78 teanga dhúchais de chuid California le cloisteáil 100 bliain i ndiaidh a mbáis

Tá 78 teanga ar fad, a labhraítí in California roimh theacht na nEorpach, taifeadta ar 2,700 sorcóir ach is ar éigean gur féidir na taifeadtaí sin a chloisteáil de bharr an drochbhail atá orthu

78 teanga dhúchais de chuid California le cloisteáil 100 bliain i ndiaidh a mbáis

Tá obair ar bun ag Ollscoil California in Berkeley le caomhnú a dhéanamh ar thaifeadtaí céarach de mhionteangacha atá marbh le breis is 100 bliain.

Tá an teangeolaí Andrew Garret, an leabharlannaí Erik Mitchell agus an t-antraipeolaí Ira Jacnkis ag athchóiriú na sorcóirí céarach le taifid de na teangacha sin a shábháil.

Tá 78 teanga ar fad, a labhraítí in California roimh theacht na nEorpach, taifeadta ar 2,700 sorcóir ach is ar éigean gur féidir na taifeadtaí sin a chloisteáil anois mar gheall ar an drochbhail atá ar na sorcóirí féin.

Níl aon taifead eile ar fáil de roinnt mhaith de na teangacha sin agus tá scéalta, amhráin agus nósanna cainte ar chuid de na sorcóirí nach bhfuil aon eolas in áit ar bith eile fúthu.

Tá 100 uair an chloig de thaifeadtaí ar fad ann agus tá súil ag lucht a gcaomhnaithe gach soicind díobh a aistriú ó na sorcóirí céarach chuig córas digiteach le go mbeifear in ann na teangacha a aithint agus a bhfuil ar na taifeadtaí a bhreacadh síos.

Táthar ag súil go mbeidh an bailiúchán ar fáil don phobal amach anseo, agus do dhream dúchasach Mheiriceá agus lucht taighde go háirithe.