61,107 dalta ag fáil a gcuid torthaí Ardteiste ar maidin

Tá torthaí na bliana seo mórán mar a chéile le torthaí na bliana seo caite agus córas curtha i bhfeidhm leis an méid sin a chinntiú

61,107 dalta ag fáil a gcuid torthaí Ardteiste ar maidin

Maria Nic Dhonnacha, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, a fuair na marcanna is airde sa scoil sin, 625, san Ardteist. Beidh Maria ag staidéar bitheolaíocht leighis in Óllscoil na hÉireann, Gaillimh. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh 61,107 dalta ag fáil a gcuid torthaí Ardteiste ar maidin.

De dheasca na paindéime, is iad daltaí Ardteiste na bliana seo an chéad dream ó 2019 atá ag fáil torthaí ar scrúduithe traidisiúnta amháin.

Tá torthaí na bliana seo mórán mar a chéile le torthaí na bliana seo caite agus córas curtha i bhfeidhm leis an méid sin a chinntiú.

D’iarr an tAire Oideachais Norma Foley ar Choimisiún Scrúduithe an Stáit beartais a chur i gcrích a chinnteodh nach mbeadh torthaí Ardteist 2022, trí chéile, níos lú ná torthaí na bliana seo caite.

Ardleibhéal GRÁD 1 2 3 4 5 6 7 8
2021 % 14.3 20.3 23.7 20.7 12.8 5.8 1.5 0.9
2022 % 14.4 20.2 22.3 19.9 13.4 6.4 2.4 1.0
Gnáthleibhéal GRÁD 1 2 3 4 5 6 7 8
2021 % 5.2 12.9 21.7 23.4 18.9 12.2 3.1 2.7
2022 % 4.5 15.4 25.2 24.2 16.5 8.3 3.8 2.1
Gnáthleibhéal GRÁD 1 2 3 4 5 6 7 8
2021 % 10.0 19.4 21.2 19.3 14.9 11.0 1.8 2.5
2022 % 10.7 17.8 21.5 20.0 14.7 9.2 4.6 1.5

Cuirfear torthaí na hArdteiste 2022 ar fáil ag ó 10 am ar aghaidh maidin inniu, nó is féidir le daltaí iad a fháil ar scoil chomh maith.

61,107 dalta a rinne scrúdú na hArdteiste in 2022 agus 58,056 díobhsan a rinne ardteist thraidisiúnta.

Thréaslaigh an tAire Oideachais Norma Foley a gcuid torthaí leis na daltaí.

“Ba mhaith liom comhghairdeachas mór a dhéanamh le gach dalta atá ag fáil a gcuid torthaí inniu. Comhghairdeachas leis an uile dhuine agaibh,” a deir an tAire Oideachais.

Tá líne chabhrach ar fáil ó mhaidin inniu chun eolas a chur ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí maidir leis na torthaí. 1800 265 165 uimhir na líne cabhrach atá á reáchtáil ag Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí.

Beidh teacht ar an líne chabhrach idir 2pm-8pm ón Aoine an 2 Meán Fómhair go dtí Dé Céadaoin an 14 Meán Fómhair.

Tá líne chabhrach á cur ar fáil chomh maith ag Coimisiún Scrúduithe an Stáit chun déileáil le haon cheisteanna faoi Thairseach Fhéinseirbhíse na nIarratasóirí.

1800 111135 nó 1800 111136 uimhir na líne sin agus beidh sé ar fáil ó 10am go dtí 5pm ón lá inniu go dtí an 12 Meán Fómhair.

Tá iarrtha ar scoileanna gach tacaíocht is féidir a thabhairt do dhaltaí inniu, lá na dtorthaí.

Beidh roinnt seirbhísí ar fáil do dhaltaí ar Thairseach Féinseirbhíse Iarrthóra na hArdteistiméireachta ó 12pm ar an 6 Meán Fómhair.

Daltaí ar mian leis iarratas a dhéanamh a scripteanna a fheiceáil, caithfidh sé dul go dtí an Tairseach idir 5pm Dé Máirt an 6 Meán Fómhair agus 8pm Dé Céadaoin an 7 Meán Fómhair.

Beidh an chéad bhabhta tairiscintí CAO á fhógairt ag 2pm  Déardaoin seo chugainn, an 8 Meán Fómhair.

Daltaí ar mian leo achomharc a dhéanamh faoi aon toradh a fhaigheann siad, caithfidh siad iarratas a dhéanamh tríd an tairseach ar líne idir 9am Dé Sathairn an 10 Meán Fómhair agus 12pm Dé Luain an 12 Meán Fómhair.

Níl dáta socraithe fós do thorthaí na n-achomharc agus deirtear go mbeidh an dáta sin ag brath ar líon na n-achomharc a dhéanfar.

Fág freagra ar '61,107 dalta ag fáil a gcuid torthaí Ardteiste ar maidin'