5,000 leabhar Gaeilge le bronnadh saor in aisce ar choláistí samhraidh ar fud na Gaeltachta

Cló Iar-Chonnacht a chuir an scéim nua Léim! ar bun agus é mar aidhm aici an léitheoireacht Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga a fhreastalaíonn ar choláistí samhraidh

5,000 leabhar Gaeilge le bronnadh saor in aisce ar choláistí samhraidh ar fud na Gaeltachta

Tá 5,000 leabhar Gaeilge le bronnadh ag Cló Iar-Chonnacht ar choláistí samhraidh ar fud na Gaeltachta.

Féadfaidh Coláistí Samhraidh clárú leis an scéim nua chun cóipeanna saor in aisce a fháil, ón teach foilsitheoireachta i gConamara, de na leabhair Ghaeilge ar liosta na scéime Léim!. Roghnaíodh na leabhair atá ar an liosta toisc iad a bheith oiriúnach do dhaltaí a bheadh ag freastal ar na cúrsaí Gaeltachta.

Tá suas le 10 gcoláiste samhraidh cláraithe cheana féin chun páirt a ghlacadh i Léim! agus beidh deis ag coláistí eile cur isteach ar an scéim nó go mbeidh an stoc 5,000 leabhar imithe.

D’fhéadfadh go gcuirfear an scéim ar bun arís an bhliain seo chugainn ag brath ar an rath a bheidh i mbliana uirthi.

Dúirt Stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, an scríbhneoir aitheanta Micheál Ó Conghaile, go raibh súil aige “go gcothóidh an scéim seo grá don léitheoireacht i measc Gaeilgeoirí a fhreastalaíonn ar na coláistí Gaeilge is go gcabhróidh sé go ginearálta chun an litearthacht a chur chun cinn”. 

Tá cuireadh tugtha do na coláistí samhraidh páirt a ghlacadh sa scéim cheana féin agus tabharfar tús áite do na chéad choláistí a dhéanann teagmháil le Cló Iar-Chonnacht. 

Cuirfidh Cló Iar-Chonnacht leabhar Gaeilge ar fáil saor in aisce do gach scoláire atá ag freastal ar na cúrsaí Gaeilge sna coláistí atá páirteach sa scéim an samhradh seo.

Moltar go léifeadh gach dalta na leabhair mar chuid de ghrúpa nó astu féin. 

“Tá súil againn ar an gcaoi seo go mbeidh blaiseadh de nua-litríocht na Gaeilge faighte ag na scoláirí agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé tús le nós léitheoireachta ina saol,” a dúirt Micheál Ó Conghaile. 

Ba é Coláiste Chamuis i gConamara an chéad choláiste a ghlac páirt sa scéim nua. Dúirt Cathaoirleach an Choláiste sin, an tOllamh Gearóid Denvir, gurb é mana an Choláiste gur “deis iontach an scéim shamhlaíoch Léim! le daoine óga a mhealladh i dtreo na léitheoireachta Gaeilge”. 

I measc na gColáistí eile as Co na Gaillimhe atá ag glacadh páirt sa scéim Léim! go dtí seo, tá: Coláiste Uí Chadhain, Coláiste Chiaráin, Coláiste Cholumba, Coláistí na nOileán, Coláiste Inis Meáin, Coláiste Chonnacht.

Tá Coláiste UISCE i gCo Mhaigh agus Coláiste Aoidh Mhic Bhricne i gCo Dhún na nGall páirteach sa scéim chomh maith. 

Fág freagra ar '5,000 leabhar Gaeilge le bronnadh saor in aisce ar choláistí samhraidh ar fud na Gaeltachta'

  • Gabriel Rosenstock

    An leanfaidh foilsitheoirí eile an dea-shampla seo?