52 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas agus imní faoi ‘réchúis’ an phobail

1,357 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,063 duine ó dheas den teorainn agus 294 duine ó thuaidh di

52 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas agus imní faoi ‘réchúis’ an phobail

Tá 52 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas.

1,357 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,063 duine ó dheas den teorainn agus 294 duine ó thuaidh di.

Fógraíodh go raibh 377 cás nua den choróinvíreas deimhnithe agus 18, 561 cás san iomlán atá deimhnithe ó dheas.

127,319 tástáil do Covid-19 atá déanta ó dheas ó thús na ráige.

I dteannta a chéile atá an Roinn Sláinte ag cur na bhfigiúirí ar fáil anois do na daoine ar deimhníodh Covid-19 mar shiocair bháis acu agus na daoine gur dócha le dochtúir gurbh é.

Den 52 bás a fógraíodh inniu, deimhníodh 42 acu i saotharlann. Sa deich gás eile chreid doctúir go raibh baint ag an ráig den Covid-19 leis an mbás.

Triúr ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nach amhlaidh an scéal.

Fógraíodh níos túisce inniu go raibh 16 duine eile básaithe in ospidéil an Tuaiscirt.

Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur bhásaigh 21 duine in aon teach altranais amháin i mBaile Átha Cliath, Ospidéal Naomh Muire i bPáirc an Fhionnuisce.

Tá áit do nach mór 200 duine san ionad cónaithe ina ndéantar cúram do dhaoine atá amach sna blianta.

Is é cás Ospidéal Naomh Muire an léiriú is duairce ar chruachás na n-ionad cónaithe agus cúraim a bhfuil “géarchéim náisiúnta” tugtha air.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 17,975 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Déardaoin seo caite, an 23 Aibreán:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • 401 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 1,795  cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 49 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 2,536 duine, 14%
  • As na daoine sin, cuireadh 344 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim,
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 4,847 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 9,010 cás, nó 50%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,103       cás, nó 6%
  • 332 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.8%), 276 a bhí i gcontae Chiarraí (1.5%), 437 cás a bhí i nDún na nGall (2.4%),395 cás a bhí i Maigh Eo (2.2%), 129 cás a bhí i bPort Láirge (0.7%) agus 578 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 63.4% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 32.9% agus taisteal thar lear ba chúis le 3.7%

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris dá mba inniu a bhí cinneadh le déanamh faoi na srianta dianghlasála a mhaolú nach ndéanfaí níos boige iad.

Údar imní é ag na húdaráis sláinte go bhfuil daoine ag éirí réchúiseach faoin scoitheadh sóisialta agus na beartais eile a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an ngalar a bhfuil nach mór 200,000 duine sa domhan curtha den saol aige.

Comhartha amháin go raibh daoine ag éirí níos réchúisí faoi na srianta ná go raibh an Prom i mBóthar na Trá sa Ghaillimh plódaithe le daoine amuigh ag siúl inniu.

Dúirt an Dr Tony Holohan tráthnóna inné go mbeadh sainmhíniú nua á dhéanamh ar na critéir thástála do chásanna den víreas i dtús na seachtaine seo chugainn.

Ón tráth sin ar aghaidh beidh duine nach bhfuil air ach ceann amháin de na comharthaí sóirt den Covid-19, giorra anála nó fiabhras mar shampla, in ann iarraidh ar an dochtúir teaghlaigh iad a chur ar aghaidh i gcomhair tástála. Tabharfar tús áite do dhaoine atá leochaileach agus nach bhfuil aon acmhainn acu ar aon ionfhabhtú.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gurb amhlaidh go gcaithfí síneadh ama trí seachtaine eile a chur leis an dianghlasáil má bhíonn daoine ag sárú na srianta Covid-19, fiú ar feadh cúpla uair an chloig.

Dúirt sé go raibh greim maith againn ar an ngalar sa phobal agus go raibh seans maith go maolófaí na srianta ar an 5 Bealtaine.

“Fúinne go léir atá sé,” a dúirt sé.

Éinne a bheadh ag cuimhneamh ar neamhaird a dhéanamh ar na srianta, ba chóir dóibh cuimhneamh go mbeadh praghas le híoc ar a gcinneadh, arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Fág freagra ar '52 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas agus imní faoi ‘réchúis’ an phobail'