574 cás nua den choróinvíreas fógartha, 56 duine eile básaithe

Tá breis is leathmhilliún dáileog den vacsaín tugtha do dhaoine go dtí seo sa Tuaisceart

574 cás nua den choróinvíreas fógartha, 56 duine eile básaithe

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 56 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

I mí Feabhra a bhásaigh 31 de na daoine sin, bhásaigh 13 duine acu an mhí seo caite agus bhásaigh triúr mí na Nollag nó níos luaithe. Tá bás naonúir eile fós á fhiosriú.

574 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

652 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 137 acusan in ICU.

Dé Domhnaigh seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 222,073 duine agus an dara dáileog faighte ag 131,898 duine.

Bhain 37 de chásanna an lae inniu le Gaillimh agus 35 cás a bhain le contae na Mí. Deimhníodh 21 cás i gceithre chontae Gaeltachta ar leith – Maigh Eo, Port Láirge, Dún na nGall agus Corcaigh. Bhain 11 cás le Ciarraí.

Thit an meánráta coicíse sa stát go dtí 231 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an dara ráta is airde sa stát i nGaillimh (327). Is i gCiarraí atá an ráta is ísle sa stát (46) agus tá an dara ráta is ísle i gCorcaigh (84).

Ráta 265 atá i Maigh Eo, 263 atá i bPort Láirge, 239 atá i gcontae na Mí agus 161 atá i nDún na nGall.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 260 cás nua den ghalar ansin tráthnóna. 335 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh inniu agus bhí 35 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Tá breis is leathmhilliún dáileog den vacsaín tugtha do dhaoine go dtí seo sa Tuaisceart. Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 478,825 duine agus na dara ceann faighte ag 31,345.

6,280 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,043 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,237 duine ó dheas di.

328,521 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 216,870 cás ó dheas den teorainn agus 111,651 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '574 cás nua den choróinvíreas fógartha, 56 duine eile básaithe'