52 cluiche CLG le craoladh mar chuid de sceideal nua GAA BEO ar TG4

Beidh cluichí ó chraobhacha na gclubanna, Sraitheanna Náisiúnta Allianz, na comórtais tríú leibhéal, peil na mban agus tuilleadh le feiceáil ar TG4

52 cluiche CLG le craoladh mar chuid de sceideal nua GAA BEO ar TG4

Déanfaidh TG4 craoladh ar bhreis agus leathchéad cluiche ó thús mhí Eanáir go deireadh mhí an Mhárta agus clúdach CLG an stáisiún fógartha tráthnóna.

Beidh cluichí ó chraobhacha na gclubanna, Sraitheanna Náisiúnta Allianz, na comórtais tríú leibhéal, peil na mban agus tuilleadh le feiceáil.

Is iad babhtaí leathcheannais na hÉireann i gcraobhacha na gclubanna a chuirfidh tús leis an gclúdach agus na ceithre chluiche leathcheannais sna craobhacha sinsir peile agus iomána le taispeáint ar TG4 ar an 4 agus ar an 5 Eanáir.

Beidh cluiche leathcheannais Mhicheál Breathnach sa Chraobh Shóisir Iomána le feiceáil beo ar chainéal YouTube Spórt TG4 chomh maith. Tabharfaidh an fhoireann Ghaeltachta aghaidh ar Fhánaithe an Ruiséalaigh as Corcaigh ar an 5 Eanáir.

Déanfaidh TG4 beochraoladh ar chluichí ceannais na gcraobhacha sinsir peile agus iomána ar an 19 Eanáir agus beidh na cluichí ceannais sna craobhacha sóisir agus idirmheánacha le feiceáil ar Youtube.

Cuirfear tús leis an gclúdach ar an tSraith Náisiúnta Iomána Dé Domhnaigh, an 26 Eanáir, agus beidh an cluiche idir Port Láirge agus Corcaigh le feiceáil beo ar TG4. Déanfar craoladh iarbheo ar an gcluiche idir Cill Chainnigh agus Áth Cliath an lá céanna.

Tabharfar tús áit don iomáint an tseachtain dár gcionn chomh maith agus beidh an cluiche idir Luimneach agus Gaillimh beo ar TG4. Beidh clúdach iarbheo ansin ar an gcluiche iomána idir Loch Garman agus an Clár agus ar an gcluiche peile idir an Mhí agus Dún na nGall.

Beidh an Mhí agus Dún na nGall ar an scáileán arís Dé Domhnaigh, an 9 Feabhra. Craolfar trí chluiche peile an lá sin, an cluiche idir an Mhí agus Maigh Eo, an ceann idir Dún na nGall agus Gaillimh agus an cluiche idir Tír Eoghain agus Ciarraí.

Socrófar na cluichí eile sna Sraitheanna Náisiúnta a bheidh á gcraoladh níos gaire den am.


Dé Sathairn an 4 Eanáir

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Leathcheannais Peile na Sinsear

Cora Finne v Raonaithe Nemo

Naomh Éanna Baile Baodáin v Cill Chua

 

Dé Domhnaigh an 5 Eanáir

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Leathcheannais Iomána na Sinsear

Seamróga Bhaile Héil v Sleacht Néill

Buiríos Ó Luigheach v Naomh Tomás

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Leathcheannais Iomána na Sóisear

Mícheál Breathnach v Fánaithe an Ruiséalaigh,

Beo ar YouTube Spórt TG4 ó 1.25pm

 

Dé Sathairn an 18 Eanáir

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Ceannais Sóisir & Idirmheánacha Iomána

 

Beo ar YouTube SpórtTG4

Cluiche Ceannais Chorn Mhic Cionnaith Bhanc na hÉireann

Beo ar YouTube SpórtTG4

 

 

Dé Domhnaigh an 19 Eanáir

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Ceannais Sinsir Peile & Iomána

 

Dé Sathairn an 25ú Eanáir

Craobhchomórtais AIB na gClubanna – Cluichí Ceannais Sóisir & Idirmheánacha Peile

Beo ar YouTube SpórtTG4

 

Dé Domhnaigh an 26 Eanáir

Sraitheanna Allianz

BEO:  Port Láirge v Corcaigh (Iomáint)

IARBHEO:  Cill Chainnigh v Baile Átha Cliath (Iomáint)

 

Dé Céadaoin an 29 Eanáir

Cluiche Ceannais Chorn Sigerson Electric Ireland

Beo ar YouTube SpórtTG4

 

Dé Sathairn an 1 Feabhra

Cluichí Ceannais Uile-Éireann Scór na nÓg

Beo ar YouTube SpórtTG4

 

Dé Domhnaigh an 2 Feabhra

Sraitheanna Allianz

BEO:  Luimneach v Gaillimh (Iomáint)

IARBHEO 1:  Loch Garman v An Clár (Iomáint)

IARBHEO 2: An Mhí v Dún na nGall (Peil)

 

Dé Domhnaigh an 9 Feabhra

Sraitheanna Allianz

BEO/IARBHEO:  An Mhí v Maigh Eo (Peil)

BEO/IARBHEO:  Dún na nGall v Gaillimh (Peil)

BEO/IARBHEO: Tír Eoghain v Ciarraí (Peil)

*Roghnú beo ag brath ar thorthaí Bhabhtaí 1 & 2. 

 

Dé Céadaoin an 12 Feabhra

Cluiche Ceannais Chorn Mhic Giobúin Electric Ireland

Beo ar YouTube SpórtTG4

 

Dé hAoine an 14 Feabhra

Gradaim Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael

 

Dé Domhnaigh an 16 Feabhra

BEO & IARBHEO x3 chluiche:  Sraitheanna Allianz – Iomáint Babhta 3

 

Dé Domhnaigh an 23 Feabhra

BEO & IARBHEO x3 chluiche:  Sraitheanna Allianz – Iomáint & Peil Babhta 4

 

Dé Domhnaigh an 1 Márta

BEO & IARBHEO x3 chluiche:  Sraitheanna Allianz – Iomáint & Peil Babhta 5

 

Dé Céadaoin an 4 Márta

Craobhchomórtas Peile Eirgrid Faoi 20 – Cluiche Ceannais na Mumhan

 

Dé hAoine an 6 Márta

Craobhchomórtas Peile Eirgrid Faoi 20 – Cluiche Ceannais Laighean

7 – 8 Márta 

BEO – Sraitheanna Allianz – Cluichí Ceathrú Ceannais Iomána x2

 

Dé Sathairn an 14 Márta

Cluiche Ceannais Chorn Uí Chonchúir Gourmet Food Parlour Pheil na mBan

 

14-15 Márta

BEO – Sraitheanna Allianz – Cluichí Leathcheannais Iomána & Peile Babhta 6 

  

Dé Máirt an 17 Márta

Craobhchomórtas Peile Eirgrid Faoi 20 – Cluichí Leathcheannais na hÉireann

 

Dé Domhnaigh an 22 Márta

BEO – Sraitheanna Allianz – Cluiche Ceannais Iomána & Peile Babhta 7

 

28-29 Márta

Craobhchomórtas Peile Eirgrid Faoi 20 – Craobh na hÉireann

 

Dé Sathairn an 28 Márta

BEO – Sraitheanna Allianz – Cluichí Ceannais Peile Sraitheanna 3&4

Cluichí Ceannais Iomána na nIar-Bhunscoileanna

Beo ar YouTube SpórtTG4

 

Dé Domhnaigh an 29 Márta

BEO – Sraitheanna Allianz – Cluichí Ceannais Peile Sraitheanna 1&2

 

Dé Sathairn an 4 Aibreán

Cluichí Ceannais Peile na nIar-Bhunscoileanna

Beo ar YouTube SpórtTG4

Fág freagra ar '52 cluiche CLG le craoladh mar chuid de sceideal nua GAA BEO ar TG4'