772 cás nua deimhnithe ach ‘dea-scéal’ maidir le scaipeadh an ghalair den chéad uair le tamall

Deir NPHET go bhfuil dea-chomharthaí ann maidir le scaipeadh an ghalair agus go bhfuil ‘ár n-iarrachtaí tosaithe ag obair’

772 cás nua deimhnithe ach ‘dea-scéal’ maidir le scaipeadh an ghalair den chéad uair le tamall

Tá 772 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte inniu. Seisear eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Dúirt an Dr Philip Nolan ó NPHET go bhfuil ráta tolgtha an ghalair anois gar do 1.0 go náisiúnta.

“Seo an chéad uair le roinnt seachtainí anuas go bhfuil dea-scéal againn maidir le comharthaí scaipthe an ghalair,” a dúirt sé.

“Mar sin féin, tuigimid ón dtaithí atá againn ar an gcineál seo dul chun cinn go mbíonn sé leochaileach go maith. Ba chóir dúinn féachaint ar na dea-chomharthaí seo mar fhianaise go bhfuil ár n-iarrachtaí tosaithe ag obair agus is é an rud is tábhachtaí anois ná coinneáil orainn.

“Lorgóidh an víreas aon deis atá ann scaipeadh. Sna seachtainí romhainn, déanaimis deimhin de nach dtugtar an deis sin dó tríd an uimhir R a bhrú síos agus líon na gcásanna a choinneáil chomh híseal is gur féidir.”

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go bhfuil “feabhas” áirithe ag teacht ar chúrsaí ach go bhfuil sé “an-luath” a bheith ag caint ar a leithéid.

“Tá cúrsaí feabhsaithe ach caithfimid cuimhneamh go bhfuil sé luath fós. Ní sheasfaidh an feabhas seo mura leanfaimid lenár n-iarrachtaí.”

“Caithfimid cuimhneamh go bhfuil an galar á tholgadh ag níos mó daoine atá amach sna blianta, daoine a bhfuil an galar seo níos contúirtí dóibh. An bealach atá againn le hiadsan a chosaint ná leanúint orainn ag cur scaipeadh an ghalair faoi chois sa bpobal.”

Dúirt an Dr Desmond Hickey, Leas-Phríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte go bhfuil an ráta tolgtha 7 lá tite 36% ó ráta na 7 lá roimhe seo.

“Údar suntais an scéal in Éirinn tráth a bhfuil cúrsaí ag gabháil in olcas go gasta ar fud na hEorpa. Tá sé fíorthábhachtach go leanfaimid orainn ag cur scaipeadh an ghalair  faoi chois chomh maith agus is féidir sna seachtainí seo amach romhainn,” a dúirt sé.

96 duine a raibh an galar orthu, nó a síltear go raibh sé orthu, a fuair bás go dtí mí Dheireadh Fómhair go dtí seo agus bhí 34 díobhsan i dtithe altranais.

Bhain 120 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 50 cás a bhí i gcontae na Mí, 41 cás nua a bhí i nDún na nGall agus 41 cás eile a bhí i nGaillimh.

18 cás a bhí Maigh Eo, 13 cás a bhí i gCiarraí agus 12 cás a bhí i bPort Láirge.

228 den 772 cás inniu a bhí i mBaile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite arís. 287 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír an ráta anois.

Ráta coicíse 547 atá i gcontae na Mí,  341 atá i nGaillimh, 337 atá i gCorcaigh agus 322 atá i nDún na nGall.

Tá an ráta coicíse anois ag 273 i gCiarraí, 241 atá i Maigh Eo agus 213 atá i bPort Láirge.

325 othar atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 42 acusan in aonad dianchúraim.

Níos luaithe inniu, fógraíodh go raibh naonúr eile tar éis bháis de dheasca an Covid-19 ó thuaidh den teorainn. Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 566 cás nua.

Tá líon na n-othar curtha in ospidéil ó thuaidh den teorainn ag an víreas tithe ó 361 inné go dtí 354 inniu. Tá 41 díobhsan in aonad dianchúraim.

Bhí 97% de na leapacha ansin lán inniu.

Dúirt Aire Sláinte an Tuaiscirt, Robin Swann, inniu go bhfuil “dul amú an-mhór” ar aon duine a cheapann go mbeifear ag filleadh “ar aon bhealach ar an ngnáthshaol” nuair a thiocfaidh deireadh leis na srianta faoi cheann míosa. Bhí cúrsaí ag éirí níos seasmhaí, a dúirt sé, ach ag laghdú go han-mhall a bhí líon na gcásanna.

2,605 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 in Éirinn go dtí seo, 697 duine ó thuaidh den teorainn agus 1,908 ó dheas di.

98,841 cás den ghalar atá deimhnithe go dtí seo, 61,059 ó dheas agus 37,782 ó thuaidh.

Idir an dá linn, dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid inniu gur deacair a rá cathain a bhainfear buaic amach ó thaobh líon na gcásanna den ghalar an geimhreadh seo.

D’fhéadfadh, a dúirt sé, go mbeadh tamall eile ann sula bhfeicfí an tionchar a bheadh ag an ardú ar líon na ndaoine óga a tholg an galar ar líon na ndaoine os cionn 65 bliain d’aois a tholgann é.

Dúirt sé go raibh fianaise ann go raibh na srianta Leibhéal 3 ag obair ach go raibh ábhar imní sna figiúirí i gcónaí, go háirithe i gcás na n-ospidéal agus na n-aonad dianchúraim.

Tá imní ar rialtais go leor faoin ardú 36% ar líon na gcásanna den ghalar san Eoraip le seachtain anuas.

Cé go bhfuil laghdú tagtha ar chéatadán na ndaoine a mbíonn toradh deimhneach ar an tástáil a chuirtear orthu don ghalar, dúirt Reid go raibh líon na ndaoine atá buailte ag an Covid-19 sna hospidéil ag ardú leis.

“Mar sin an teachtaireacht atá ar maidin againn ná go bhfuil léasanna dóchais ann, ach d’fhéadfadh róbhrú teacht ar an gcóras sláinte in imeacht coicíse nó trí seachtaine,” arsa Reid agus é faoi agallamh ar Morning Ireland.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE chomh maith áfach nach dóigh leis go mbeidh an scéal chomh holc is a bhí á thuar roimhe seo ó thaobh líon na n-othar.

Fág freagra ar '772 cás nua deimhnithe ach ‘dea-scéal’ maidir le scaipeadh an ghalair den chéad uair le tamall'