75% d’iarbhunscoileanna Gaeltachta sásta leis an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie i measc príomhoidí iarbhunscoile Gaeltachta, dúirt 21 duine as 28 díobh go rabhadar sásta nó sásta go leor leis an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a tháinig i bhfeidhm in 2017

75% d’iarbhunscoileanna Gaeltachta sásta leis an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta

Tá 75% d’iarbhunscoileanna Gaeltachta sásta leis an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie i measc príomhoidí iarbhunscoile Gaeltachta, dúirt 21 duine as 28 díobh go rabhadar sásta nó sásta go leor leis an Pholasaí don oideachas Gaeltachta a tháinig i bhfeidhm in 2017.

Faoin pholasaí sin, tá 29 iarbhunscoil a bhfuil stádas bainte amach acu mar scoileanna Gaeltachta. 28 den 29 príomhoide iarbhunscoile Gaeltachta a ghlac páirt i suirbhé Tuairisc.ie.

As an 21 príomhoide a dúirt go raibh siad sásta leis an pholasaí oideachais don Ghaeltacht, bhí naonúr a thug le fios go rabhadar réasúnta sásta nó sásta leis an pholasaí.

Dúirt príomhoide amháin go raibh gnéithe den pholasaí oideachais Gaeltachta go maith toisc gur thug sé “fócas d’fhoireann uile na scoile díriú ar chur chun cinn na teanga”.

“Is maith ann dó,” a dúirt príomhoide eile, “tugann sé fócas nua agus spriocanna cinnte dúinn”.

Mheas príomhoidí eile go raibh fiúntas leis toisc gur thug sé “aird ar an Ghaeilge agus labhairt na Gaeilge i scoileanna” agus toisc gur thug sé “aitheantas” don oideachas Gaeltachta.

Ba “sa treo ceart” a bhí an Polasaí Oideachais Gaeltachta ag gabháil, a dúirt beirt phríomhoidí.

“Tá ag éirí go maith linn spriocanna a bhaint amach. Tá níos mó airde ag múinteoirí nach múinteoirí teanga iad ar chur chun cinn na Gaeilge sa scoil,” a dúirt príomhoide amháin.

Mheas príomhoide eile nach mbeadh toradh ar an pholasaí go dtí go mbeadh an scoil in ann feidhmiú ar fad trí Ghaeilge.

“Molaim an iarracht ach go dtí go mbeidh gach gné de riarachán na scoile le fáil as Gaeilge ach go dtí go mbeidh muid in ann feidhmiú trí Ghaeilge go hiomlán beidh srian ar an toradh, a dúirt an príomhoide sin.”

Ar na buntáistí a luadh le haitheantas Gaeltachta tá acmhainní agus uaireanta breise teagaisc, ach mheas go leor príomhoidí nach leor an méid tacaíochta ná acmhainní a bhí á gcur ar fáil dóibh.

“D’fhéadfadh níos mo maoinithe agus breis uaireanta teagaisc a bheith curtha ar fáil,” a dúirt príomhoide amháin.

“Bheadh uaireanta an chloig breise níos fearr dúinn ach bíonn tacaíocht ar fáil ó COGG agus ón Roinn Oideachais,” a dúirt príomhoide eile.

Dúirt príomhoide eile gur “cabhair” iad na hacmhainní breise ach mheas go raibh “an iomarca brú” ar phríomhoidí Gaeltachta.

“Tá iomarca brú orainn tacú le scéimeanna pobail a bhfuil Oifigigh Pleanála Teanga fostaithe le cur i gcrích. In ainneoin na dea-mhéine tá i bhfad an iomarca brú á leagan ar scoileanna pobal Gaeltachta a iompar as a stuaim féin nach mór, freagracht nach bhfuil cóir ná inbhuanaithe,” a dúirt duine de na príomhoidí.

Cúigear as 26 príomhoide a d’fhreagair an cheist faoin pholasaí oideachais don Ghaeltacht a dúirt nach rabhadar sásta leis.

I measc na gcúiseanna a luadh lena míshástacht bhí easpa acmhainní, easpa tacaíochtaí teagaisc agus ganntanas múinteoirí le Gaeilge.

“Níl dóthain uaireanta tacaíochta teanga ar fáil do scoileanna beaga Gaeltachta,” a dúirt príomhoide amháin.

Is “cineál pionós” é do scoileanna a bheith ag feidhmiú faoin scéim “gan aon sochar dáiríre”, a dúirt príomhoide eile.

Dúirt príomhoide eile go raibh “easpa acmhainní” agus easpa uaireanta tacaíochtaí breise “ag cur bac ar leathnú na scéime sna hábhair éagsúla”.

Thug an príomhoide sin le fios chomh maith go raibh an scoil lonnaithe i gceantar nach raibh ach an tríú cuid de na bunscoileanna sásta a bheith páirteach sa pholasaí oideachais don Ghaeltacht.

Beirt phríomhoidí a luaigh go sonrach go raibh cúrsaí Covid ag cur isteach ar chur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht ina scoileanna féin.

“Tá an téarma sin Gaeltacht caite timpeall na háite go minic. Cinnte is ceantar Gaeltachta é an ceantar seo, ach i ndáiríre, níl Gaeilge i ngach teach, agus níl gach clann ag labhairt na Gaeilge mar phríomhtheanga.

“Níl gach scoil ar an runga céanna den dréimire. Tá Covid tar éis cur isteach ar dhul chun cinn an pholasaí. Bíonn easpa tacaíochtaí i gceist; fágtar faoin scoil a polasaí a chur i bhfeidhm,” a dúirt duine de na príomhoidí nach raibh sásta leis an bpolasaí.

Maidir leis na dúshláin is mó atá roimh phríomhoidí Gaeltachta, luadh easpa acmhainní, deacrachtaí múinteoirí le Gaeilge a earcú agus an dúshlán a bhaineann le nós labhairt na Gaeilge a spreagadh i measc daltaí.

“Baineann an chuid is mó de na dúshláin le hilghnéitheacht teanga na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoil Ghaeltachta agus mar is cóir freastal ar riachtanais agus ar fholláine na ndaltaí céanna,” arsa príomhoide amháin.

Dúirt príomhoide eile gur dúshlán a bhí ann “teanga shóisialta” a dhéanamh den Ghaeilge.

“Níl sé de nós acu Gaeilge a labhairt lena chéile – teanga na scoile atá inti ina n-aigne siúd,” a dúirt an príomhoide eile.

Mhol príomhoide áirithe gur chóir go mbeadh na hacmhainní don Ghaeilge a bhí ar fáil i ngach ábhar “cothrom leis na hacmhainní atá ar fáil i mBéarla”.

Mheas príomhoide eile gur cheart “liúntas” a thabhairt do mhúinteoirí atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge le dul i ngleic leis an easpa múinteoirí le Gaeilge líofa

Fág freagra ar '75% d’iarbhunscoileanna Gaeltachta sásta leis an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta'