800 cás cúirte caite amach nó curtha ar athlá mar gheall ar cheist na Gaeilge agus tástálacha anála

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc i mBealtaine 2016 rialú a rinneadh san Ard-Chúirt go raibh torthaí tástála anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

800 cás cúirte caite amach nó curtha ar athlá mar gheall ar cheist na Gaeilge agus tástálacha anála

Caitheadh amach nó cuireadh ar athlá 800 cás cúirte a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil de bharr dúshlán dlí a thug fear as an Rómáin nár cuireadh leagan Gaeilge de thorthaí tástála anála ar fáil dó, faoi mar atá sonraithe san Acht Tráchta.

De réir eolais atá faighte ag RTÉ Investigates do chlár a chraolfar anocht caitheadh amach nó cuireadh ar athlá 800 cás ar fad le linn 2014 agus 2015 de thoradh chás Mihai Advenadei.

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc i mBealtaine 2016 rialú a rinneadh san Ard-Chúirt go raibh torthaí tástálacha anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

Dúirt saineolaithe dlí agus gníomhaithe teanga gur údar imní é breith sin na Cúirte Achomhairc fad is a bhaineann sé le seasamh na Gaeilge sa dlí.

Dúirt an t-aturnae Antain Delap, mar shampla, go raibh an chosúlacht ar bhreith na cúirte faoi na torthaí tástála anála go bhfuiltear ag rá “gur leor an Béarla mar go bhfuil Béarla ag achan duine”.

In ainneoin bhreith na Cúirte Achomhairc tá cásanna fós á gcur siar mar gheall ar cheist na Gaeilge sna torthaí tástála anála toisc go bhfuil dúshlán na breithe sin á thabhairt ag Mihai Avadenei, as an Rómáin, sa Chúirt Uachtarach.

Stop na Gardaí Mihai Avadenei ar an mbóthar in 2014 toisc gur cheap siad go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil. I mBéarla amháin a eisíodh torthaí na tástála anála a rinneadh ar Avadenei i stáisiún Shráid an Stórais i mBaile Átha Cliath. Thug abhcóidí Avadenei dúshlán dlí de bharr nár cuireadh leagan Gaeilge de na torthaí ar fáil, faoi mar atá sonraithe san Acht Tráchta.

Dúirt an Breitheamh Séamus Noonan nach seasfadh na torthaí mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo. Caitheadh amach an cás dá bharr.

I ndiaidh an bhreithiúnais sin, thug aire iompair na linne, Paschal Donohoe, reachtaíocht éigeandála isteach a fhágann gur féidir torthaí tástála anála a eisiúint i nGaeilge nó i mBéarla.

Rinne an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí achomharc ar rialú na hArd-Chúirte agus rialaigh an Chúirt Achomhairc anuraidh nach gcuirfeadh na doiciméid i nGaeilge le substaint na fianaise.

Tá achomharc chuig an Chúirt Uachtarach déanta ag Avadanaei i leith an chinnidh sin.

Dúradh i mí Dheireadh Fómhair i gcúirt dúiche Leitir Ceanainn i dTír Chonaill nár cheart cásanna áirithe a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil a éisteacht de bhrí go raibh moill mhór le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí.

Dúirt an Breitheamh Kelly gurb é nósmhaireacht na cúirte dúiche na cásanna seo a chur ar athló agus nach mbeadh sé ceart iad a chaitheamh amach mar go bhféadfadh tuairim eile a bheith ann ach a dtiocfadh breith na Cúirte Uachtaraí.

Chuir sé na cásanna tiomána uilig ó thréimhse áirithe ar athló go dtí an 21 Nollaig.

Éisteadh an cás is déanaí ag Advenadei sa Chúirt Uachtarach roimh an samhradh ach níl dáta tugtha don bhreithiúnas go fóill.

 

Fág freagra ar '800 cás cúirte caite amach nó curtha ar athlá mar gheall ar cheist na Gaeilge agus tástálacha anála'