56 cás nua ó dheas agus rabhadh tugtha faoi shrianta áitiúla ó thuaidh

Deir saineolaí ar chúrsaí sláinte i dTuaisceart Éireann go dtarlódh go gcaithfí srianta a chur i bhfeidhm go logánta chun déileáil leis an ardú mór atá tagtha ar líon na gcásanna nua den choróinvíreas

56 cás nua ó dheas agus rabhadh tugtha faoi shrianta áitiúla ó thuaidh

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá 56 cás nua den ghalar Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Bhain 26 cás le Cill Dara agus 13 cás le Baile Átha Cliath. Bhain an chuid eile de na cásanna le 10 gcontae éagsúla.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 35 den 56 cás nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Bhain 12 de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 79% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 39 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ansin inniu.

Tá ráite ag saineolaí ar chúrsaí sláinte i dTuaisceart Éireann go dtarlódh go gcaithfí srianta a chur i bhfeidhm go logánta go luath chun déileáil leis an ardú mór atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag tolgadh an choróinvíris le déanaí.   

Deimhníodh 93 cás nua den Covid-19 i dTuaisceart Éireann ag an deireadh seachtaine, agus ba bheag nár dhúbail na cásanna ansin le seachtain.

Agus é ag caint ar Radio Ulster an BBC, dúirt an tOllamh Ian Young, an príomhchomhairleoir ar chúrsaí Eolaíochta i dTuaisceart Éireann, nach é an réiteach céanna a fhóireann do gach áit ó tharla go bhfuil ardú i bhfad níos mó ar na cásanna in áiteanna éagsúla.

Luaigh an tOllamh Young go raibh dhá cheantar Comhairle a raibh drochráigeanna den víreas iontu – Aontroim is Baile na Mainistreach agus Lár is Oirthear Aontroma.

Mheas an tOllamh Young gurbh fhearr bearta breise a chur i bhfeidhm go háitiúil seachas srianta breise a thabhairt isteach ar fud na sé chontae ar fad.

2,332 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,774 duine ó dheas den teorainn agus 558 ó thuaidh di.

33,743 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 27,313 cás ó dheas agus 6,430 cás ó thuaidh.

San Iodáil agus líon na gcásanna ag ardú, tá ordú tugtha ag na hÚdaráis clubanna oíche na tíre ar fad sa tír a dhúnadh go ceann trí seachtaine.

Bhí go leor cainte sna meáin le laethanta beaga anuas go raibh go leor daoine óga ag cruinniú le chéile ag dioscónna faoin aer agus bhí an-imní ar na húdaráis go scaipfí an víreas go rábach ag a leithéid d’ócáidí.

Beart nua eile atá tugtha isteach san Iodáil go mbeidh ar gach duine a bheidh in áiteanna poiblí san oíche masc a chaitheamh feasta.

Fág freagra ar '56 cás nua ó dheas agus rabhadh tugtha faoi shrianta áitiúla ó thuaidh'