92 cás nua fógartha ó dheas agus an Tuaisceart ag ‘rith ar an tanaí’

Deir an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, tráthnóna, go bhfuil líon na gcásanna laethúla fós ard ach gurb amhlaidh go bhfuil ‘cúrsaí ag éirí níos seasmhaí’ le seachtain anuas

92 cás nua fógartha ó dheas agus an Tuaisceart ag ‘rith ar an tanaí’

92 cás nua den Covid-19 atá deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Ní raibh aon bhás eile de dheasca an ghalair le fógairt acu.

Bhain 31 den 92 cás nua le Tiobraid Árann, bhain 17 acu le Baile Átha Cliath, seacht gcinn a bhí i gcontae an Chláir, seacht gcinn a bhí i Loch Garman agus cúig cinn a bhain le Cill Dara. Bhain an chuid eile de na cásanna le 13 contae éagsúla, an Ghaillimh, Dún na nGall, Ciarraí agus Corcaigh ina measc.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 46 de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Bhain 11 de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 69% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, tráthnóna, go raibh líon na gcásanna laethúla fós ard ach gurb amhlaidh go raibh “cúrsaí ag éirí níos seasmhaí” le seachtain anuas.

Mar sin féin, fuarthas cásanna den ghalar i 25 den 26 contae le coicís anuas, a dúirt sé. Bhain 473 de na cásanna a deimhníodh le coicís le Baile Átha Cliath agus bhain 332 acu le Cill Dara. 120 cás a bhí i dTiobraid Árann agus bhí 84 cás i Luimneach. 37 cás a bhí i gcontae an Chláir agus 36 cás a bhí sa Mhí agus i gCill Chainnigh araon.

An tseachtain seo chugainn a fheicfear toradh na srianta a tugadh isteach an tseachtain seo caite,” a dúirt an Dr Glynn.

Idir an dá linn bunscoileanna agus iarbhunscoileanna ag oscailt de réir a chéile as seo go ceann seachtaine ach tá imní fós ar roinnt múinteoirí agus tuismitheoirí.

Dúirt Aontas Múinteoirí Éireann gur chóir do scoileanna fanacht dúnta tamall eile murar féidir leo a chinntiú go mbeidh an scaradh sóisialta indéanta sa scoil.

Ní bheidh an scaradh sóisialta i bhfeidhm i mbunscoileanna agus táthar ag iarraidh ar dhaltaí iarbhunscoile fanacht méadar amháin óna chéile.

Tá ráite ag an TUI go gcaithfear an treoirlíne sin a chur i bhfeidhm i ngach iarbhunscoil sa tír agus nach bhfuil aon rogha ag aon scoil nach féidir leo sin a dhéanamh ach an dáta oscailte a chur ar athlá.

Tá imní léirithe chomh maith ag trí cheardchumann eile, Cumann Múinteoirí Éireann,  Cumann na Meánmhúinteoirí, agus Fórsa, a throideann ar son cúntóirí riachtanais speisialta agus rúnaithe scoile, faoin soláthar atá déanta d’aon bhall dá gcuid a bhfuil sainfhadhbanna sláinte acu féin. 

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 47 cás nua inniu agus dúirt an tAire Sláinte Robin Swann go rabhthas ag ‘rith ar an tanaí’ ó thuaidh agus méadú mór tagtha ar líon na gcásanna le cúpla seachtain anuas.

2,336 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,777 duine ó dheas den teorainn agus 559 ó thuaidh di.

35,024 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 28,201 cás ó dheas agus 6,823 cás ó thuaidh.

Fág freagra ar '92 cás nua fógartha ó dheas agus an Tuaisceart ag ‘rith ar an tanaí’'