79 cás nua fógartha agus síneadh curtha leis na srianta i gCill Dara

Cinneadh coicís eile a chur leis na srianta i gCill Dara agus deireadh a chur leo i gcontae Laoise agus Uíbh Fhailí

79 cás nua fógartha agus síneadh curtha leis na srianta i gCill Dara

Stephen Donnelly TD, le Dr. Ronan Glynn. Pictiúr: Julien Behal / RollingNews.ie

79 cás nua den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna agus é deimhnithe ag an rialtas go bhfuil síneadh le cur leis na srianta i gCill Dara ar feadh coicíse eile.

Bhain 43 den 79 cás nua inniu le Baile Átha Cliath, bhain naoi gcás le Cill Dara, sé cinn le Corcaigh agus sé cinn a bhí i dTiobraid Árann. Bhain an chuid eile de na cásanna le naoi gcontae éagsúla.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 30 den 79 cás nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu. Bhain 21 de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 73% de na daoine a bhí i gceist faoi bhun 45 bliain d’aois.

Ag cruinniú Rialtais inniu cinneadh coicís eile a chur leis na srianta i gCill Dara agus deireadh a chur leis na srainta i gcontae Laoise agus Uíbh Fhailí, mar a mhol NPHET don Rialtas inné.

Bhí 455 cás i gCill Dara le 14 lá, 81 a bhí i gcontae Uíbh Fhailí agus 41 cás a bhí i gcontae Laoise.

Agus é ag caint i ndiaidh chruinniú an Rialtais tráthnóna, dúirt Stephen Donnelly, an tAire Sláinte, go raibh líon na gcásanna fós ard cé go raibh laghdú beag i gceist. Faoi láthair 27 cás in aghaidh gach 100,000 duine atá ann, ach tá beagnach 200 cás in aghaidh gach 100,000 duine i gCill Dara.

D’fhógair Leo Varadkar, an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, go gcuirfí pacáiste cuidithe ar fáil do ghnóthaí i gcontae Chill Dara atá “ag déanamh íobairtí ar son na tíre ar fad”.

Faoi na bearta breise seo, cuirfear 20% sa bhreis leis an deontas atosaithe do ghnóthaí, rud a fhágfaidh go mbeidh ar a laghad €5,600 ar fáil ag gnó agus gur féidir suas le €35,000 de dheontas a éileamh. Beidh cúnamh agus meantóireacht ar fáil ón oifig fiontraíochta áitiúil le cuidiú leo leis an bpleanáil airgeadais.

Cuirfear deontais mhargaíochta ar fáil agus beidh feachtas bolscaireachta ann le heolas a scaipeadh ar ghnóthaí faoin gcuidiú a bheidh ar fáil ó na heagrais stáit. Tabharfar tús áite d’iarratais ar chúnamh ó ghnóthaí i gcontae Chill Dara.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 20 cás nua tráthnóna.

Ní raibh bás ar bith le fógairt acu agus deir  Roinn Sláinte an Tuaiscirt go bhfuil os cionn 250,000 tástáil do Covid-19 déanta acu faoin tráth seo.

6,576 cás uile atá deimhnithe ó thuaidh agus 559 duine a fuair bás go dtí seo de réir fhigiúirí na roinne.

Ach de réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 559.

866 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 14 Lúnasa. 558 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

Tá 2,335 duine ar a laghad básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,776 duine ó dheas den teorainn agus 559 ó thuaidh di.

34,331 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 27,755 cás ó dheas agus 6,576 cás ó thuaidh.

Níos luaithe inniu, thug an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) le fios go bhféadfadh go dtabharfaí cineál nua tástála isteach don Covid-19, tástáil nach gcuirfeadh isteach chomh mór ar an othar.    

I dtuarascáil nua ó HIQA, deirtear go mb’fhéidir go bhféadfaí samplaí seile nó sampla as an tsrón a úsáid in áit an tástáil a dhéantar faoi láthair mar a dtógtar na samplaí ó chúl na scornaí agus na sróine.

Bíonn sé deacair an tástáil atá ann faoi láthair a dhéanamh agus tá míchompord ag baint léi, go háirithe nuair is gasúir a bhíonn le tástáil. Síltear go mbeadh sé i bhfad níos éasca an tástáil nua a dhéanamh i gceart.

Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach HIQA, Máirín Ryan, go mb’fhéidir go bhféadfadh duine an tástáil seo a dhéanamh é féin ach maoirseacht a dhéanamh air.

Sa Mhárta agus san Aibreán ba mheasa a bhí an coróinvíreas san Iodáil ach ní i bhfeabhas atá cúrsaí ag dul faoi láthair agus bhí an t-ardú is mó ó mhí na Bealtaine ar líon na gcásanna ansin inniu. D’fhógair na húdaráis gur deimhníodh 845 cás nua sa tír inné, an lá is measa ó scaoileadh na srianta dianghlasála breis is trí mhí ó shin.

Bhí an Iodáil ar cheann de na tíortha is measa a chreach an víreas a chuir breis is 35,000 dá pobal den saol agus a tholg os cionn 256,000 duine.

Fág freagra ar '79 cás nua fógartha agus síneadh curtha leis na srianta i gCill Dara'