529 cás nua den víreas fógartha, laghdú ar an tréimhse idir snáthaidí AstraZeneca deimhnithe

Dúirt an tAire Sláinte go ndéanfadh an cinneadh an tréimhse idir an dá shnáthaid den AstraZeneca a laghdú leas breis is 400,000 duine atá ag fanacht ar an dara dáileadh den vacsaín

529 cás nua den víreas fógartha, laghdú ar an tréimhse idir snáthaidí AstraZeneca deimhnithe

Tá 529 cás nua den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

86 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil agus 28 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly tráthnóna go laghdófaí an tréimhse idir an dá shnáthaid den AstraZeneca ó 12 seachtain go dtí ocht seachtaine.

Thug an Coiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC) comhairle níos luaithe an tseachtain seo go bhféadfaí an tréimhse idir an dá shnáthaid a laghdú.

Dúirt an tAire Donnelly go mbeadh an cinneadh chun leas breis is 400,000 atá ag fanacht ar an dara dáileadh den vacsaín AstraZeneca i láthair na huaire.

Dúirt an HSE inné go mbeadh impleachtaí an athraithe soiléir sna laethanta beaga seo ach go raibh “cinneadh mar sin ag brath go mór ar an soláthar vacsaíní ó AstraZeneca a dheimhneofar sna seachtaine beaga seo”.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 73 cás nua a deimhníodh.

19 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá duine amháin acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,078,917 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 692,206.

7,091 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,154 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

384,702 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 261,734 cás ó dheas den teorainn agus 122,968 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '529 cás nua den víreas fógartha, laghdú ar an tréimhse idir snáthaidí AstraZeneca deimhnithe'