720 cás nua den choróinvíreas fógartha, cúigear eile básaithe

Deir an WHO go bhfuil an Eoraip ‘i bhfad chun deiridh ar an víreas’ agus nach bhfuil aon amhras ann ach gurb í ‘croílár an ghalair faoi láthair’

720 cás nua den choróinvíreas fógartha, cúigear eile básaithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil cúigear eile básaithe de dheasca an Covid-19 agus 720 cás nua a dheimhnigh siad inniu.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go raibh rudaí áirithe ag dul sa treo ceart, ag áireamh an lagdhú le cúig lá anuas ar líon na gcásanna den ghalar ar an meán agus an laghdú beag ar an gcéatadán de dhaoine a mbíonn toradh dearfach ar an dtástáil a chuirtear orthu don Covid-19.

Dúirt an Dr Holohan, áfach, go raibh sé róluath a rá cén tionchar a bhí ag na srianta Leibhéal 5 a tugadh isteach an tseachtain seo caite.

Bhain 130 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 47 cás nua a bhí i nGaillimh agus 31 cás nua a bhí i gcontae na Mí.

23 cás a bhí i Maigh Eo, 21 cás a bhí i gCiarraí, 20 cás a bhí i bPort Láirge agus seacht gcás a bhí i nDún na nGall.

Tá ráta coicíse an ghalair anois ag 308 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír.

Ráta 663 atá i gcontae na Mí, an dara ráta is airde sa tír. I gcontae an Chabháin atá an ráta is airde fós – 962.

386 atá i nGaillimh, 337 atá i gCorcaigh agus 319 atá i nDún na nGall.

280 cás in aghaidh gach 100,000 duine atá i gCiarraí, 265 atá i Maigh Eo agus 226 atá i bPort Láirge.

Tá 354 othar atá buailte ag an Covid-19 sna hospidéil agus tá 38 díobh atá in aonad dianchúraim.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt gur bhásaigh 13 duine eile de bharr an Covid-19 agus 722 cás nua a bhí le fógairt acu.

Bhásaigh gach duine den triúr déag sin le lá anuas.

360 othar atá buailte ag an Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh den teorainn tráthnóna agus 38 díobh atá in aonad dianchúraim.

Tá ospidéil an Tuaiscirt “faoi bhrú mór” agus é ag dul dian ar oibrithe sláinte dul i ngleic leis an dara maidhm cásanna, a deir an Bord Sláinte agus Cúram Sóisialta.

Thug Iontaobhas an Tuaiscirt le fios go raibh 33 duine ag fanacht ar leaba in Ospidéal Cheantar Aontroma.

Tá iarrtha ar othair gan freastal ar an aonad éigeandála mura bhfuil cúram leighis ag teastáil ar bhonn práinne uathu.

Dúirt an Dr Tom Black, Cathaoirleach Chumann Leighis na Breataine  gurb í seo an tseachtain is measa ag NHS an Tuaiscirt le cuimhne na ndaoine.

Dúirt sé go raibh trí mhórfhadhb i dteannta a chéile ag cur as don tseirbhís – líon ard na n-oibrithe a bhí amuigh tinn, brú an gheimhridh agus an bhrúisc de chásanna Covid-19.

Dúirt sé go raibh “baol mór” ann nach mbeadh ar chumas an chórais dul i ngleic leis na fadhbanna sin sna seachtainí amach romhainn agus go ndealraíonn sé gur measa an dara maidhm seo ná an chéad mhaidhm.

2,561 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 in Éirinn go dtí seo, 671 duine ó thuaidh den teorainn agus 1,890 ó dheas di.

94,321 cás den ghalar atá deimhnithe go dtí seo, 58,767 ó dheas agus 35,554 ó thuaidh.

Pictiúr: Sasko Lazarov/ RollingNews.ie

Idir an dá linn, tá an Eoraip “i bhfad chun deiridh ar an víreas” a deir an Dr Mike Ryan, Ceannasaí um Éigeandáil na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus an líon daoine atá ag tolgadh an Covid-19 ag dul i méid ar fud an réigiúin.

Dúirt an Dr Ryan nach raibh aon amhras ann ach “gurb í an Eoraip croílár an ghalair faoi láthair” agus go gcaithfí bearta i bhfad níos déine a chur i bhfeidhm chun scaipeadh an víris a cheansú.

Dúirt Ryan go bhféadfaí cuid de na diansrianta atá i bhfeidhm anois a sheachaint dá gcloífeadh daoine leis an gcomhairle sláinte phoiblí. Dúirt sé go bhféadfadh nach mbeadh an dianghlasáil riachtanach dá ngabhfadh daoine ar coraintín nuair ba chóir dóibh ach “nach raibh gach duine á dhéanamh sin”.

Is beag foighid atá aige le gníomhartha lucht feachtais in aghaidh na dianghlasála agus lucht na dteoiricí comhcheilge ach oiread.

“Cén chaoi a gcuirfidh tú ina luí ar dhuine gur chóir dó rud éigin a dhéanamh mura gcreideann sé go bhfuil fadhb ann?” a dúirt sé.

“Caithfidh rialtais a chur ina luí ar dhaoine an rud ceart a dhéanamh ach caithfidh siad tacaíocht a thabhairt dóibh agus é sin á dhéanamh acu.”

De réir na staitisticí is déanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a chosc agus a Rialú, bhí breis is 6.2 milliún cás den Covid-19 sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus sa Ríocht Aontaithe ó thús na paindéime.  Tá sé ar an taifead gur chuir an víreas  210,953 duine den saol sa limistéar sin.

Tá an ráta coicíse Covid-19 in aghaidh gach 100,000 os cionn 1,300 sa Bheilg agus i bPoblacht na Seice.

Tá an ráta sa bhFrainc ag 629, 446 atá sa Spáinn, 416 sa Ríocht Aontaithe, 304 san Iodáil agus 144 sa Ghearmáin. 308 an ráta sa tír seo in aghaidh gach 100,000 duine.

Fág freagra ar '720 cás nua den choróinvíreas fógartha, cúigear eile básaithe'