86% de phríomhoidí iar-bhunscoile na Gaeltachta míshásta le cúrsaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí

Tá ráite ag oideachasóirí, polaiteoirí agus lucht feachtais gur chóir moltaí faoi Ghaeilge na hArdteiste a chaitheamh i dtraipisí go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar conas atá ag éirí leis an gcur chuige T1 agus T2 sa tsraith shóisearach

86% de phríomhoidí iar-bhunscoile na Gaeltachta míshásta le cúrsaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí

Deir 86% de phríomhoidí iar-bhunscoile na Gaeltachta nach bhfuil siad sásta leis na cúrsaí nua T1 agus T2 a tugadh isteach don tSraith Shóisearach in 2017.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie ar phríomhoidí iar-bhunscoile Gaeltachta, dúirt 24 de 28 díobh go raibh siad míshásta leis an gcúrsa nua Gaeilge a tugadh isteach do chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa.

Beirt a bhí sásta.

28 den 29 príomhoide iar-bhunscoile Gaeltachta a ghlac páirt i suirbhé Tuairisc.ie.

Dúirt príomhoide amháin go raibh sé sásta “den chuid is mó” leis na cúrsaí ach míshásta nach mbíonn aon scrúdú cainte ag an tsraith shóisearach, gearán a bhí ag roinnt príomhoidí eile chomh maith.

Dúirt príomhoide eile gur gá fanacht ar athbhreithniú ar T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí chun léargas a fháil orthu.

Dúirt príomhoide amháin nach raibh na hathruithe ag an tSraith Shóisearach “ag obair”.

“Tá páistí ag streachailt leis an chúrsa úr agus níl deiseanna labhartha ar bith ansin níos mó. Tá siad ag cur barraíocht béime ar chúrsaí litríochta. Cá bhfuil saol an déagóra sa chúrsa nua? Ba bhreá linn dá mbeadh 75% dár gcuid scoláirí ardleibhéil sa tSraith Shóisearach á déanamh i nGaeilge ach tá sin laghdaithe go dtí 50% anois de bharr na n-athruithe seo.

“Is cuma leis an Roinn faoi thodhchaí na Gaeilge agus na dúshláin a chuireann siad romhainn mar mhúinteoirí agus mar dhaltaí scoile…Cad atá i ndán don Ardteist anois – beidh gach rud ina phraiseach cosúil leis an Teastas Sóisearach nua…Táim tinn tuirseach de agus déanfaidh siad níos mó dochair ná maitheas!”

Ba í an tuairim a bhí ag Príomhoide eile ná go raibh “róbharraíocht de bhéim ar an litríocht sa tSraith Shóisearach agus “neamhaird déanta den chomhrá agus do chanúint Uladh go hiomlán sa churaclam nua.”

Dúirt duine eile de na príomhoidí nach raibh na daltaí “is laige” ábalta “déileáil” leis an méid litríochta a bhí le staidéar don tSraith Shóisearach.

Bhí príomhoide eile den tuairim nach raibh “guth an scoláire” ná “guth an mhúinteora” le “cloisteáil” i gcúrsaí T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí.

“Féach ar an ghrúpa ‘múinteoirí Gaeilge’ atá ar Facebook agus tchífidh tú neart tuairimí láidre,” ar sé.

Tá an cur chuige ó thaobh na Gaeilge sna hiar-bhunscoileanna ina ábhar mór cainte ó d’fhoilsigh an NCCA (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta) eolas mí Feabhra seo caite faoi na moltaí maidir le dhá chúrsa nua a thabhairt isteach don Ardteist.

Tá an NCCA ag moladh cúrsa T1 a thabhairt isteach a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais agus líofa agus cúrsa T2 a deirtear a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.

Tá ráite ag oideachasóirí, polaiteoirí agus lucht feachtais gur chóir na moltaí sin a chaitheamh i dtraipisí go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar conas mar atá ag éirí leis an gcur chuige T1 agus T2 sa tsraith shóisearach. Tá sé i gceist an t-athbhreithniú sin a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar '86% de phríomhoidí iar-bhunscoile na Gaeltachta míshásta le cúrsaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí'