650 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, gan aon chás nua le fógairt i gCiarraí

Tá os cionn 4,000 bás de dheasca an Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte ó thús na paindéime agus breis is 6,000 duine básaithe ar fud na hÉireann de bharr an ghalair

650 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, gan aon chás nua le fógairt i gCiarraí

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 57 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. 

Tá os cionn 4,000 bás de dheasca an Covid-19 anois deimhnithe ag an Roinn Sláinte ó thús na paindéime agus breis is 6,000 duine básaithe ar fud na hÉireann de bharr an ghalair.

Mí Feabhra a bhásaigh 34 de na daoine a raibh Covid-19 orthu agus ar fógraíodh a mbás inniu, mí Eanáir a bhásaigh 21 duine acu. Bhain bás amháin le mí na Nollag agus bhain ceann eile le mí na Samhna.

650 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Ní raibh aon chás den Covid-19 le fógairt i gcontae Chiarraí inniu.

53 de chásanna an lae inniu a bhain le Gaillimh, bhí 50 cás i gcontae na Mí agus 46 cás a bhí i gCorcaigh. 17 cás a bhain le Maigh Eo, 12 cás bhí i nDún na nGall agus 10 gcás a bhí i bPort Láirge.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go bhfuil “contúirt fós ann” in ainneoin an dul chun cinn atá déanta le tamall anuas.

“Is é cineál B117 den víreas atá ar 90% de na daoine a bhfuil an galar orthu sa tír seo anois. Is léir ón gcaoi a bhfuil sé ag scaipeadh i dteaghlaigh faoi láthair go bhfuil an leagan seo den víreas i bhfad níos tógálaí, bhí an galar tolgtha ag duine as gach triúr teagmhálaithe a bhí ag daoine a raibh an Covid-19 seo orthu. 

“Léiríonn sé seo a thábhachtaí atá sé go mbeadh daoine fíorchúramach, bídís sa mbaile nó in aon áit eile. An rud is tábhachtaí ar fad go bhfanfadh daoine amach ó chuile dhuine eile chomh luath in Éirinn agus a airíonn siad aon chomharthaí sóirt orthu agus go ngabhfaidh siad i dteagmháil lena ndochtúir teaghlaigh.”

Líon na Marbh
Ó Dheas 4,036
Ó Thuaidh 2,015
Iomlán 6,051
Líon na gCásanna
Ó Dheas 211,751
Ó Thuaidh 109,785
Iomlán 321,536

 

Meánráta coicíse 262 cás in aghaidh gach 100,000 atá i gceist sa stát faoi láthair. 

Tá an ceathrú ráta is airde sa stát i nGaillimh (328) agus tá an ráta is ísle i gCiarraí (83). Ráta 299 i gcontae na Mí, 293 atá i bPort Láirge, 258 atá i Maigh Eo, 180 atá i nDún na nGall agus ráta 148 atá i gCorcaigh.

Dé Domhnaigh seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 180,192 duine agus an dara dáileog faighte ag 91,750 duine.

831 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 154 díobhsan in aonaid dianchúraim. Tá líon na n-othar in aonaid dianchúraim anois níos lú ná mar a bhí ag buaicphointe na paindéime mí Aibreáin seo caite. 173 othar a bhí sna haonaid sin Dé Céadaoin seo caite.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil seisear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe. Deimhníodh 341 cás nua den ghalar ansin tráthnóna. 297 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh inniu agus bhí 53 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Tá 447,685 dáileog den vacsaín tugtha go dtí seo i dTuaisceart Éireann. Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 418,209 duine agus an dara dáileog faighte ag 29,476 duine.

6,051 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,015 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,036 duine ó dheas di.

321,536 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 211,751 cás ó dheas den teorainn agus 109,785 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '650 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, gan aon chás nua le fógairt i gCiarraí'