769 cás den choróinvíreas deimhnithe anois in Éirinn agus 250,000 cás ar fud an domhain

Tá os cionn 10,000 duine i ndiaidh bás a fháil mar gheall ar Covid-19 fud fad na cruinne agus 627 duine eile básaithe san Iodáil le lá anuas

769 cás den choróinvíreas deimhnithe anois in Éirinn agus 250,000 cás ar fud an domhain

769 cás de Covid-19 atá deimhnithe anois in Éirinn, 683 cás ó dheas den teorainn agus 86 cás ó thuaidh di. 126 cás nua a fógraíodh ó dheas inniu agus naoi gcás nua a deimhníodh ó thuaidh.

Cé gur tuairiscíodh níos lú cásanna ó dheas inniu ná inné, meastar go dtiocfaidh méadú ar líon na gcásanna de réir mar a thagann méadú ar líon na dtástálacha atá á dnéanamh don ghalar. Creidtear gurb amhlaidh nach bhfuil an borradh mór tarlaithe fós maidir le líon na gcásanna.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris inniu nár cheart go gcuirfeadh na harduithe sin scaoll i ndaoine mar go rabhthas ag súil gurb amhlaidh a bheadh an scéal mar chuid den iarracht moill a chur leis an ngalar sa tslí go mbeadh an rátá fáis ag laghdú faoi thús na míosa seo chugainn.

Ceathrar atá básaithe in Éirinn de thoradh an choróinvíris.

Tá ráite ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte go bhfuil beatha daoine “á cur i mbaol” ag daoine atá ar nós cuma liom faoin scoitheadh sóisialta.

Glacadh inniu i dTithe an Oireachtais leis an reachtaíocht éigeandála nua a thabharfaidh cumhachtaí móra don Stát chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19.

Glacadh sa Seanad inniu leis an reachtaíocht a thabharfadh cumhachtaí nua don Stát maidir le daoine a choinneáil, srianta a chur ar thaisteal agus ordú a thabhairt do dhaoine fanacht ag an mbaile.

Rinneadh an Dáil a ghairm inné chun an reachtaíocht éigeandála a rith faoi dheifir agus shínigh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn an reachtaíocht tráthnóna chun go mbeadh sé ina dlí.

Dúirt an tUachtarán anocht:

“Mar Uachtarán, impím ar gach saoránach, i bhfianaise na héigeandála maidir leis an dúshlán tromchúiseach roimh ár sláinte phoiblí, freagairt ar bhealach fial do chomhairle Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i dtaca le bearta chun scaipeadh Covid19 a mhaolú.

“D’fhéadfadh go mbeadh deacracht ag cuid mhaith daoine leis na bearta nua sláinte agus sóisialta sin ach tá tionchar acu orainn go léir agus táimid ag pointe anois nuair atá iarmhairtí ag gníomhartha duine, ní hamháin mar a bhaineann sé leis féin, ach do gach duine sa tsochaí. Cuireann gníomh aonair mífhreagrach gach duine i mbaol. Ní mór dúinn leas a bhaint as ár mbuanna anois.

“Tá an dlúthpháirtíocht idirghlúine ar cheann de na hacmhainní is fearr i sochaí chomhaimseartha na hÉireann. Amach anseo beidh na glúine atá le teacht, creidim, ag féachaint siar ar an am géibheannach seo agus tá súil agam go mbeidh siad bródúil as an mbealach a thugamar faoi na dúshláin le chéile agus glúine éagsúla á gcur a chéile san áireamh,” arsa Uachtarán na hÉireann.

An tUachtarán Micheál D Ó hUigínn

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh súil aige nach mbeadh gá le leas a bhaint as an reachtaíocht agus go raibh an teachtaireacht maidir le tábhacht an scoitheadh sóisialta á cur abhaile ar dhaoine.

Dúirt an Taoiseach nár dhóigh leis go mbeidh an cás chomh dona in Éirinn is atá i dtíortha amhail an Iodáil agus an Spáinn, atá ar na tíortha is measa ar domhan atá buailte ag an ngalar.

Ach chuaigh an reachtaíocht trí Thithe an Oireachtais tráth a bhfuil rabhadh tugtha ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte gur beart riachtanach an scoitheadh sóisialta chun beatha daoine a shábháil. Dúradh go raibh na daoine a raibh neamhaird á déanamh acu den scoitheadh sóisialta ag cur beatha daoine eile i mbaol.

Ag labhairt dó sa Seanad, dúirt an Tánaiste Simon Coveney gur beart riachtanach atá sa scoitheadh sóisialta agus nach “teoiric” atá ann. Dúirt Coveney go gcaithfí dúshlán gaolta, cairde agus daoine eile a thabhairt lena chinntiú go gcuirtear an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm agus go dtugann gach duine faoi ar bhealach dáiríre. “Má dhéanfaimid sin sábhálfaimid beatha daoine, na mílte acu,” arsa an Tánaiste.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris inniu nach raibh daoine áirithe ag caitheamh “dáiríre a dhóthain” leis an scoitheadh sóisialta agus go raibh roinnt daoine óga á n-iompar féin amhail is gur “laethanta saoire an tsamhraidh a bhí ann”.

Rinneadh an Dáil a ghairm inné chun reachtaíocht éigeandála a rith faoi dheifir a thabharfadh cumhachtaí móra don Rialtas ina chuid iarrachtaí in éadan ghéarchéim an choróinvíris. 

Bheadh na cumhachtaí seo i bhfeidhm go dtí an 9 Samhain agus a chead ag an Aire Sláinte síneadh a chur leo más gá.

Cuirfidh an reachtaíocht seo ar chumas an stáit ordú a thabhairt do dhaoine fanacht ina dtithe agus daoine a mheastar an víreas a bheith tolgtha acu a chur faoi choinneáil má dhiúltaíonn siad leithlisiú a dhéanamh orthu féin ar ordú dochtúra. 

Faoin reachtaíocht d’fhéadfaí cosc a chur ar imeachtaí agus cruinnithe ar léir go gcuirfidís sláinte an phobail i mbaol agus d’fhéadfaí ordú dianghlasála a dhéanamh i gcás réigiúin iomlána. 

I measc na mbeartas, beidh liúntas tacaíochta ioncaim ar fáil do dhaoine a fhaigheann diagnóis go bhfuil Covid-19 tolgtha acu nó go bhfuil orthu leithlisiú a dhéanamh orthu féin. 

Thabharfadh an reachtaíocht an chumhacht do na húdaráis a chinntiú go gcloífidh daoine le rialacha an scoitheadh sóisialta. 

Tá imní léirithe ag roinnt daoine go gcuirfidh an reachtaíocht srianta nua ar shaoirsí sibhialta.

Faoin reachtaíocht nua féadfar chomh maith sochar €203 sa tseachtain a íoc ar feadh sé seachtaine le daoine a chaill a bpostanna de bharr na géarchéime eacnamaíochta atá sa tír faoi láthair de bharr na paindéime.

Tá os cionn 10,000 duine i ndiaidh bás a fháil mar gheall ar Covid-19 fud fad na cruinne agus tá breis is 250,000 cás ar fud an domhain. San Iodáil, tá 627 duine eile básaithe de thoradh an choróinvíris le lá anuas, an líon is mó básanna in aon lá amháin sa tír sin atá anois ar an tír is measa atá buailte ag an ngalar ar domhan.

Tá tíortha ag streachailt le teacht ar bhealach éifeachtach le dul i ngleic le géarchéim shláinte an phobail agus, ag an am céanna, tá siad ag iomrascáil le géarchéim eacnamaíochta, géarchéim atá ag éirí níos measa.

Sa tSín agus san Iodáil a bhásaigh thart ar dhá thrian de na daoine atá curtha den saol ag an ngalar go dtí seo. Tá níos mó ná 250,000 cás den víreas deimhnithe ar fud an domhain agus tuairiscítear gur tháinig breis is 86,000 duine chucu féin ón ngalar go dtí seo.

Tá os cionn 1,000 duine sa Spáinn marbh de bharr an choróinvíris, de réir rialtas na tíre sin. D’eisigh roinn sláinte na Spáinne figiúirí inniu a léirigh go raibh an víreas ar 19,980 duine, go raibh 1,141 duine in aonaid dianchúraim agus go raibh 1,002 duine marbh.

I Maidrid atá níos mó ná trian de na cásanna atá ar eolas ag na húdaráis. Thug na húdaráis sláinte le fios go raibh lán trá na géarchéime roinnt laethanta uathu fós.

Tuairiscítear go bhfuil daoine atá ag obair sna hotharlanna faoi bhrú damanta agus iad ag tarraingt ar dheireadh a n-acmhainne.

Cuirtear lena gcuid streachailte de bharr feistis chosanta, ar nós maisc agus lámhainní, a bheith an-ghann.

Idir an dá linn, thug an tAontas Eorpach le fios go n-éistfeadh siad le hiarratas ón Bhreatain maidir le moill a chur ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón aontas.

Deimhníodh Déardaoin freisin gur as baile isteach a tháinig an 39 cás nua den víreas sa tSín. Seo an dara lá i ndiaidh a chéile ar thuairiscigh údaráis na Síne nach raibh aon tras-seoladh úr áitiúil ann.

Tá an tSín ar cheann de na tíortha atá tar éis an víreas a smachtú, is cosúil, de bharr bearta dochta a chur i gcrích.

Ach tá imní anois ag méadú go mbeidh rabharta nua ann de bharr lucht taistil.

D’ordaigh gobharnóir Chalifornia sna Stáit Aontaithe dá chuid saoránach fanacht sa bhaile. Is é California an stát is mó daonra i Meiriceá agus tá siad ag cur lena gcuid iarrachtaí cur in éadan Covid-19.

Tá an Bhaváir, an stát is mó sa Ghearmáin,  ar an chéad réigiún le hordú dianghlasála  a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar an choróinvíreas. Dúnfar bialanna agus ní bheidh cead ag grúpaí bualadh le chéile taobh amuigh feasta.

Fág freagra ar '769 cás den choróinvíreas deimhnithe anois in Éirinn agus 250,000 cás ar fud an domhain'