825 cás nua den choróinvíreas fógartha ó dheas, tréimhse dianghlasála sé seachtaine molta ó thuaidh

Tá triúr eile básaithe de dheasca an Covid-19 ó thuaidh agus 877 cás nua fógartha ag an Roinn Sláinte

825 cás nua den choróinvíreas fógartha ó dheas, tréimhse dianghlasála sé seachtaine molta ó thuaidh

Tá 825 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Duine amháin eile atá básaithe de dheasca an víris.

Bhain 147 de chásanna an lae inniu le Corcaigh agus 38 cás a bhí i nDún na nGall.

254 cás a bhí i mBaile Átha Cliath, 39 cás a bhí i gcontae an Chabháin agus 37 cás a bhí i gCill Dara. Bhain an 310 cás eile le 20 contae éagsúil.

224 othar a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu a bhí sna hospidéil inné agus bhí 32 díobh in aonad dianchúraim.

Tá an ráta coicíse den ghalar os cionn 100 in aghaidh gach 100,000 duine i bhfiche contae anois.

168 an ráta atá ann ar an meán, i gcomparáid le 108 ag tús na seachtaine seo caite.

Tá ráta coicíse an ghalair ag 354.9 i nDún na nGall, an dara ráta is airde sa tír, taobh thiar de chontae an Chabháin.

197.9 an ráta i gcontae na Mí agus 180.7 an ráta i gCorcaigh.

Tá an ráta sa Ghaillimh ag 156 agus 113.1 atá i gceist i gCiarraí. 101 an ráta i Maigh Eo agus 71 an ráta i bPort Láirge, an ráta is ísle sa stát.

Le seachtain anuas, ar an meán, bhí toradh deimhneach ar an tástáil a cuireadh ar 5.6% de na daoine a tástáladh don ghalar. 6.2% a bhí i gceist Dé Sathairn agus 7.2% a bhí i gceist inné.

Bhí Covid-19 ar 9.6% de na daoine a fuair tástáil i gcontae na Mí le seachtain. 7.1% a bhí ann i nDún na na nGall, 6.7% a bhí i gceist i gCiarraí agus 6.1% an ráta  a bhí i gCorcaigh. Bhí Covid-19 tolgtha ar 4.3% de na daoine a fuair tástáil sa Ghaillimh agus 3.8% an ráta a bhí i Maigh Eo. Ní raibh an galar ach ar 2.5% de na daoine a fuair tástáil i bPort Láirge, an ráta is ísle sa stát.

Jeffrey Donaldson

Tá triúr eile básaithe de dheasca an Covid-19 ó thuaidh agus 877 cás nua fógartha ag an Roinn Sláinte ansin inniu.

Fógraíodh os cionn 6,000 cás nua ó thuaidh den teorainn le seachtain anuas.

140 othar atá buailte ag an Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 22 acusan atá in ICU.

Tuairiscítear go bhfuil moladh déanta ag Príomhoifigeach Leighis Thuaisceart Éireann go gcuirfí dianghlasáil i bhfeidhm ansin ar feadh sé seachtaine le déileáil leis an ardú ar líon na gcásanna.

Meastar go bhfuil an DUP i gcoinne a leithéid de bheart mar go ndúnfaí  scoileanna agus gnóthaí. Dúirt an Feisire Sir Jeffrey Donaldson go gcuirfeadh a leithéid de bheart “an-imní” ar an bpáirtí.

Dúirt sé go raibh fianaise á héileamh ag an bpáirtí a thacódh lena leithéid de bheart agus nach bhfacthas sin go fóill.

Dheimhnigh an tAire Sláinte Robin Swann gur chuir an Dr McBride agus an príomhchomhairleoir eolaíochta, an tOllamh Ian Young comhairle ar fáil don Chéad agus don LeasChéad-Aire tráthnóna aréir maidir le srianta breise a chur i bhfeidhm.

“Moladh sa cháipéis s’acu go ndéanfaí beart ceannasach go práinneach le beatha daoine a shábháil, lena chinntiú go mbeidh an córas sláinte ábalta déileáil leis an mbrú agus ábalta seirbhísí sláinte nach mbaineann le Covid-19 a chur ar fáil chomh maith agus is féidir.”

Deimhníodh 1,066 cas nua den choróinvíreas ó thuaidh den teorainn inné, an líon is mó in aon lá amháin ón Aoine seo caite nuair a bhí 14 cás níos mó ná sin ann.

2,418 duine atá básaithe de dheasca an ghalair ó thosach na paindéime 1,827 ó dheas den teorainn agus 591 ó thuaidh di.

64,566 cás atá deimhnithe go dtí seo, 43,531 ó dheas agus 21,035 ó thuaidh.

Tuairiscítear san Irish Times, go gcuirfear srianta Leibhéal 4 i bhfeidhm sna contaetha cois teorann ó dheas má chuirtear dianghlasáil ghéar i bhfeidhm ar an taobh eile di.

Údar imní líon ard na gcásanna i gcontaetha Dhún na nGall, an Chabháin agus Mhuineacháin.  Tá an ráta is airde sa tír sa Chabhán anois agus 385.9 cás in aghaidh gach 100,000 sa chontae. Sa dara háit atá Dún na nGall (354.9 cás) agus sa tríú háit atá Muineachán (330.7 cás).

Norma Foley. Pictiúr: JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY / RollingNews.ie

Níl aon phlean in aon chor ag an Roinn Oideachais cur le saoire lár téarma na scoileanna, a dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley, ar Today with Claire Byrne ar RTÉ. Dúirt sí gur tosaíocht de chuid an Rialtais na scoileanna a choinneáil ar oscailt.

Fógraíodh níos luaithe inniu go bhfuil triúr i dteach altranais i gcontae Laoise a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis.

Dheimhnigh úinéirí theach altranais Kilminchy Lodge go raibh an ceathrú duine atá buailte ag an ngalar san ospidéal.

Cailleadh beirt den triúr san ospidéal agus cailleadh an duine eile sa teach altranais féin.

Dheimhnigh úinéirí an tí altranais an tseachtain seo caite go raibh toradh deimhneach ar an tástáil don Covid-19 a cuireadh ar 31 duine ann.

Bhain 21 cás den víreas le daoine atá ina gcónaí sa teach altranais agus bhain 10 gcás le daoine atá ag obair ann.

Tá na daoine a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu ag féinleithlisiú ina seomraí, a dúradh i ráiteas ón teach altranais.

I ráiteas a thug siad do RTÉ News inniu ghabh úinéirí Kilminchy Lodge buíochas le foireann Ospidéal Ginearálta Phort Laoise as an gcúram a chuir siad ar na hothair. Ghabh siad buíochas chomh maith le foireann an tí altranais féin as togha na haire a thabhairt do na cónaitheoirí.

Le Grúpa Brindley Kilminchy Lodge, an grúpa céanna ar leo an Brindley Manor sa Chonmhaigh in oirthear Dhún na nGall, mar ar deimhníodh 30 cás den ghalar an tseachtain seo caite.

Deir Grúpa Brindley nár thángthas ar aon chás den ghalar in aon cheann eile de na hocht n-ionad cúraim eile atá acu.

Fág freagra ar '825 cás nua den choróinvíreas fógartha ó dheas, tréimhse dianghlasála sé seachtaine molta ó thuaidh'