592 cás nua den choróinvíreas fógartha, srianta in ionaid altranais le scaoileadh beagáinín

Dúirt an tOllamh Philip Nolan gur deimhníodh sé ráig i scoileanna an tseachtain seo ach go raibh níos lú ná deich gcás i gceist le gach ráig

592 cás nua den choróinvíreas fógartha, srianta in ionaid altranais le scaoileadh beagáinín

Tá deichniúr eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

Bhain ocht gcinn de na básanna de dheasca Covid-19 a fógraíodh inniu le mí an Mhárta, bhain ceann acu le mí Feabhra agus bhain ceann eile le mí Eanáir.

592 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

359 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 87 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim. Cuireadh 32 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET go raibh údair imní áirithe le sonrú le cúpla lá anuas.

“Tá dul chun cinn leanúnach á dhéanamh againn go mall ach tá údair imní áirithe le feiceáil sna sonraí. Tá an chontúirt ann i gcónaí mar tá líon na gcásanna fós ard. D’fhéadfadh an galar scaipeadh go tapa arís sna seachtainí seo romhainn agus níos mó daoine ag gluaiseacht thart agus ag freastal ar an láthair oibre. 

“Meastar go bhfuil an uimhir R seasmhach ag 0.6-1.0, ach tá sé fíor-riachtanach sna seachtainí beaga seo romhainn go bhfanfaidh muid sa mbaile, nach mbuailfidh muid ach le fíorbheagán daoine agus nach scaipfidh muid an galar.”

Dé Domhnaigh seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 382,528 duine agus an dara dáileog faighte ag 154,089 duine.

Dúirt an tOllamh Nolan go raibh sé ráig deimhnithe i scoileanna an tseachtain seo. Líon beag cásanna, níos lú ná deich gcinn, a bhí i gceist a dúirt an tOllamh Nolan, cé go raibh fiosrúcháin fós ar bun i gcásanna áirithe.

Tá sé i gceist ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí dhá chuairt sa tseachtain a cheadú do dhaoine atá ina gcónaí in ionaid altranais ón 22 Márta. 

Táthar ag súil go bhfógróidh an tAire Mary Butler an t-athrú seo ar na srianta go luath agus go gceadófar dhá chuairt uair an chloig sa tseachtain a thabhairt ar dhuine ar bhonn atrua. Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly sa Dáil inniu go mbeadh na cuairteanna sin á bplé ag NPHET inniu. 

Tá ráta dearfachta an víris sna hionaid altranais ag 0.2% faoi láthair agus údar misnigh é seo a léiríonn go bhfuil na vacsaíní ag oibriú don fhoireann agus do na daoine a chónaíonn sna hionaid.  

Dúirt Tadhg Daly, Príomhfheidhmeannach Ionaid Altranais Éireann inniu go raibh súil aige go molfadh NPHET maolú mór ar na srianta ó thaobh cuairteoirí a ligean isteach sna hionaid i gcásanna criticiúla agus ar bhonn atrua. Dúirt Daly go raibh sé ag súil go bhfoilseofaí na treoracha nua an tseachtain seo chugainn. 

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go mbeadh sé ina Bhealtaine “ar a thúisce” sula mbeadh seirbhísí cúram pearsanta amhail gruaigeadóirí ag athoscailt arís.

35 de chásanna an lae inniu a bhain le Dún na nGall, bhí 33 cás i gcontae na Mí, 28 cás a bhí sa Ghaillimh agus 20 cás a bhí i gCorcaigh. 13 cás a bhain le Port Láirge, cúig chás a bhí i gCiarraí agus níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i Maigh Eo.

Meánráta 162 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Is é contae na Mí (215) an t-aon chontae Gaeltachta ina bhfuil an ráta níos airde ná an meánráta náisiúnta i láthair na huaire. 

Ráta 159 atá i nDún na nGall, 140 atá i Maigh Eo agus agus 136 atá i nGaillimh. Ráta 97 atá i bPort Láirge, 62 atá i gCiarraí agus 56 atá i gCorcaigh, an tríú ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe. Deimhníodh 223 cás nua den ghalar. 189 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 26 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog faighte ag 601,101 duine ó thuaidh agus na dara ceann faighte ag 46,927.

6,605 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,096 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,509 duine ó dheas di.

339,578 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 225,179 cás ó dheas den teorainn agus 114,399 cás ó thuaidh di.

Tá a mbeannacht tugtha ag an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) do shnáthaid Johnson & Johnson, an chéad vacsaín Covid-19 ar leor dáileog amháin di.

Tá Johnson & Johnson le 200 milliún dáileog a sholáthar don Aontas Eorpach agus tá 600,000 díobhsan le teacht go dtí an stát seo idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh.

Maítear go ndéanfaidh an vacsaín aon dáileoige athrú ó bhonn ar an bhfeachtas in aghaidh an ghalair ach tá deacrachtaí soláthair ann agus sciob sceab ar an tsnáthaid ar fud an domhain.

Fág freagra ar '592 cás nua den choróinvíreas fógartha, srianta in ionaid altranais le scaoileadh beagáinín'