67 cás nua ó dheas agus 74 cás nua ó thuaidh fógartha

Dúirt an tAire Sláinte ó thuaidh Robin Swann inniu go raibh an líon daoine a tholg an galar ó dhuine a raibh siad i ngartheagmháil leis “dúbailte” ó mhí Iúil

67 cás nua ó dheas agus 74 cás nua ó thuaidh fógartha

Pictiúr: Sasko Lazarov / Rollingnews.ie

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 67 cás nua den ghalar Covid-19 deimhnithe inniu. Ní raibh bás ar bith le fógairt.

Bhain 18 cás le Baile Átha Cliath, 17 cás le Cill Dara, naoi gcás le contae an Chláir agus cúig chás le Luimneach.

Bhain an chuid eile de na cásanna le 9 gcontae éagsúla.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 38 den 67 cás nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Bhain 16 de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 70% de na daoine a bhí i gceist faoi bhun 45 bliain d’aois.

D’fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar maidin go raibh 13 othar a bhí buailte ag Covid-19 sna hospidéil aréir agus bhí seisear acusan in aonaid dianchúraim.

Léiríonn na figiúirí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh go raibh os cionn 100 cás den Covid-19 sa tseachtain sa tír seo le cúig seachtaine agus an tseachtain seo caite go raibh an líon go hard os a chionn.

509 cás nua a deimhníodh an tseachtain seo caite, ardú mór ón tseachtain roimhe sin. Bhain 46% díobh sin le ráig amháin agus bhain an tríú cuid díobh leis an ráig i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí. 34 an aois airmheánach a bhí ag na daoine a bhí buailte ag an víreas.   

Léiríonn an tuarascáil ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur beag na cásanna atá i gcuid mhaith contaetha. Bhí níos lú ná 10 gcás sa tseachtain i gcontae Phort Láirge le 15 seachtain, bhí an scéal amhlaidh i gCiarraí le 14 seachtain agus i Maigh Eo le deich seachtaine.

74 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh ó thuaidh den teorainn inniu agus bhásaigh duine amháin de bharr an víris, agus tuairiscítear nach raibh an dá scór sroichte ag an othar sin.

558 duine ar fad atá curtha den saol ag Covid-19 ó thuaidh den teorainn faoin tráth seo agus 6,299 duine a deimhníodh an galar a bheith orthu. Is le seacht lá anuas a deimhníodh go raibh an galar tolgtha ag 242 duine díobh sin.

Dúirt an tAire Sláinte Robin Swann inniu go raibh an líon daoine a tholg an galar ó dhuine a raibh siad i ngartheagmháil leis “dúbailte” ó mhí Iúil.

“B’fhéidir gurb é an maolú ar an dianghlasáil is cúis leis an ardú ach d’fhéadfadh freisin go bhfuil daoine ag éirí réchúiseach faoin scaradh sóisialta,” a dúirt Swann. D’impigh sé ar dhaoine cloí leis na srianta agus “gach ar féidir leo” a dhéanamh leis an víreas a chosc ó “scaipeadh sa bpobal”.

2,332 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,774 duine ó dheas den teorainn agus 558 ó thuaidh di.

33, 294 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,995 cás ó dheas agus 6,299 cás ó thuaidh.

De réir figiúirí na Roinne Sláinte ó thuaidh, tá 558 duine anois básaithe de bharr Covid-19 ansin ach deir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) go bhfuil an t-iomlán i bhfad níos airde.

Dúirt NISRA ar maidin go bhfuair 859 ar fad bás ó thuaidh den teorainn de bharr an choróinvíris, breis is 300 duine thairis mar a bhí ar an taifead ag an Roinn Sláinte ansin.

Ní chomhaireann an Roinn Sláinte ansin ach na daoine a bhásaigh in ospidéal agus a raibh tástáil dheimhneach faighte acu ach áiríonn NISRA gach duine a raibh an víreas luaite mar shiocair bháis leo.

Deir NISRA gur in ionaid chúraim a bhí 40.6% nó 349 den 859 duine a chuir an víreas den saol. In ospísí a bhí ochtar eile a bhásaigh dá bharr.

As an 859 duine a bhásaigh de bharr an choróinvíris bhí 452 acu in ospidéil agus 50 acu a bhí in ionaid chónaithe eile.

Idir an dá linn, tá turasóirí as an mBreatain ar a míle dícheall ag iarraidh filleadh abhaile roimh a 4.00am maidin amárach, sula mbeidh orthu coraintín 14 lá a dhéanamh agus iad ag filleadh as an bhFrainc agus as an Ollainn agus cúpla tír eile faoi shrianta nua a tugadh isteach sa Ríocht Aontaithe leis an víreas a chosc.

Meastar go raibh 160,000 turasóir as an mBreatain sa bhFrainc nuair a fógraíodh an dlí nua. An t-ardú mór ar an líon cásanna nua sa bhFrainc an t-údar a tugadh leis an gcoraintín seo.

Buille mór é do thionscal na turasóireachta sa bhFrainc agus dúirt na húdaráis ansin go bhféadfadh go gcuirfí ‘socrú dá réir’ i bhfeidhm ar dhaoine a bheadh ag teacht chun na Fraince as an Ríocht Aontaithe.

Fág freagra ar '67 cás nua ó dheas agus 74 cás nua ó thuaidh fógartha'