£90,000 ar fáil do scannán faisnéise Gaeilge faoin scéim ‘Amharc’

Saothar amháin a bheidh á mhaoiniú faoin scéim de chuid TG4, BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann a seoladh i mBéal Feirste inniu

£90,000 ar fáil do scannán faisnéise Gaeilge faoin scéim ‘Amharc’

Tá an scéim ‘Amharc’ faoi lán seoil arís agus £90,000 á thairiscint chun scannán faisnéise a dhéanamh faoi ghné éigin de shaol na n-ealaíon ó thuaidh.

Seoladh an babhta is déanaí den scéim de chuid TG4, BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann ag Féile Meán Bhéal Feirste inniu.

Saothar amháin a bheidh á mhaoiniú faoin scéim agus féadfar scannán a dhéanamh faoi aon réimse de shaol na n-ealaíon i dTuaisceart Éireann

Deirtear go dtabharfar tús áite do shaothar comhaimseartha ach go gcuirfear san áireamh chomh maith saothair staire a bhfuil tábhacht chomhaimseartha leo. Ba é Hammond: Duais an Dorais, an scannánbeathaisnéise faoi shaol agus faoi shaothar an cheoltóra Davy Hammond, a fuair maoiniú faoin scéim anuraidh. 

£90,000 atá sa phota maoinithe ach d’fhéadfadh go roghnófaí togra a bhfuil costas níos mó ag baint leis ach plean a bheith ann maidir le cur isteach ar fhoinsí eile airgid. 

Táthar ag súil go mbeidh deis ann ann an saothar a roghnófar a léiriú i bpictiúrlanna sula gcraolfar é ar TG4 agus ar BBC NI go luath in 2020.

 Is é an 25 Eanáir an spriocdháta le hiarratais a chur isteach ar an scéim.

Fág freagra ar '£90,000 ar fáil do scannán faisnéise Gaeilge faoin scéim ‘Amharc’'