Seisear eile atá básaithe de dheasca an Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte agus 866 cás nua deimhnithe acu inniu.
Bhain 166 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 56 cás nua a bhí i nDún na nGall, 54 cás a bhí i nGaillimh agus 44 cás a bhí i gcontae na Mí.
24 cás a bhí i bPort Láirge, 21 cás a bhí i gCiarraí agus 10 gcás nua a bhí i Maigh Eo.
242 den 866 cás inniu a bhí i mBaile Átha Cliath.
“Déanaim an achainí chéanna arís ar chuile dhuine, déan tú féin a iompar amhail is gur gartheagmhálaí tú. Fan sa mbaile ach amháin i gcás riachtanais,” a deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan.
Tá ráta coicíse an ghalair tite arís ó 299 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír inné go dtí 292 inniu agus 5.4% de na daoine a cuireadh tástáil orthu a raibh an galar tolgtha acu, laghdú ó 5.9%.
Ráta coicíse 562 atá i gcontae na Mí, an dara ráta is airde sa tír, taobh thiar de chontae an Chabháin mar a bhfuil ráta 754 ann.
Ráta 355 atá i nGaillimh, 331 atá i gCorcaigh agus 317 atá i nDún na nGall.
Tá an ráta coicíse anois ag 271 i gCiarraí, 248 atá i Maigh Eo agus 228 atá i bPort Láirge.
328 othar atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 43 acusan in aonad dianchúraim.
Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte i dTuaisceart Éireann go bhfuil ochtar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. Bhí toradh deimhneach ar thástáil a cuireadh ar 822 duine eile ansin le 24 uair an chloig.
Tá 361 othar curtha in ospidéil ó thuaidh den teorainn ag an víreas agus 44 díobhsan in aonad dianchúraim. Bhí 103% de na leapacha ansin lán inné ach tá fuarú beag ansin inniu agus 99% atá lán.
D’éirigh triúr ball de Shinn Féin as an bpáirtí inniu nuair a tháinig sé chun solais nár cuireadh ar ais maoiniú as ciste tacaíochta Covid-19 a fuarthas.
Beirt oifigeach de chuid an pháirtí agus an Seanadóir Elisha McCallion an triúr atá i gceist. Tá sé fógartha ag Elisha McCallion go mbeidh ag éirí as an Seanad láithreach. Is amhlaidh a íocadh £30,000 as ciste tacaíochta Covid-19 an rialtais le hoifig an pháirtí go hearráideach i dtús an Aibreáin. Deontas faoisimh a bhí anseo do mhionghnóthaí a raibh rátaí faoi bhun £15,000 sa mbliain á n-íoc acu trí dhochar díreach.
Ní raibh oifigí polaitíochta ina theideal ach níor íocadh ar ais é go dtí tús na seachtaine seo, 6 mhí ó íocadh leis an oifig é.
Ghabh ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald a leithscéal faoin scéal agus ghlac sí le héirí as an triúir.
“Is tromchúiseach an scéal é nár íocadh ar ais deontas a íocadh go hearráideach. Admhaím gur tharla seo agus gabhaim mo leithscéal go ndearnadh rud nár cheart,” a dúirt sí
Níl Elisha McCallion, a bhí tráth ina feisire parlaiminte, sa Seanad ach ó mhí an Aibreáin.
Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Bhanna Uachtair agus oifigeach de chuid an pháirtí in iarthar Thír Eoghain an bheirt eile a d’éirigh as páirtí Shinn Féin.
Fág freagra ar '866 cás nua deimhnithe inniu, seanadóir ar dhuine de thriúr ó Shinn Féin atá éirithe as de bharr íocaíochtaí Covid'