Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 47 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. Mí Feabhra a bhásaigh 44 de na daoine a raibh Covid-19 orthu agus ar fógraíodh a mbás inniu, mí Eanáir a bhásaigh beirt agus bhain bás amháin le mí na Nollag.
901 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.
771 othar Covid-19 atá sna hospidéil faoi láthair agus tá 151 acusan in aonad dianchúraim.
Dé Domhnaigh seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 182,193 duine agus an dara dáileog faighte ag 98,388 duine.
43 de chásanna an lae inniu a bhain le Gaillimh, bhí 32 cás i gcontae na Mí agus 31 cás a bhí i gCorcaigh. 29 cás a bhí i nDún na nGall, 27 cás a bhí i Maigh Eo agus 19 cás a bhí i bPort Láirge. Níos lú ná cúig chás a bhain le Ciarraí.
Meánráta coicíse 253 cás in aghaidh gach 100,000 atá i gceist sa stát faoi láthair.
Tá an ceathrú ráta is airde sa stát fós i nGaillimh cé go bhfuil sé anois tite go dtí 309. Tá an ráta is ísle sa stát i gCiarraí, 71. Ráta 280 atá i gcontae na Mí, 275 atá i bPort Láirge, 259 atá i Maigh Eo, 177 atá i nDún na nGall agus ráta 131 atá i gCorcaigh.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil seisear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe.
Deimhníodh 342 cás nua den ghalar ansin tráthnóna. 418 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh inniu agus bhí 51 díobhsan in aonaid dianchúraim.
Tá 457,581 dáileog den vacsaín tugtha go dtí seo i dTuaisceart Éireann. Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 427,569 duine agus na dara ceann faighte ag 30,012.
Tá sé deimhnithe ag Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Arlene Foster go bhfuil síneadh curtha leis an dianghlasáil ansin go dtí an chéad lá d’Aibreán.
Dúirt Foster go raibh cur chuige “siosmaideach agus pragmatach” ag an bhFeidhmeannas. “Déanfar na srianta a athbhreithniú go rialta,” a dúirt sí.
Dheimhnigh sí go mbeadh roinnt daltaí bunscoile agus iarbhunscoile ag filleadh ar an scoil céim ar chéim agus gur mhaith léi féin go bhfillfeadh na daltaí ar fad ar scoil chomh luath agus a bheadh sin sábháilte ach nach bhféadfaidís sin a dhéanamh ach amháin “ar chomhairle lucht leighis”.
Ón 8 Márta scaoilfear de bheagán na srianta ar chruinniú daoine amuigh faoin aer agus beidh cead ag deichniúr as dhá líon tí cruinniú le chéile taobh amuigh. Dúirt an Chéad-Aire go bhfoilseodh an Feidhmeannas an “plean beartas” maidir le scaoileadh na dianghlasála an chéad lá Márta.
Léirigh an tAire Airgeadais a imní toisc gur Déardaoin Beannaithe na Seachtaine Móire an dáta a scaoilfear an dianghlasáil agus go spreagfadh sin daoine le pleananna a dhéanamh i gcomhair saoire na Cásca. D’iarr Murphy orthu gan sin a dhéanamh.
“An chomhairle atá againn gan aon rud a chur in áirithe do shaoire na Cásca agus gan a cheapadh go mbeidh gach rud ag athoscailt an chéad lá d’Aibreán,” a dúirt sé.
6,103 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,021 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,082 duine ó dheas di.
322,774 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 212,647 cás ó dheas den teorainn agus 110,127 cás ó thuaidh di.
Líon na Marbh | |
---|---|
Ó Dheas | 4,082 |
Ó Thuaidh | 2,021 |
Iomlán | 6,103 |
Líon na gCásanna | |
Ó Dheas | 212,647 |
Ó Thuaidh | 110,127 |
Iomlán | 322,774 |
Fág freagra ar '901 cás nua den choróinvíreas ó dheas, síneadh curtha leis an dianghlasáil ó thuaidh'