783 cás nua fógartha, 5,018 duine básaithe sa stát de thoradh an víris ó thús na paindéime

Dúirt Cathaoirleach NPHET, an Dr Philip Nolan, go raibh na seirbhísí sláinte in ann ag an ardú atá ar líon na gcásanna le coicís ach go raibh sé an-tábhachtach go gcloífeadh an pobal leis an gcomhairle sláinte phoiblí

783 cás nua fógartha, 5,018 duine básaithe sa stát de thoradh an víris ó thús na paindéime

783 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, an líon is mó a fógraíodh in aon lá amháin ón 20 Feabhra.

73 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, aon duine dhéag níos mó ná a bhí inné, agus tá 20 acusan in aonad dianchúraim.

Fógraíodh go bhfuil 5,018 duine básaithe sa stát de dheasca an víris ó thús na paindéime. Ó thús na míosa seo tá 18 duine básaithe leis an Covid-19.

Dúirt Cathaoirleach NPHET, an Dr Philip Nolan, go raibh ardú mór tagtha ar líon na gcásanna nua le coicís anuas, go háirithe i gcás daoine nach bhfuil vacsaín faighte acu. Dúirt sé go raibh na seirbhísí sláinte in ann ag an ardú a bhí tagtha ar líon na gcásanna ach go raibh sé tábhachtach go gcloífeadh an pobal leis an gcomhairle sláinte atá ann.

“Tá an líon a tholgann an víreas ag méadú idir 2-4% in aghaidh an lae. Is féidir linn é sin a smachtú. Agus an saol ag brath athoscailt tuilleadh an tseachtain seo chugainn, tá sé tábhachtach go gcuimhneodh muid uilig go n-oibríonn an chomhairle sláinte phoiblí atá ar eolas againn ar fad. Ach cloí léi, tá an chomhairle sin chomh héifeachtach céanna ag cosc scaipeadh an Delta agus a bhí sí i rith na paindéime go dtí seo. Seachain plóid, caith clúdach éadain, bí cúramach le teagmhálaithe, fan tamall amach ó dhaoine, buail le daoine amuigh faoin aer más féidir ar chor ar bith, agus má bhíonn sibh laistigh bí cinnte go bhfuil aeráil mhaith sa seomra.”

Dúirt NPHET gur bhain 626 cás nua le coicís anuas le taisteal, níos mó ná cás amháin as gach deich gcinn a deimhníodh le linn na tréimhse sin.

Tá an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) ag déanamh a machnaimh faoi láthair ar vacsaín a chur ar fáil do dhéagóirí idir 12 agus 15 bliain sa bhfómhar. Dúradh ag cruinniú Rialtais go raibh sé i gceist go mbeadh vacsaín in aghaidh an Covid-19 faighte ag déagóirí atá 16 nó os a chionn faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair.

Thug NIAC le fios inniu go raibh ar a laghad dáileog amháin den vacsaín faighte ag 70% de dhaoine fásta na tíre agus go raibh an dara dáileog faighte ag beagnach 60%.

“Nuair a smaoinneofá ar an mbail a bhí orainn ó thaobh an ghalair seo cúpla mí ó shin, is iontach go deo na staitisticí iad sin,” a dúirt an tOllamh Karina Butler, Cathaoirleach NIAC.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 636 cás nua den ghalar deimhnithe ansin agus go raibh duine amháin eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

72 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i 16 cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,187,446 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 950,145.

Shocraigh an Rialtas anseo athrú a dhéanamh ar na rialacha maidir le tástáil PCR do leanaí a bheidh ag teacht isteach chun na tíre seo. Go dtí seo aon leanbh a bhí os cionn seacht mbliana níor mhór dó tástáil ghlan PCR a bheith aige ach feasta ní theastóidh tástáil i gcás aon leanbh atá faoi dhá bhliain déag. Daoine a thagann chun na tíre seo as an mBreatain agus deimhniú acu go bhfuil an vacsaín faighte acu, ní gá dóibh dul ar coraintín sa mbaile.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, go “mbuafadh muid an rás in aghaidh an Delta” ach go mbeadh contúirt mhór ag baint leis an gcúpla seachtain seo romhainn.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nach raibh an athoscailt theoranta atá á moladh ag an Rialtas “foirfe” ach nach raibh ach dhá rogha eile ann – gan cead oscailte ar bith a thabhairt don earnáil fáilteachais nó cead a thabhairt dóibh oscailt gan srianta ar bith. An “ród sa lár” atá á roghnú ag an Rialtas mar gurb é sin “an seans is fearr” ag gnóthaí bia agus dí oscailt an samhradh seo.

Fág freagra ar '783 cás nua fógartha, 5,018 duine básaithe sa stát de thoradh an víris ó thús na paindéime'