545,000 dáileog bhreise de shnáthaid BioNTech-Pfizer le fáil ag Éirinn

Dea-scéal é seo i ndiaidh dhá bhuille mór a buaileadh ar chlár vacsaínithe an Rialtais maidir le snáthaidí AstraZeneca agus Johnson & Johnson

545,000 dáileog bhreise de shnáthaid BioNTech-Pfizer le fáil ag Éirinn

Tá fáilte curtha ag an Taoiseach Micheál Martin roimh an scéala go bhfuil 545,000 dáileog bhreise de shnáthaid BioNTech-Pfizer le fáil ag Éirinn.

Cuirfear tús le dáileadh na vacsaíní breise an mhí seo.

Dea-scéal é seo i ndiaidh dhá bhuille mór a bheith buailte ar chlár vacsaínithe an Rialtais maidir le snáthaidí AstraZeneca agus Johnson & Johnson.

D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen inniu go bhfuil 50 milliún dáileog bhreise de shnáthaid Pfizer/BioNTech le fáil an AE as seo go ceann trí mhí.

Fágann sin, a dúirt Ursula von der Leyen, go bhfaighidh an tAE 250 milliún dáileog den tsnáthaid sa dara ráithe den bhliain. 

Thug sí le fios chomh maith go raibh idirbheartaíocht ar bun leis an dá chomhlacht faoi 1.8 billiún dáileog a fháil in 2022 agus 2023 dá ndara vacsaín Covid-19, vacsaín a rachaidh i ngleic le cineálacha nua den ghalar. 

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh go mbeidh an tAE ag brath níos mó feasta ar Pfizer/BioNTech chun an t-easnamh i soláthar Johnson & Johnson a chúiteamh agus chun dul i ngleic le cineálacha nua den ghalar amach anseo.

Tá Johnson & Johnson le dáileadh a vacsaín ar an AE a chur ar athlá agus sos ó úsáid na snáthaide molta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Mhol údaráis sláinte Stáit Aontaithe Mheiriceá go n-éireofaí as an tsnáthaid Johnson & Johnson fad is atá scrúdú á dhéanamh acu ar shé chás de théachtáin fola neamhghnácha ag daoine a fuair an vacsaín.

Bhíothas ag súil le 40,800 dáileog de shnáthaid Johnson & Johnson a fháil in Éirinn an mhí seo agus tá súil le 605,000 dáileog ar fad a fháil roimh dheireadh mhí an Mheithimh.

Cinneadh an tseachtain seo nach dtabharfaí an tsnáthaid AstraZeneca ach do dhaoine os cionn 60 bliain.

Tá an tionchar a bheidh ag an gcinneadh sin ar chlár vacsaínithe an Stáit á mheas ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Meastar go bhféadfadh go molfar mar réiteach ar chuid de na fadhbanna leis an soláthar vacsaíní go bhfágfaí tréimhse níos faide idir an chéad agus an dara dáileog. D’fhéadfadh chomh maith go dtabharfaí dáileog ó dhá chomhlacht éagsúil do dhaoine. D’fhéadfaí a mholadh chomh maith dlús a chur le dáileadh AstraZeneca do dhaoine idir 60-69.

Fuair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach amach “go bhféadfadh” go bhfuil nasc idir an tsnáthaid agus cásanna “fíor-annamha” de théachtáin fola neamhghnácha agus pláitíní fola a bheith íseal.

Formhór na gcásanna a tuairiscíodh bhain siad le mná faoi bhun 60 bliain d’aois a raibh an vacsaín AstraZeneca faighte acu taobh istigh de choicís roimhe sin.

As an 34 milliún duine a fuair an tsnáthaid AstraZeneca san Aontas Eorpach, sa Bhreatain agus i dtíortha eile tuairiscíodh 222 cás de théachtáin fola neamhghnácha.

Tá vacsaín aon dáileoige Johnson & Johnson faighte cheana féin ag beagnach seacht milliún duine i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fág freagra ar '545,000 dáileog bhreise de shnáthaid BioNTech-Pfizer le fáil ag Éirinn'