53 cás nua fógartha agus deireadh curtha leis na srianta i gCill Dara

Ní raibh bás ar bith de dheasca Coivd-19 le fógairt ó thuaidh ná ó dheas inniu

53 cás nua fógartha agus deireadh curtha leis na srianta i gCill Dara

Tá 53 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt.

Bhain 25 den 53 cás nua le Baile Átha Cliath agus 11 cás a bhí i Luimneach, mar a raibh 98 cás le coicís anuas.

Bhain an 17 cás eile le deich gcontae eile, Corcaigh, Ciarraí agus contae na Mí ina measc.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 27 de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu. Bhain 14 cás nua inniu le scaipeadh sa phobal.

Bhí 75% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Dúirt an Dr Glynn, an Príomhoifigeach Leighis gníomhach, go raibh 1,511 cás don Covid-19 ó dheas le coicís anuas.

Bhí 624 de na cásanna sin i mBaile Átha Cliath, 209 a bhí i gCill Dara, 132 cás a bhí i dTiobraid Árann, 98 acu a bhí i Luimneach agus 47 cás a bhí i Loch Garman. Bhain an 401 cás eile le 20 contae.

Fógraíodh níos luaithe tráthnóna go raibh deireadh á chur láithreach leis na srianta dianghlasála a bhí i bhfeidhm i gCill Dara le trí seachtaine anuas.

Mhol an Dr Glynn muintir Chill Dara as cloí leis na srianta.

“Ba mhaith liom an tionchar mór a bhí ag na srianta i gCill Dara le trí seachtaine ar dhaoine, ar phobail agus ar ghnóthaí a aithint. Is toradh é an feabhas atá tagtha ar scéal an víris ar thoil an phobail ar fad cloí leis na treoracha agus na srianta sláinte phoiblí agus na srianta a cuireadh i bhfeidhm.

“Ag cruinniú den Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí inniu, ghabh an fhoireann a mbuíochas le muintir Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí as a bhfoighne agus dúirt gur léirigh a ngníomhartha an méid is féidir a dhéanamh ach oibriú as lámha a chéile agus muid ár n-iompar féin agus ag cur an tsaoil dínn agus ag an am céanna, ag cosaint a chéile.”    

Ghabh an tAire Sláinte Stephen Donnelly a bhuíochas le muintir Chill Dara chomh maith.

“Is cúis áthais dom a fhógairt inniu gur féidir linn deireadh a chur leis na srianta sláinte phoiblí breise i gCill Dara. Tuigim gur tréimhse dheacair a bhí ann do dhaoine agus do lucht gnó i gCill Dara. Tá beatha daoine ina bpobal féin agus ar fud na tíre sábháilte acu de bharr a n-iarrachtaí.

“Cloch mhíle mhór atá inniu againn. Cruthaíonn an fhianaise ó Chill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí go n-éiríonn leis na beartais áitiúla. Agus an méid sin ar eolas againn beidh sé ina chuid thábhachtach dár bpleananna chun laghdú a dhéanamh ar scaipeadh an Covid-19 fad is atá ár sochaí agus ár ngeilleagar á n-athoscailt againn,” arsa an tAire Sláinte, Stephen Donnelly.

Bhí cruinniú ar maidin ag NPHET faoi na srianta i gCill Dara agus ba í an chomhairle a bhí acu i ndiaidh an chruinnithe sin ná deireadh a chur leis na beartais dianghlasála a tugadh isteach mar gheall ar bhrúisc cásanna.

Iarradh ar an 7 Lúnasa ar mhuintir Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí fanacht laistigh dá gcontae mura raibh taisteal riachtanach i gceist.

Cuireadh deireadh leis na srianta sa dá chontae eile tar éis coicíse, ar an 21 Lúnasa. Cuireadh síneadh coicíse leis na srianta taistil agus eile i gcás Chill Dara, mar a raibh líon na gcásanna den ghalar fós roinnt mhaith níos airde ná an chuid eile den tír.

30.6 cás den ghalar in aghaidh gach 100,000 duine atá sa stát le coicís anuas, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Laghdú é seo ar fhigiúir an lae inné – 31.2.

Idir an dá linn, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu 58 cás eile den Covid-19. Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt ó thuaidh.

Bhí 33 duine sna hospidéil ó dheas oíche aréir a raibh tástáil dhearfach faighte acu don Covid-19 agus bhí cúigear acusan in aonad dianchúraim.

17 othar atá buailte ag an Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh den teorainn agus beirt atá in ICU.

2,337 duine a fuair bás de dheasca an ghalair in Éirinn ó thosach na paindéime,1,777 duine ó dheas den teorainn agus 560 duine ó thuaidh di.

36,058 cás den ghalar atá deimhnithe ag na húdaráis sláinte, 28,813 cás ó dheas agus 7,245 ó thuaidh.

Fág freagra ar '53 cás nua fógartha agus deireadh curtha leis na srianta i gCill Dara'