6,697 cás nua den víreas fógartha, 5,639 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

6,697 cás nua den víreas fógartha, 5,639 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

6,697 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, bunaithe ar thástálacha PCR.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 5,639 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

597 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 13 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 66 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos mó ná mar a bhí ann inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 3,833 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

359 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 12 díobhsan atá in aonad dianchúraim

Fág freagra ar '6,697 cás nua den víreas fógartha, 5,639 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE'