5,325 cás nua den choróinvíreas fógartha ach ‘feabhas beag’ tagtha ar chúrsaí

Tá laghdú tagtha le cúpla lá anuas ar an meánlíon teagmhálaithe a bhíonn ag duine atá buailte ag an ngalar

5,325 cás nua den choróinvíreas fógartha ach ‘feabhas beag’ tagtha ar chúrsaí

Tá 5,325 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

17 duine eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Cuireadh breis agus 100 duine eile san ospidéal le lá anuas de bharr an víris.

Tá 840 othar a bhfuil Covid-19 orthu sna hospidéil anois agus tá 76 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan tráthnóna go raibh brúisc mhór cásanna agus othar Covid-19 ann ach go bhféadfaí é seo a leigheas “go tapa” dá gcloífí leis na beartais “a d’oibrigh san earrach seo caite”.

Dúirt Holohan go raibh feabhas beag ar chúrsaí cheana féin agus laghdú tagtha le cúpla lá anuas ar an meánlíon teagmhálaithe a bhíonn ag duine atá buailte ag an ngalar.

Dúirt sé áfach go gcaithfeadh daoine leanúint den iarracht líon na dteagmhálaithe a bhíonn acu a laghdú sna seachtainí romhainn.

“Má fhanfaimid ar fad ag an mbaile agus má chloímid leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí, éireoidh linn an Covid-19 a chur faoi chois arís – rud a thabharfaidh cosaint do sheirbhísí riachtanacha oideachais agus sláinte agus, níos tábhachtaí ná aon ní eile, rud a thabharfaidh beatha daoine slán.”

Bhain 767 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 238 cás a bhí i nDún na nGall agus 196 cás nua a bhí i gcontae na Mí.

140 cás a bhí i nGaillimh, 122 cás a bhí i gCiarraí, 103 cás a bhí i bPort Láirge agus 99 cás a bhí i Maigh Eo.

Bhí 1,931 den 5,325 cás nua inniu i mBaile Átha Cliath.

Tá ráta scaipthe an Covid-19 sa stát imithe suas beagnach 100 le lá anuas, ó 582.8 go dtí 674.4 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Ráta 950.4 atá anois i nDún na nGall, 729.5 atá i Maigh Eo agus 605 atá i gcontae na Mí.

Ráta 587 atá i gCiarraí, 583.4 atá i gCorcaigh, 480.3 atá i bPort Láirge agus 456.1 atá i nGaillimh.

Tá cainteanna ar siúl idir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na hospidéil phríobháideacha maidir le leapacha breise a chur ar fáil le freastal ar an ngéarchéim atá ar na bacáin sa tseirbhís sláinte phoiblí agus Covid-19 ag scaipeadh go rábach.

Imní ar Martin faoin ‘milliún duine’ a bheadh ‘ar an mbóthar’ dá n-osclófaí na scoileanna

Ceaptar gur amhlaidh a dhéanfaidh na hospidéil éagsúla a socrú féin leis an HSE, socrú a sheasfaidh ar feadh bliana faoina mbeadh teacht ag an tseirbhís phoiblí ar chéatadán ar leith de na leapacha san ospidéal príobháideach. Tá tuairiscí ann gur 25% de na leapacha príobháideacha a bheadh ar fáil don tseirbhís phoiblí.

Dúirt Cumann an nOspidéal Príobháideach go raibh “dul chun cinn maith” déanta sna cainteanna ar mhaithe le cuidiú leis an gcóras poiblí sláinte déileáil leis an mbrúisc is déanaí den víreas.

Dúirt Liam Woods, Stiúrthóir Géar-Oibríochtaí an HSE ar maidin ar RTÉ nach raibh súil dá laghad acu go rachadh cúrsaí in olcas chomh gasta seo agus gurb é sin an fáth go dteastaíonn uathu na hospidéil a chosaint agus leapacha a chur ar fáil d’othair an Covid-19.   

Is chuige sin a cuireadh aon chúram ospidéil nach raibh práinneach ar ceal ach gheall Woods go bhfanfadh na hionaid éigeandála ag feidhmiú.

Níl ach 37 leaba in aonad dianchúraim sa tseirbhís phoiblí folamh inniu as 280 ceann ar fad. Tá súil go mbeidh 350 leaba dianchúraim ar fáil ach na cainteanna leis na hospidéil phríobháideach a  bheith curtha i gcrích go sásúil.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 18 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 1,378 cás nua den ghalar sa Tuaisceart.

513 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 39 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 101% de leapacha ospidéil an Tuaiscirt lán inniu.

3,666 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,282 duine ó dheas den teorainn agus 1,384 duine ó thuaidh di.

194,573 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 113,322 cás ó dheas agus 81,251 ó thuaidh.

Fág freagra ar '5,325 cás nua den choróinvíreas fógartha ach ‘feabhas beag’ tagtha ar chúrsaí'