57 cás nua ó dheas agus an chéad bhás fógartha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt le ceithre seachtaine anuas

Ní raibh bás ar bith le fógairt ag an Roinn Sláinte ó dheas agus ráta Covid-19 níos airde sa phobal ná mar atá sa Ríocht Aontaithe

57 cás nua ó dheas agus an chéad bhás fógartha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt le ceithre seachtaine anuas

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh 57 cás nua den ghalar Covid-19 deimhnithe sa Stát.

Bhain 19 acu le Cill Dara, 11 le Baile Átha Cliath, deich gcinn le hUíbh Fhailí, seacht gcinn le Luimneach agus bhí an chuid eile dóibh i gcontae an Chláir, Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí agus Cill Mhantáin.

Deimhníodh gur bhain 31 den 57 cás le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu. Bhain ocht gcinn eile de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal. Daoine faoi bhun 45 a bhí i gceist le 70% den 57 cás nua.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte gur “cloch choirnéil iarracht na tíre seo in aghaidh an Covid-19 go dtí seo an chaoi ar thacaigh an pobal ar fad le chéile.”

Beidh líon na gcásanna de Covid-19 “suas síos” ar feadh roinnt seachtainí agus ní bheidh cinnteacht ar bith go ceann seachtaine faoi mar atá ag éirí leis na srianta atá curtha i bhfeidhm i dtrí chontae i lár tíre, a dúirt an Dr Glynn ag preasagallamh na Roinne Sláinte tráthnóna inniu.

Dúirt sé go raibh súil aige go n-osclófaí na scoileanna i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhaillí ag deireadh na míosa ag an am céanna le scoileanna eile na tíre.

Dúirt an Dr Glynn nach gcuirfear locht ar bith ar dhuine a tholgann nó a scaipeann an galar agus nach bhfuil bunús ar bith le tuairimíocht nach bhfuil Covid-19 faoi smach anseo.

Dúirt Rachel Kenna, Príomhoifigeach Altrachta na Roinne Sláinte go raibh an Roinn ag iarraidh ar gach duine “clúdach aghaidhe a chaitheamh in ionaid faoi dhíon – siopaí, ollmhargaí, leabharlanna, músaeim, pictiúrlanna agus amharclanna.”

Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh sé an-tábhachtach go gcuimhneoimis “go bhfuil gach beart a iarrtar orainn a dhéanamh á iarraidh chun daoine leochaileacha sa tsochaí a chosaint ó ghalar an-chontúirteach. Tá COVID-19 fós ag scaipeadh sa phobal agus cuideoimid leis an slabhra scaipthe sin a bhriseadh gach uair a sheachnaímid áiteanna plódaithe, a choinnímid amach óna chéile agus a laghdaíonn muid an líon daoine a mbuailimid leo. Tharlódh gur ionann sin agus an galar a choinneáil ó sheanduine nó duine a bhfuil a shláinte leochaileach.”

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe tráthnóna go raibh duine amháin básaithe de dheasca Covid-19 ag an deireadh seachtaine, an chéad bhás atá fógartha acu de bharr an choróinvíris le ceithre seachtaine anuas.

Tuairiscíodh chomh maith gur deimhníodh 76 cás nua ó thuaidh ag an deireadh seachtaine.

2,329 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,772 duine ó dheas den teorainn agus 557 ó thuaidh di.

32,908 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,768 cás ó dheas agus 6,140 cás ó thuaidh.

Léiríonn sonraí a foilsíodh inniu go bhfuil ráta tolgtha an Covid-19 níos airde sa stát anois ná mar atá sa Ríocht Aontaithe, an chéad uair a raibh sé amhlaidh.

Tá an líon cásanna den Covid-19 in aghaidh gach 100,000 duine seacht n-uaire níos airde anois sa tír seo ná a bhí sé trí seachtaine ó shin. 16.9 cás in aghaidh gach 100,000 duine atá againn faoi láthair de réir an eolais is déanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. 16.5 an ráta sa Ríocht Aontaithe.

Na ráigeanna sna monarchana feola i gcontaetha Chill Dara agus Uíbh Fhailí is mó is cionsiocair leis an ardú seo.

De réir figiúirí a foilsíodh san The Irish Times níos túisce inniu, 138.4 in aghaidh gach 100,000 duine an meánráta don choicís seo caite i gcontae Chill Dara, 109 in aghaidh an 100,000 i gcontae Uíbh Fhailí agus 83.8 in aghaidh an 100,000 i gcontae Laoise. 17.5 an ráta náisiúnta a bhí ann sa tréimhse chéanna.

Tá srianta taistil i bhfeidhm sna trí chontae sin anois go dtí an 21 Lúnasa.

Faoi reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm inniu, caithfidh gach duine clúdach aghaidhe a chaitheamh i siopaí agus ionaid eile faoi dhíon. Cuireadh an dlí céanna i bhfeidhm ar an gcóras iompair poiblí an mhí seo caite

D’fhéadfaí fíneáil suas go €2,500 nó sé mhí príosúin a ghearradh ar aon duine, seachas i gcásanna eisceachtúla, a dhiúltaíonn clúdach aghaidhe a chaitheamh i siopaí éagsúla nó ar an gcóras iompair poiblí.

Fág freagra ar '57 cás nua ó dheas agus an chéad bhás fógartha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt le ceithre seachtaine anuas'