631 cás nua fógartha, an líon is mó in aon lá amháin ó mhí Aibreáin

Deir Príomhoifigeach na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan gur údar imní atá sna figiúirí is deireanaí a léiríonn go bhfuil an víreas forleathan i bpobail ar fud na tíre arís

631 cás nua fógartha, an líon is mó in aon lá amháin ó mhí Aibreáin

631 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. Inniu an chéad lá ó mhí Aibreáin go raibh os cionn 600 cás nua le fógairt.

Deir Príomhoifigeach na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan gur údar imní atá sna figiúirí is deireanaí a léiríonn go bhfuil an víreas forleathan i bpobail ar fud na tíre arís.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Ionad Faireacháin Cosanta Sláinte, tá cuid de na rátaí is airde agus is ísle den víreas i gceantair Ghaeltachta na Mumhan.

Is i dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge, atá an dara ráta scaipthe is airde sa stát le coicís anuas agus bhí Corca Dhuibhne ar cheann den 14 toghcheantar ar fud na tíre inar aimsíodh níos lú ná cúig chás le linn na tréimhse chéanna.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 605 cás nua den ghalar deimhnithe ansin. Níor bhásaigh aon duine ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

60 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt, ardú ó 48 inné. Duine amháin acusan atá in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i naoi gcinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,181,008 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 926,855.

Maidin inniu ar an gclár raidió Morning Ireland, rinne comhairleoir sa gcóir leighis éigeandála in Ospidéal na hOllscoile, Sligeach, an Dr Fergal Hickey, cur síos ar an “brú suntasach” atá ar an rannóg éigeandála san ospidéal.

“Ní féidir leis an bhfoireann an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm i bhformhór na rannóg éigeandála sa tír mar gheall ar an líon othar atá ag freastal ar an rannóg agus tá imní orainn faoi scaipeadh an Delta. Tá sé dainséarach ansin faoi láthair agus in olcas a ghabhfaidh sé má thagann tuilleadh othar isteach chugainn agus an cineál Delta den choróinvíreas tolgtha acu.”

Mhínigh an dochtúir gur ceann de na cúiseanna leis an bplódú nach mbíonn aon leaba le fáil don othar a dteastaíonn ceann uaidh nuair a bhíonn siadsan tar éis an chéad chóir leighis a chur air.

Cuid de na hothair seo tagann siad ag an ospidéal toisc nach féidir leo coinne a fháil lena ndochtúir teaghlaigh agus roinnt eile a ndochtúir féin a d’ordaigh chuig an ospidéal iad.

Dúirt an Dr Hickey go gcaithfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte féachaint le “malairt conairí” a fhiosrú d’othair a bhfuil cóir leighis de dhíth orthu.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr Colm Henry gur mar gheall ar na “coinní a cuireadh ar ceal” le linn na dianghlasála agus “de bharr chibirionsaí na Bealtaine” a bhí an brú sin ar na rannóga éigeandála faoi láthair.

Dúirt an Dr Henry nach bhféadfaí a rá fós cén tionchar a bheadh ag an ardú ar chásanna Delta ar na hospidéil ach go raibh ospidéil i Sasana agus in Albain “an-bhuartha” faoin ardú as cuimse a bhí ansin.

An difríocht, a deir sé idir an mhaidhm seo agus na cinn eile go bhfuil an vacsaín “ina balla tuile” in aghaidh an drochthinnis ach má théann na cásanna sách ard, “réabfar an balla cosanta sin”.

Dúirt an Dr Henry go leanfadh an HSE comhairle an Choiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) maidir le vacsaín threisithe nó teanndáileog a thabhairt do dhaoine níos deireanaí sa mbliain, mar atá á phleanáil i Sasana ach dúirt gur cinneadh é nach raibh déanta fós.

Ar an gclár News at One ar RTÉ, bhí fainic ag an Dr Mike Ryan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chlár Éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO), d’aon duine a cheapann go bhfuil an chontúirt curtha dínn againn.

Cineálacha nua den vacsaín an t-údar imní is mó, dar leis, mar má choinníonn an coróinvíreas air ag athrú, “gach seans” go dtiocfaidh cineál a bheidh beag beann ar an vacsaín.

“An chontúirt leis an mbrúisc seo den Delta, tá an uimhir R, an ráta scaipthe, ag 1.2 faoi láthair sílim, agus tá go leor daoine atá an-leochaileach fós sa tír,” a dúirt an Dochtúir Ryan.

Tá an cuar íslithe ag Éirinn cúpla uair, a dúirt sé, ach is deacair é a choinneáil thíos agus caithfear athoscailt na seirbhísí a dhéanamh “go mall agus go cúramach”.

Dúirt an Dr Ryan gur chóir don tír seo a bheith ag breathnú chun cinn go dtí Meán Fómhair nuair a bheidh scoileanna agus ionaid oideachais ag athoscailt agus “an plean sin a bhunú ar a bhfuil ag tarlú i dtaobh an víris, seachas a bheith inár sclábhaí ag clár ama éigin”.

Dúirt an Dr Ryan go raibh an tír seo riamh ina ceannródaí i gcúrsaí “daonnúlachais” agus go bhféadfadh an tír a bheith ina ceann feadhna san Eoraip agus sa domhan ag “roinnt vacsaíní” le tíortha nach acmhainn dá bpobal iad agus go raibh súil aige go ndéanfadh an Rialtas anseo “geallúint” faoi sin ar mhaithe leis na fadhbanna ollmhóra atá leis “an dáileadh agus an éagothromas” a mhaolú.

Fág freagra ar '631 cás nua fógartha, an líon is mó in aon lá amháin ó mhí Aibreáin'

  • Lonán Fiaċ Ó Lorgnáin

    Cuireaḋ an t-ainfrídín AstraZeneca ar mo ṫuismiṫeoirí (as Trá Ṁór na Muṁan ó ḋúċas) agus orm féin; tá ainfrídíní eile an ġalair Ċorónaiġ in easnaṁ inti seo na hAstráile. Is beag na coṁarṫaí sóirt a ḃí orṫusan dá ḃarr, aċ do ḃí éagruas, saṁnas, múisc, tinneas cinn mar aon le heagla go trom ormsa; níl aċ tríoċa bliain d’aois agam. Do ċuidiġ dornán paraicéiteamóil agus mo ċéile liom gur ṫánag slán as. Níl mairg ar biṫ orm, áfaċ, agus cosaint sláinte 7 cead um aistear i gcéin á mbronnaḋ orm a ḃuíoċas leis. #AinfrídíniúAbú