92 cás fógartha agus cásanna nua deimhnithe i 16 contae ar fud na tíre

Ní bhfuair aon duine bás de bharr Covid-19 ó thuaidh ná ó dheas inniu

92 cás fógartha agus cásanna nua deimhnithe i 16 contae ar fud na tíre

Tá 92 cás nua den ghalar Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Bhain 24 cás le Baile Átha Cliath, bhain 24 le Cill Dara agus bhí ocht gcinn acu i Luimneach. Bhí sé chás i gCeatharlach agus i gCill Chainnigh agus cúig chás nua a bhí sa Mhí agus i gcontae an Chláir.

Bhain an chuid eile de na cásanna le Corcaigh, Dún na nGall, Ciarraí, Laois, contae Lú, Muineachán, Uíbh Fhailí, Port Láirge agus Cill Mhantáin.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte, go gcaithfí cloí leis na srianta ar fud na tíre ar fad agus cásanna nua aimsithe i roinnt mhaith contaetha inniu.

Mar a bhíomar a cheapadh tá figiúirí na seachtaine seo ag ardú agus ag ísliú. Tá súil ghéar á coinneáil ag NPHET ar na treochtaí, na patrúin agus aon athruithe ar na sonraí. Ní figiúirí amháin a bhíonn i gceist againn ach na háiteanna ina bhfuil na cásanna, na haoisghrúpaí agus foinsí scaipthe an víris.

“Táimid ag iarraidh ar mhuintir Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí a bheith foighdeach agus cloí leis na srianta a thugamar isteach an tseachtain seo caite. Mar is léir ó fhigiúirí an lae inniu, tá cásanna ag tarlú i gcontaetha eile ar fud na tíre chomh maith. Is sa tír uilig atáimid ag iarraidh an víreas seo a cheansú i bpáirt le chéile,” a dúirt sé.

Deimhníodh gur bhain 43 den 92 cás a fógraíodh inniu le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu. Bhain 12 cás eile le scaipeadh sa phobal. Daoine faoi bhun 45 a bhí i gceist le 72% den 92 cás nua.

Ocht gcás nua atá fógartha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna. Ní bhfuair aon duine bás de bharr Covid-19 ó thuaidh don tríú lá as a chéile

2,331 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,774 duine ó dheas den teorainn agus 557 ó thuaidh di.

33,154 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,929 cás ó dheas agus 6,225 cás ó thuaidh.

“Scéal fada ar an anró” a thug na Ceardchumainn ar chúrsaí sna monarchana feola inniu agus iad ag éileamh go ndéanfadh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta tuilleadh cigireachtaí gan choinne ar na monarchana.

Dúirt Greg Ennis, Bainisteoir Rannóg na Déantúsaíochta le SIPTU, ag an gCoiste Oireachtais inniu nár chuir na fostóirí na moltaí a rinne an ceardchumann sa mBealtaine i bhfeidhm.

Dúirt Greg Ennis nach ndearna an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta aon chigireachtaí ar na monarchana feola go dtí deireadh na Bealtaine agus gur fánach an líon cigireachtaí gan choinne a rinneadh ó shin.

Dúirt Sharon McGuinness, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta, a bhí ag an gcruinniú coiste céanna, gur cigireachtaí gan choinne a bhí i naoi gcinn den 39 cigireacht a rinneadh ar mhonarchana feola ó mhí an Mhárta.

Dúirt Greg Ennis nach mbeadh aon duine sásta na cleachtais a bhí ar siúl sna monarchana a cháineadh mar go mbeadh imní orthu nach go maith a ghabhfadh sé dóibh.

“Ní fhaca mé riamh aon tionscal a raibh oiread doichill ar oibrithe teacht amach agus labhairt leis na meáin nó le hoifigigh cheardchumainn faoi aon údar buairimh atá acu agus tá sé sin scannalach,” a dúirt sé.

Bhí an dianghlasáil i monarchana próiseála feola i dtrí chontae lár tíre á plé ag an gcruinniú de Choiste Speisialta an Covid-19.

Bunaithe ar thaighde a rinne an Imperial College i Londain, maítear go bhféadfadh gur tholg suas le 3.4 milliún duine sa Ríocht Aontaithe an Covid-19 go dtí seo.

Sa taighde sin, tugadh fearas tástála baile do 10,000 duine i Sasana lena fháil amach an raibh antasubstaintí don víreas acu. Tuigtear go raibh an chuma ar na torthaí go raibh 6% de dhaonra na Ríochta Aontaithe a raibh an galar tolgtha acu roimh lár mhí Iúil.

Sa Ríocht Aontaithe ar fad, ní raibh ach 315,546 cás den víreas deimhnithe ar maidin inniu agus níl ansin ach an deichiú cuid den 3.4 milliún a bhí á mhaíomh sa taighde, agus gan ach Sasana amháin i gceist ann.

Léiríodh sa taighde gur mó seans a bhí ann go dtolgfadh na daoine a bhí ina gcónaí i Londain agus oibrithe cúram sláinte an víreas.

Cuireann na húdair fainic ar dhaoine nach ionann antasubstaint a bheith san fhuil ag duine agus barántas nach bhfaigheadh duine an víreas an athuair.

Tá an taifead oifigiúil faoin líon daoine a bhásaigh de bharr Covid-19 i Sasana leasaithe agus 5000 bainte den liosta sin. Go dtí seo chuirtí gach duine ar deimhníodh go raibh an víreas tolgtha aige ar an liosta ach measadh nach raibh sin cruinn agus d’ordaigh an Rúnaí Sláinte athbhreithniú ar na figiúirí.

Uaidh seo amach, ní chuirfear Covid-19 síos mar shiocair bháis ach sa gcás gur le 28 lá roimh a bhás a fuair an duine sin an tástáil dheimhneach. Ní bheidh aon athrú ar an scéal i dTuaisceart Éireann ná in Albain mar sin an cleachtas a bhí acusan ó thús.

Fág freagra ar '92 cás fógartha agus cásanna nua deimhnithe i 16 contae ar fud na tíre'