72% ó dheas agus 49% ó thuaidh ar son rogha do chách maidir leis an réamhscolaíocht Ghaeilge – pobalbhreith

Léiríonn pobalbhreith nua go gcreidtear go láidir ó dheas agus ó thuaidh gur chóir go mbeadh an ceart ag páiste freastal ar réamhscoil Ghaeilge más é sin rogha a thuismitheoirí

72% ó dheas agus 49% ó thuaidh ar son rogha do chách maidir leis an réamhscolaíocht Ghaeilge – pobalbhreith

Deir seachtar as gach deichniúr ó dheas agus beagnach leath den phobal ó thuaidh gur chóir go mbeadh an ceart ag páiste freastal ar réamhscoil Ghaeilge más é sin rogha a thuismitheoirí.

Sin ceann de na torthaí ar shuirbhé náisiúnta nuafhoilsithe a rinne Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge.

Dúirt breis is leath de na daoine a ceistíodh ó dheas gur chóir tacaíocht airgid agus eile a chur ar fáil do dhaoine atá ag tógáil a gcuid páistí trí Ghaeilge.

40% a dúirt amhlaidh ó thuaidh.

De réir sonraí faoin bpobalbhreith a foilsíodh roimhe seo, bhí 64% den phobal ar son stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar sa chóras oideachais a fhágáil mar atá.

Bhí beirt as gach triúr den tuairim gur chóir leasú a dhéanamh ar an gcóras oideachais in Éirinn le cinntiú go mbíonn labhairt na Gaeilge go maith ag gach dalta ar fhágáil na scoile dóibh.

64% de dhaoine a chreid gur chóir an córas oideachais a leasú ar mhaithe leis an nGaeilge.

63% a dúirt gur cheart polasaí náisiúnta nua a thabhairt isteach do theagasc na Gaeilge a cheanglódh le chéile gach leibhéal den chóras, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

Tá a leithéid de pholasaí ar cheann de na móréilimh atá ag Conradh na Gaeilge.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer gur ar mhaithe leceisteanna oscailte agus ionraice” faoin nGaeilge a chur ar mhuintir na hÉireann a bhíonn suirbhé Céard é an scéal? á dhéanamh.

In ainneoin na ndúshlán a aithníonn an pobal i leith na teanga is léir dúinn go bhfuil muintir na hÉireann go mór i bhfách leis an tseoid is luachmhaire dár n-oidhreacht a chaomhnú agus a chur chun cinn – ach é sin a dhéanamh bunaithe ar phleananna agus straitéisí atá comhaontaithe ag an bpobal agus atá ar leas gach duine a bhfuil spéis sa Ghaeilge acu,” a dúirt Niall Comer.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur gá do phobal na teanga “a bheith níos eagraithe ná riamh”.

“Tá toghcháin ar an bhealach agus is léir ón méid atá bainte amach ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le pobal na Gaeilge gur féidir linn tionchar dearfach a imirt ar na cinntí a dhéanann an dá rialtas, thuaidh agus theas, maidir leis an teanga.

“Is tábhachtaí ná riamh, dá bhrí sin, go seasaimid le chéile mar phobal agus go dtugaimid dúshlán na neamhairde agus na neamhshuime.”

Fág freagra ar '72% ó dheas agus 49% ó thuaidh ar son rogha do chách maidir leis an réamhscolaíocht Ghaeilge – pobalbhreith'