52 fostaí breise á lorg ag Údarás na Gaeltachta chun a gcuid oibre a dhéanamh ‘go héifeachtach’

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie, tá cás á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta go dteastaíonn 141 fostaí buan uathu, méadú 58% ar an líon foirne atá faoi láthair acu

52 fostaí breise á lorg ag Údarás na Gaeltachta chun a gcuid oibre a dhéanamh ‘go héifeachtach’

Theastódh 52 ball foirne breise ó Údarás na Gaeltachta chun obair na heagraíochta a chur i gcrích.

Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Mícheál Ó hÉanaigh,  a thug an méid sin le fios do bhord na heagraíochta ag cruinniú a bhí acu anuraidh.

De réir miontuairiscí cruinnithe atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha an Údaráis ag an gcruinniú céanna gur fhág deacrachtaí buiséid na heagraíochta go raibh go leor ama á chaitheamh ag an bhfoireann ag iarraidh teacht ar fhoinsí maoinithe eile “in áit a bheith ag cur straitéis” an Údaráis féin i bhfeidhm.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go raibh dualgas breise na pleanála teanga anois ar an Údarás.

Cé go raibh an dualgas sin á chomhlíonadh go “fonnmhar” acu, theastódh maoiniú agus foireann bhreise “le cúraimí reachtúla agus straitéis” na heagraíochta a chur i bhfeidhm “go héifeachtach”.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go raibh “an t-am ann” go raibh 156 duine ag obair in Údarás na Gaeltachta agus nach raibh fostaithe faoi láthair acu ach 89 duine. 52 duine breise a theastaigh, a dúirt ceannasaí an Údaráis.

“Is 141 fostaí buan, an líon fostaithe atá á éileamh chun dualgais agus straitéis na heagraíochta a bhaint amach agus tá an eagraíocht ag iarraidh go n-oibreofaí i dtreo na sprice sin,” a dúirt sé.

Thug an Príomhfheidhmeannach le fios chomh maith go raibh Comhairleoir fostaithe ag an Údarás chun Tuarascáil Pleanála d’Fhórsa Saothair a ullmhú a chuirfí faoi bhráid Roinn na Gaeltachta chun riachtanais fostaíochta na heagraíochta a léiriú.

Dúradh ag an gcruinniú de Bhord an Údaráis mí Iúil seo caite go raibh glactha anois leis go raibh ardú ar bhuiséad caipitil na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga ag teastáil go géar.

Bhí maoiniú breise  ag teastáil chun “cothabháil leanúnach” a dhéanamh ar mhaoin, ar fhoirgnimh agus ar chórais séarachais chun go mbeifí réidh le “deiseanna” cruthaithe post a thapú.

Mhaígh an Príomhfheidhmeannach go bhféadfaí 645 post breise a chruthú dá mbeadh an buiséad ar fáil chuige.

Dúradh chomh maith ag an gcruinniú go raibh “easnamh ar an gcuntas reatha le roinnt blianta anuas” de bharr titim ar an dteacht isteach ó chíos mar gheall ar dhíol maoine agus de bharr íocaíochtaí pinsin agus cnapshuimeanna.

Dúirt an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha gur bhain an “brú” ar an gcaiteachas reatha le harduithe pá “mar a bhí leagtha síos sna comhaontuithe pá (den chuid is mó)” agus leis an laghdú ar an dteacht isteach ó chíos.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach  gur laghdú a tháinig ar an mbuiséad reatha nuair a chuirfí an boilsciú san áireamh.

Cé gur “cuidiú” an maoiniú breise a fuair an eagraíocht faoin gCiste Forbartha Fiontraíochta Réigiúnach agus an Coiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe in 2019, dúirt Mícheál Ó hÉanaigh nach raibh “dóthain” maoinithe fós ag an Údarás chun na tograí a bhí beartaithe aige a chur i gcrích.

D’aontaigh an bord go raibh “géarghá” le maoiniú agus foireann bhreise chun a chinntiú go bhféadfadh an eagraíocht a straitéis i leith na Gaeilge agus eacnamaíocht na Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Lean an plé faoin ngá le hardú buiséid ar aghaidh ag na cruinnithe eile a bhí ag bord an Údaráis in 2019.

€10 milliún an buiséad caipitil a ceadaíodh d’Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2020 a fógraíodh ag deireadh na bliana.

Méadú ab ea é ar an €9 milliún a fógraíodh sa bhuiséad agus sna meastacháin réamhbhuiséid an bhliain roimhe sin. Ach ó tharla gur tugadh €700,000 eile don eagraíocht in 2019 le caitheamh ar thograí caipitil, ní bheidh ach €300,000 níos mó le caitheamh acu in 2020.

€9.602 milliún an buiséad reatha a fógraíodh do riaradh na heagraíochta in 2020.

€16.5 milliún d’airgead caipitil a dúirt an tÚdarás a bhí riachtanach in 2020 agus €11.5 milliún a dúradh a bhí riachtanach mar bhuiséad reatha.

Nuair a fiafraíodh d’Údarás na Gaeltachta cheana faoin mbaol go mbeadh gá acu le ciorruithe a dhéanamh i mbliana, dúradh nach raibh aon ráiteas le déanamh acu faoin scéal “ag an tráth seo”.

Fág freagra ar '52 fostaí breise á lorg ag Údarás na Gaeltachta chun a gcuid oibre a dhéanamh ‘go héifeachtach’'