90% d’aighneachtaí ar son Acht Gaeilge ó thuaidh

Léiríodh tacaíocht d’Acht Gaeilge i 90% de na haighneachtaí a cuireadh faoi bhráid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, dar leis an Aire Carál Ní Chuilín (SF)

Carál_Ní_Chuilín_cropped

Léiríodh tacaíocht d’Acht Gaeilge i 90% de na haighneachtaí a cuireadh faoi bhráid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le linn an phróisis comhairliúcháin faoin Acht a reáchtáladh níos luaithe i mbliana, dar leis an Aire Carál Ní Chuilín (SF).

Dheimhnigh an tAire Ní Chuilín gur cuireadh 12,000 aighneacht faoi bhráid a Roinne ó seoladh an próiseas i mí Feabhra agus gur casadh “na céadta duine” uirthi agus í ag freastal ar sheisiúin phoiblí faoin mBille Gaeilge.

“Chuala mé tuairimí daoine aonair agus tuairimí eagraíochtaí. Chuala mé ó fhoghlaimeoirí ócáideacha agus ó dhaoine ar Gaeilgeoirí go smior iad. Ó cheantair uirbeacha agus tuaithe. Mar a bheifí ag dúil leis, bhí réimse de dhearcaí ann,” a dúirt an tAire Ní Chuilín.

Reáchtáladh próiseas comhairliúcháin faoi Bhille Gaeilge sa bhliain 2007 freisin agus d’fhreagair 11,000 duine agus eagraíocht. Thacaigh 65% de na haighneachtaí leis an mBille an t-am sin.

Thug an tAire le fios gur chuir idir fhoghlaimeoirí agus “Ghaeilgeoirí go smior de gach aois agus cúlra” ó phobail uirbeacha agus tuaithe freagraí faoi bhráid a Roinne an geábh seo. Ghabh sí a buíochas, i ráiteas a d’eisigh a Roinn, le gach duine a nocht a dtuairim.

Déanfaidh oifigigh na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta “bhreithniú cúramach” ar gach freagra agus cuirfear tuairisc mhionsonraithe faoi bhráid an Aire go luath.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosanta Teanga agus Ionadaíochta ó thuaidh, gur taispeánadh le linn an phróisis comhairliúcháin go bhfuil tacaíocht leathan trasphobail ann don Ghaeilge. Dúirt sé go bhfuil “ardmholadh” tuillte ag grúpaí agus daoine aonaracha ar fud an tuaiscirt agus níos faide i gcéin a chuir aighneachtaí isteach.

“Tá sé anois faoin Roinn agus an Tionól léiriú go n-éisteann siad leis an phobal agus na moltaí seo a thógáil ar aghaidh agus reachtaíocht chuimsitheach, cheartbhunaithe a eisiúint gan mhoill don teanga agus dá lucht labhartha, óir is léir go bhfuil tacaíocht iontach ann di,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '90% d’aighneachtaí ar son Acht Gaeilge ó thuaidh'