53 folúntas ar bhoird Stáit faoi chúram na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh dheireadh na bliana seo

Beidh bord nua le ceapadh d’Fhoras na Gaeilge roimh dheireadh na bliana agus folúntais eile le líonadh ar bhoird Stáit faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

25/09/2014. Heather Humphreys. Pictured Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Heather Humphreys TD speaking at the opening the National Youth Arts Showcase in the National Museum in Dublin this afternoon. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
An tAire  Heather Humphreys. PICTIÚR: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá seacht gcinn d’fholúntais le líonadh faoi láthair ar bhoird Stáit a thagann faoi chúram na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta san áireamh folúntais amháin atá le líonadh ar bhord Údarás na Gaeltachta agus ceann eile ar bhord Fhoras na Gaeilge. An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, a thug an t-eolas seo mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Joe Costello (LO).

Thug an tAire Humphreys le fios freisin go mbeidh 46 folúntas eile le líonadh ar bhoird Stáit faoi chúram na Roinne idir seo agus deireadh na bliana. Beidh cathaoirleach, leaschathaoirleach agus 13 ball le ceapadh ar bhord Fhoras na Gaeilge.

Dúirt an tAire nach faoina cúram féin amháin a bheidh ceapadh bhaill bhord an Fhorais. Bunaíodh an Foras mar eagras trasteorann mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus dá thoradh sin beidh ceapadh na mball le déanamh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. I dTuaisceart Éireann a bheas leath na mball a cheapfar lonnaithe, ar an taobh theas den teorainn a bheas an chuid lonnaithe.

Thug an tAire le fios sa Dáil freisin go gcabhródh an t-athchóiriú atá déanta ar eagraíochtaí Stáit faoi scáth na Roinne leis an sprioc de €20m de shábháil airgid gealladh mar chuid den phróiseas athchóirithe. Mar chuid den iarracht sin, cuireadh deireadh le híocaíochtaí do chathaoirligh, do bhaill bhoird agus do choistí comhairleach. Socraíodh freisin go mbeadh seirbhísí á roinnt ag eagraíochtaí éagsúla ar a chéile, ina measc seirbhísí slándála, margaíochta agus stórála ar mhaithe le hairgead a shábháil.

Fág freagra ar '53 folúntas ar bhoird Stáit faoi chúram na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh dheireadh na bliana seo'