600 cás eile fógartha, NPHET buartha faoin ardú atá tagtha ar líon na gcásanna i measc an aosa óig

Deir an Dr Tony Holohan go bhfuil go leor oibre déanta ó thús na paindéime agus go bhfuil cúis dóchais ann ach gur údar imní go fóill an t-ardú atá ag teacht ar líon na gcásanna den víreas

600 cás eile fógartha, NPHET buartha faoin ardú atá tagtha ar líon na gcásanna i measc an aosa óig

600 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

64 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 17 acusan in aonad dianchúraim.

Deir Príomhoifigeach na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan go bhfuil go leor oibre déanta ó thús na paindéime agus go bhfuil cúis dóchais ann ach gur údar imní go fóill an t-ardú atá ag teacht ar líon na gcásanna den víreas.

“500 lá is an lá amárach a deimhníodh an chéad chás den COVID-19 in Éirinn. Is mór atá curtha dínn againn i dteannta a chéile ó shin ar an aistear anacrach seo agus is mór an íobairt atá déanta againn agus muid ar fad ag iarraidh scaipeadh an ghalair seo a mhaolú,” arsa an Dr Holohan.

“Agus beagnach cúig mhilliún vacsaín faighte ag daoine, tá an-údar dóchais againn don todhchaí. Tá an clár vacsaínithe ag obair, tá an leibhéal cosanta in aghaidh an víris sa bpobal ag ardú gach lá. Ba chóir go mbeadh muinín ag na daoine a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu bualadh le níos mó daoine agus sásamh a bhaint as an tsaoirse bhreise sin ach ag an am céanna a bheith cúramach faoin gcomhairle sláinte phoiblí.”

Dúirt an Dr Holohan gur eol dó cé chomh deacair is atá sé ag daoine cloí leis na bearta sláinte phoiblí ach go dteastaíonn comhoibriú chun contúirt an chineáil Delta a laghdú.

“Údar mór imní an t-ardú mór atá líon na gcásanna laethúla faoi láthair, go háirithe i measc na ndaoine óga idir 16-29 bliain. Mura bhfuil an vacsaín ar fad faighte agat, caithfidh tú a bheith an-chúramach faoina ndéanfaidh tú an samhradh seo. Ta sé fíor-riachtanach go seachnóidh tú sluaite, gan bualadh le mórán daoine, fanacht amach ó dhaoine eile agus glacadh leis an vacsaín a luaithe agus a gheobhaidh tú tairiscint.”

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 528 cás nua den ghalar deimhnithe ansin. Níor bhásaigh aon duine ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

Níl aon eolas nua maidir le líon na n-othar sna hospidéil tugtha ag an Roinn Sláinte ó thuaidh mar gheall ar an deireadh seachtaine saoire bainc. Dé Céadaoin a dhéanfar uasdátú ar na figiúirí sna hospidéil.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,185,689 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 942,014.

Inniu a thosaigh an Rialtas ó dheas ag seoladh Teastas Digiteach Covid an Aontais Eorpaigh chuig aon duine atá ina theideal. Aon duine a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu faoi chlár vacsaínithe an rialtais agus a chláraigh ar shuíomh idirlín Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gheobhaidh siad an teastas ar ríomhphost. Gheobhaidh milliún duine eile é tríd an bpost – daoine a fuair an tsnáthaid óna ndochtúir teaghlaigh nó sa chógaslann. Na daoine a fhaigheann sa phost an teastas is féidir leo pictiúr de a chur san fhón ach moltar dóibh an chóip chrua a thabhairt leo ar eagla go mbeadh aon fhadhb leis an scanadh.

Daoine a raibh an víreas orthu le sé mhí agus a tháinig uaidh féadfaidh siad Teastas Téarnaimh a fháil ach glaoch ar líne ghutháin a bheidh ag feidhmiú ón 19 Iúil. Beidh cead tástáil PCR nó tástáil antaigine a fháil freisin chun cead taistil a fháil ón 19 Iúil, má thugtar an cead sin.

Tá an Rialtas freisin le cinneadh a dhéanamh anocht an ndéanfar leasú ar an Acht um Shláinte Phoiblí 1947 ionas go mbeadh cead ag daoine atá vacsaínithe, a raibh an víreas orthu le sé mhí nó a bhfuil toradh diúltach faighte acu ar thástáil PCR nó antaigine dul ag ithe is ag ól faoi dhíon i mbialann nó dteach tábhairne. Bheadh cead ag a gclann atá faoi 18 bliain d’aois dul isteach ina dteannta. Is cosúil gur trí mhí a bheadh an leasú seo i bhfeidhm.

Tá an leasú á phlé ag cruinniú fíorúil rialtais faoi láthair.

Tá an Rialtas ag iarraidh go rithfí an leasú seo sa Dáil agus sa Seanad roimh dheireadh na seachtaine sula gcuirfí faoi bhráid an Uachtaráin le síniú. Sa gcás go mbeadh aon amhras ar an Uachtarán faoina bhunreachtúlacht, d’fhéadfadh sé an leasú a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte.

Dúirt an Taoiseach inniu go n-osclófaí earnáil an fháilteachais de réir a chéile faoi chomhairle NPHET.

Fág freagra ar '600 cás eile fógartha, NPHET buartha faoin ardú atá tagtha ar líon na gcásanna i measc an aosa óig'