590 lá gan Rialtas in Stormont– curiarracht dhomhanda nach aon údar gaisce í

Bheadh sé soineanta a bheith ag súil le comhréiteach idir an dá pháirtí go luath. Ach tá an ceart ag #WeDeserveBetter sa mhéid is go bhfuil gá le gníomhartha

590 lá gan Rialtas in Stormont– curiarracht dhomhanda nach aon údar gaisce í

590 lá anois! Agus a thuilleadh chugainn gan Feidhmeannas ná Tionól in Stormont.

Bhain an Bheilg an churiarracht in 2011-2012 nuair a bhí sí gan rialtas ar feadh 589 lá. Tá sé sin sáraithe inniu Dé Céadaoin an 29 Lúnasa ag Tuaisceart Éireann. Scéal thairis é ach ní cháilíonn an tuaisceart don churiarracht dhomhanda sa Guinness Book of Records mar nach rialtas ardcheannasach atá in Stormont, ach é faoi réim rialtas na Ríochta Aontaithe.

Tá daoine áirithe i measc an phobail an-chorraithe faoin easpa rialtais. Tháinig borradh ar na meáin shóisialta le cúpla seachtain faoi fheachtas #WeDeserveBetter chun léirsithe a eagrú i mbailte ar fud an réigiúin an lá a mbeadh muid 589 gan rialtas. Tá saontacht nó easpa scileanna polaitiúla le braistint ar an bhfeachtas, lucht a eagraithe ag iarraidh go mbeadh sé ‘neamhpholaitiúil’ cé gur ar an bpolaitíocht atá sé dírithe.

Is cosúil gurb é atá i gceist le ‘neamhpholaitiúil’ ná seachaint na gceisteanna nach raibh an DUP agus Sinn Féin in ann iad a réiteach. Ní raibh aon ghlacadh acu le cainteoirí ar son an phósta chomhghnéis ná an leasaithe ar reachtaíocht i leith an ghinmhillte. Táthar ag éileamh athbhunú Stormont gan na deacrachtaí ba chúis lena theip a bheith fuascailte.

Ar bhealach tá sé seo ag teacht le héileamh an DUP go ngabhfadh na páirtithe ar ais sa bhFeidhmeannas fad is a bheadh cainteanna réitigh ar siúl. Bhí Jeffrey Donaldson, aoire an DUP i Westminster, á mholadh sin ar RTÉ an tseachtain seo. Airíonn Sammy Wilson an frustrachas céanna le lucht #WeDeserveBetter a dúirt sé san Newsletter ach, ní nach ionadh, chuir seisean an milleán ar Shinn Féin faoin bpairilis. Ní hiontas ach an oiread go gcuireann Sinn Féin an locht ar an DUP agus iad ag tagairt don dréachtmhargadh a bhí acu leis an DUP i mí Feabhra ach nár sheas Arlene Foster ná a páirtí leis.

D’eascair feachtas #WeDeserveBetter as fístéip a d’fhoilsigh fear as Inis Ceithleann, Dylan Quinn, a bhfuil ceathrar clainne aige. Dúirt sé ar an téip gur theastaigh uaidh go ngabhfadh na polaiteoirí i mbun a gcuid oibre. Níl sé ag tacú le páirtí ar leith, a deir sé.

An bhfuil ciall lena éileamh? Tá NICVA, scáthghrúpa na n-eagraíochtaí deonacha, ag éileamh gníomh ón Státrúnaí Karen Bradley, a bhfuil beartais geallta aici le fada. Tá faillí á déanamh in an-chuid gnéithe den riar poiblí. Is furasta míshástacht Quinn agus go leor eile a thuiscint. Ach an bhfuil plean ‘neamhpholaitiúil’ réalaíoch?

Is iad an DUP agus Sinn Féin go príomha a chaithfeadh aontú le chéile chun obair a dhéanamh. Tá siad níos deighilte anois ná a bhí anuraidh. Thairis sin tá dhá chonstaic mhóra eile sa mbealach, an DUP a bheith ag coinneáil Theresa May i gcumhacht agus an Breatimeacht. Cuireann an dá  rud sin an comhoibriú ar bhonn comhionannais i mbaol.

Chuir a lucht tacaíochta brú ar Shinn Féin Stormont a fhágáil anuraidh mar go raibh beithé á dhéanamh díobh ag an DUP. Is deacair cúinsí a shamhlú a ligfeadh do Shinn Féin a dhul ar ais gan socrú a bheith déanta nó ar choinníollacha a bheadh níos measa ná a bhí acu nuair a shiúil siad amach i ngeall ar ‘shotal’ agus ‘drochmheas’ an DUP. Ba í an chonspóid faoin RHI, an scéim teasa in-athnuaite, agus neamhghéilliúlacht Arlene Foster maidir lena ról ina leith a thug an chúis go cnámh na huillinne ach bhí an caidreamh lochtach ar aon nós.

Ní fada anois go mbeidh Foster ar ais os comhair an Bhinse ag an bhFiosrú faoin RHI. Níor chuir sí lena clú mar aire cumasach, údarásach nuair a thug sí fianaise don Fhiosrú cheana; ní raibh a cuimhne thar mholadh beirte is cosúil agus chuir sí milleán ar fheidhmeannaigh seachas freagracht a ghlacadh as easnaimh ina roinn féin. Beidh an chéad seisiún eile níos déine agus Jonathan Bell, iarchomhghleacaí dá cuid, ag tabhairt fianaise nach mbeidh ag teacht le leagan Foster agus oifigigh an pháirtí.

Shílfeá gur maith a d’fheilfeadh sé do Shinn Féin fanacht ar an taobhlíne abhus fad is atá brú ar Foster agus an DUP. Ní hé sin le rá go dtiocfaidh siad saor ó cháim ar fad maidir leis na nósanna imeachta in Stormont nuair a bhí siad i gcumhacht leis an DUP- léirigh cuid den fhianaise ag Fiosrú an RHI go raibh an córas mífheidhmiúil ar go leor bealaí. Beidh siad ag fanacht chomh maith féachaint cad a thitfidh amach i dtaca leis an mBreatimeacht. Thairis sin beidh siad gafa le toghchán na huachtaránachta ó dheas.

Is cosúil go bhfuil an DUP sásta fanacht freisin. Tá siad lag d’ainneoin a mórtais as a gcumhacht mhór i Londain. Má tá obair ar siúl chun comhghéilleadh a dhíol leis an gcosmhuintir, is faoi rún é. Níl á rá ach gurb iad éilimh mhíréasúnta Shinn Féin, acht Gaeilge cuir i gcás, is cúis leis an tsáinn. Ní léir cén straitéis atá acu nó an bhfuil straitéis ar bith acu don fhadtéarma.

Bheadh sé soineanta a bheith ag súil le comhréiteach idir an dá pháirtí go luath. Ach tá an ceart ag #WeDeserveBetter sa mhéid is go bhfuil gá le gníomhartha. Don chuid eile, tá caonach liath ar an nath go bhfaighimid an rialtas a bhíonn tuillte againn ach tá údar leis. Na vótóírí a dhéanann an rogha!

Fág freagra ar '590 lá gan Rialtas in Stormont– curiarracht dhomhanda nach aon údar gaisce í'