7 Lá le filleadh anocht agus Máirín Ní Ghadhra RnaG a bheidh ina láithreoir

Tugadh le fios anuraidh go raibh deireadh á chur le 7 Lá, ach fógraíodh ina dhiaidh sin go raibh athbheochan le déanamh ar an gclár cúrsaí reatha

7 Lá le filleadh anocht agus Máirín Ní Ghadhra RnaG a bheidh ina láithreoir

Is í Máirín Ní Ghadhra, an craoltóir aitheanta de chuid Raidió na Gaeltachta, a chuirfidh chéad seacht gclár sa tsraith nua de 7 Lá i láthair ar TG4.

Páidí Ó Lionáird a bhíodh ina láithreoir ar an gclár cúrsaí reatha, ach beidh painéal láithreoirí á úsáid don tsraith nua den chlár.

Is iad an bheirt eile atá ar an bpainéal láithreoirí don tsraith nua ná Eibhlín Ní Chonghaile, craoltóir eile de chuid RTÉ RnaG, agus Eimear Ní Chonaola, láithreoir nuachta Nuacht TG4.

Is é Éamonn Ó Cualáin, an léiritheoir teilifíse as Iorras Aithneach i gConamara, a bheidh mar eagarthóir ar an gclár.

Tugadh le fios anuraidh go raibh deireadh á chur le 7 Lá mar chuid de chur chuige úr Ardstiúrthóir nua TG4, Alan Esslemont, ach fógraíodh ina dhiaidh sin go raibh athbheochan le déanamh ar an gclár cúrsaí reatha agus craoladh ceithre eagrán speisialta de an fómhar seo caite.

Dúirt Máirín Ní Ghadhra le Tuairisc.ie go raibh sí ag súil leis an “dúshlán nua”.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh clár cúrsaí reatha ag TG4 agus tá súil agam go gcuideoidh an clár leis an mbearna a bhí ann le sé mhí a líonadh.

“Tá mé ag súil leis an dúshlán nua go háirithe agus am thar a bheith spéisiúil againn ó thaobh cúrsaí nuachta agus polaitíochta,” a dúirt sí.

Ní hé seo an chéad uair ag Máirín Ní Ghadhra clár cúrsaí reatha a chur i láthair ar an stáisiún teilifíse Gaeilge. Bhí sí ina comhláithreoir, le hÁine Ní Chiaráin, ag deireadh na mílaoise ar an gclár Cead Cainte, an chéad chlár cúrsaí reatha ar TG4.

Chomh maith leis na láithreoirí nua, beidh cuma nua ar Seacht Lá a bheidh á sholáthair ag RTÉ don stáisiún Gaeilge gach seachtain feasta agus beidh sé á chraoladh beo ón stiúideo nua i mBaile na hAbhann óna gcraoltar Nuacht TG4 anois chomh maith.

Roimhe seo ba é TG4 féin a léiríodh 7 Lá, ach faoin socrú nua is é RTÉ a chuirfidh an clár seachtainiúil cúrsaí reatha leathuair an chloig ar fáil do TG4 mar chuid dá soláthar reachtúil don stáisiún Gaeilge.

Idir an dá linn, tuigtear do Tuairisc.ie gur chinn Breandán Delap, an té a ceapadh ina Eagarthóir Léiriúcháin chun féachaint i ndiaidh an leagan nua de 7 Lá, gan tabhairt faoin gcúram sin.

Cé go mbeidh Delap ag cuidiú leis na chéad trí chlár sa tsraith a chur ar fáil, tuigtear go bhfillfidh sé ar an bpost atá aige le 15 bliain anuas mar chlár-eagarthóir sa seomra nuachta ansin. Éamonn Ó Cualáin a thiocfaidh ina áit mar eagarthóir ar Seacht Lá.

Fág freagra ar '7 Lá le filleadh anocht agus Máirín Ní Ghadhra RnaG a bheidh ina láithreoir'

  • Bertie Ó hAinmhire

    Clár den scoth anocht, comhghairdeas leo uile