816 duine a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart – figiúirí nua

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó NISRA, tá laghdú tagtha arís sa Tuaisceart ar líon na mbásanna de dheasca Covid-19

816 duine a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart – figiúirí nua

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), faoi Dé hAoine seo caite, an 19 Meitheamh, bhí 816 duine básaithe de bharr Covid-19. 

545 bás a bhí curtha ar an taifead ag an Roinn Sláinte faoin tráth sin.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó NISRA, tá laghdú tagtha arís ar líon na mbásanna de dheasca Covid-19.

12 bás a cuireadh ar an taifead idir an 13 Meitheamh agus an 19 Meitheamh, i gcomparáid le 20 bás an tseachtain roimhe sin.

414 duine de na daoine a bhásaigh bhíodar ag maireachtáil in ionaid chúraim, nó 50.7% de líon iomlán na marbh. Fuair 340 acusan bás in ionad cúraim agus fuair 74 bás san ospidéal.

Daoine a bhí 75 bliain d’aois nó níos sine ab ea 80% den 816 duine a bhásaigh agus Covid-19 orthu. I mBéal Feirste a bhí 238 de na daoine a bhásaigh, nó beagnach 30%.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh tráthnóna go bhfuil duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus go bhfuil ceithre chás nua den ghalar deimhnithe.

Bhí líon iomlán na mbásanna sa Tuaisceart an tseachtain seo caite, 286, ábhairín níos airde ná an meán le cúig bliana anuas, 290.

2,278 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,730 duine ó dheas den teorainn agus 548 ó thuaidh di.

30,293 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,414 cás ó dheas den teorainn agus 4,879 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '816 duine a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart – figiúirí nua'