591 cás eile den choróinvíreas fógartha, sé chomhairle curtha ar an bpobal faoi Cháisc

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte anois ag breis is 1.3 milliún duine, idir thuaidh agus theas

591 cás eile den choróinvíreas fógartha, sé chomhairle curtha ar an bpobal faoi Cháisc

Tá ochtar eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

591 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

276 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 62 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 18 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Tá oifigigh sláinte phoiblí ar dhá thaobh na teorann ag impí ar dhaoine cuidiú le  chéile agus cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí tráth seo na Cásca ar mhaithe le maidhm eile den Covid-19 a sheachaint.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, go ndearna formhór mór an phobail a míle dícheall go seasta le bliain anuas chun iad féin agus a muintir a chosaint agus d’impigh sé orthu an rud céanna a dhéanamh an deireadh seachtaine seo.

Chuir an Dr Ronan Glynn sé chomhairle ar an bpobal.

  1. Ná cas le mórán daoine agus ná buail leo ach amuigh faoin aer.
  2. Ná bí ag taisteal i gcarranna le daoine as líon tí eile.
  3. Seachain sluaite.
  4. Má bhíonn comharthaí slaghdáin ná fliú ort, fan amach ó chuile dhuine agus glaoigh ar dhochtúir teaghlaigh le tástáil Covid a shocrú duit – ná bac le ‘fan go bhfeice mé’.
  5. Má fuair tú vacsaín, ná déan dearmad nach mbeidh cosaint iomlán agat go ceann coicíse tar éis an dara snáthaid.
  6. Tugaigí misneach is uchtach dá chéile.

Dé Máirt seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 603,802 duine agus an dara dáileog faighte ag 236,759 duine.

Bhain 30 den 591 cás den Covid-19 a fógraíodh inniu le contae na Mí.

25 cás a bhí i nDún na nGall, 21 cás a bhí i nGaillimh agus 19 cás a bhí i gCorcaigh. Naoi gcás a bhí i gCiarraí agus bhí níos lú ná cúig chás i Maigh Eo agus níos lú ná cúig chás i bPort Láirge.

Meánráta 167 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an dara ráta is airde sa stát i nDún na nGall (286) go fóill agus tá an ráta i gcontae na Mí (228) níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 101 atá i nGaillimh, 100 atá i bPort Láirge agus 86 atá i Maigh Eo. Ráta 49 atá i gCorcaigh agus 26 atá i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

Bás amháin eile de dheasca an Covid-19 a bhí le fógairt ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann tráthnóna.

107 cás nua den ghalar a deimhníodh i measc an 2,048 duine ar cuireadh tástáil orthu. 112 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 17 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 765,005 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 153,454.

6,829 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,116 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,713 duine ó dheas di.

354,690 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 237,187 cás ó dheas den teorainn agus 117,503 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '591 cás eile den choróinvíreas fógartha, sé chomhairle curtha ar an bpobal faoi Cháisc'