coicíse i bPort Láirge (388), contae na Mí (314) agus Gaillimh (304) níos airde ná an meánráta coicíse sa stát – 293.

Tá ráta níos ísle ná sin i gCiarraí, i Maigh Eo (287), i nDún na nGall (233), i gCorcaigh (204).

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt 407 cás nua a deimhníodh inniu. Fógraíodh go bhfuil naonúr eile a raibh an galar orthu básaithe sa Tuaisceart. Tá 488 othar a bhfuil Covid-19 orthu in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 58 acusan in aonad dianchúraim.

316,154 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 207,720 cás ó dheas den teorainn agus 108,434 cás ó thuaidh di.

5,840 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,865 duine ó dheas den teorainn agus 1,975 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar '921 cás eile den choróinvíreas fógartha, an ráta scaipthe is ísle sa stát i gCiarraí'