5,471 cás nua den víreas fógartha, gan aon athrú ar líon na n-othar sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

5,471 cás nua den víreas fógartha, gan aon athrú ar líon na n-othar sna hospidéil

5,471 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

579 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, díreach mar a bhí ansin inné. Tá 122 díobhsan in aonad dianchúraim, cúigear níos mó ná mar a bhí i gceist inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,585 cás nua a fógraíodh.

341 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 29 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fógraíodh níos luaithe inniu go mbeidh ar dhaoine a thagann go hÉirinn ón Aoine bheag seo tástáil dhiúltach don Covid-19 a bheith déanta acu roimh ré.

Tá na rialacha taistil seo i measc na mbeartas nua a d’aontaigh an rialtas inniu chun dul i ngleic leis an maidhm cásanna is déanaí den ghalar agus an baol ón Omicron, an cineál nua den víreas.

Glacfar le tástáil PCR nó le tástáil antaigine atá déanta ag duine atá cáilithe go gairmiúil chun a leithéid a dhéanamh. Ní mór an tástáil PCR a fháil 48 uair an chloig roimh thaisteal agus 72 uair an chloig atá i gceist leis an tástáil antaigine.

Seiceálfaidh na comhlachtaí taistil na teastais tástála sula rachaidh daoine ar eitleán nó ar bhád chun na hÉireann.

Tuairiscítear gur thug an Rialtas a mbeannacht inniu chomh maith do na moltaí go gcaithfeadh páistí atá naoi mbliana nó os a chionn mascanna ar scoil agus go laghdófaí líon na gcoinní spraoi taobh istigh a bhíonn acu.

Is faoi thuismitheoirí agus scoileanna a bheidh sé na moltaí a chur i bhfeidhm.

Dúirt an tOmbudsman do Leanaí, Niall Muldoon, inniu go gcaithfeadh na beartais nua i dtaobh páistí a bheith cuí agus gur chóir athbhreithniú a dhéanamh orthu tar éis coicíse. Bhí 18 mí a raibh strus mór ag baint leo curtha isteach ag páistí na tíre, a dúirt sé.

Fág freagra ar '5,471 cás nua den víreas fógartha, gan aon athrú ar líon na n-othar sna hospidéil'